NUI Galway Leaps 125 Places in World University Rankings

Oct 08 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway has jumped a significant 125 places, the highest leap among all Irish universities, in the newly published Times Higher Education-QS World University Rankings. The ranking now places NUI Galway among the top 250 universities in the world, listed at 243 among 621 institutions. This is the second year in a row that NUI Galway has risen in the rankings, having moved up 116 places in 2008. Dr James J. Browne, President of NUI Galway said of the achievement: "This is excellent news for NUI Galway and a fitting acknowledgement of the exceptional developments in teaching and research that have taken place at this University in recent years. Times Higher Education-QS World University Rankings is one of the best regarded evaluations of higher education in the world and it is great to see NUI Galway making its mark on that ranking. This increase to 243rd in the world, is the second consecutive jump for NUI Galway, and represents an increase of almost 250 places in the last two years,. This result, together with the recent award of the 2009 Sunday Times University of the Year, confirms NUI Galway's position as one of Ireland's leading universities, and a growing force on the international stage". President Browne added: "Indeed, the performance of the Irish universities in general in this year's Ranking highlights the excellent research taking place in all of our institutions and underlines the need for continued investment in research if Ireland is to maintain and enhance its position within higher education globally". NUI Galway is also now in the top 300 ranking of universities for Arts and Humanities (272) as well as Life Sciences and Biomedicine (250) in the Times Higher Education-QS World University Rankings' discipline categories. The Times Higher Education-QS World University Rankings have been running since 2004 and are amongst the highest profile global evaluations of comparative university quality. The QS World University Rankings were conceived to present a multi-faceted view of the relative strengths of the world s leading universities. The calculations leading to the Times Higher Education-QS World University Rankings are based on data gathered in the following categories: Academic Peer Review, Employer Review, International Faculty Ratio, International Student Ratio, Student Faculty Ratio, and Citations per Faculty (citation data supplied by Scopus). Weightings are decided upon by Times Higher Education based on its opinion of the importance of the measured criteria balanced against the effectiveness of the indicator to evaluate the intended measure.
Léim 125 Áit Tógtha ag OÉ Gaillimh i Rangú Ollscoileanna an Domhain
(View in English) Tá OÉ Gaillimh tar éis léim 125 áit a thabhairt, an léim is mó a rinne aon ollscoil in Éirinn, i Ranguithe Ollscoileanna an Domhain an Times Higher Education-QS. Tá OÉ Gaillimh i measc an 250 ollscoil is fearr ar domhan anois, agus an 243ú háit as 621 institiúid bainte amach aici. Seo an dara bliain as a chéile ar ardaigh rangú OÉ Gaillimh; léim sí 116 áit in 2008. Bhí an méid seo le rá ag an Dr James Browne, Uachtarán, OÉ Gaillimh faoin éacht seo: "Is an-scéal é seo do OÉ Gaillimh agus is aitheantas cuí é ar an bhforbairt eisceachtúil atá déanta ar an teagasc agus ar an taighde san Ollscoil seo le blianta beaga anuas. Tá measúnú Ranguithe Ollscoileanna an Domhain an Times Higher Education-QS ar cheann de na measúnuithe ar chúrsaí airdoideachais is measúla ar domhan agus is iontach an rud é go bhfuil OÉ Gaillimh i lár an aonaigh ann. Leis an léim seo atá tugtha ag OÉ Gaillimh chuig an 243ú háit ar domhan, an dara léim as a chéile, tá an ollscoil tar éis léim beagnach 250 áit a thógáil le dhá bhliain anuas. Léiríonn an toradh seo, mar aon leis an ngradam a bronnadh orainn le gairid mar Ollscoil na Bliana 2009 an Sunday Times, go bhfuil OÉ Gaillimh ar cheann de na hOllscoileanna is fearr in Éirinn agus go bhfuil an tionchar atá aici go hidirnáisiúnta ag fás." Dúirt an tUachtarán an méid seo a leanas chomh maith: "Go deimhin, léiríonn a fheabhas a d'éirigh le hOllscoileanna na hÉireann i gcoitinne i Rangú na bliana seo an taighde den scoth atá ar bun inár n-institiúidí ar fad agus léiríonn sé an gá atá le hinfheistiú leanúnach sa taighde má táthar le seasamh na hÉireann laistigh den ardoideachas go domhanda a choinneáil agus a neartú." Tá OÉ Gaillimh i rangú an 300 ollscoil sna Dána agus sna Daonnachtaí (272) agus sna hEolaíochtaí Saoil agus sa Bhithleigheas (250) anois chomh maith i gcatagóirí disciplíní Ranguithe Ollscoileanna an Domhain an Times Higher Education-QS. Tá Ranguithe Ollscoileanna an Domhain an Times Higher Education-QS ar bun ó 2004 agus tá siad ar na measúnuithe domhanda ar chaighdeán ollscoileanna is mó a mbíonn aird ag an bpobal orthu. Bunaíodh Ranguithe Ollscoileanna an Domhain an QS le léargas ilghnéitheach a thabhairt ar láidreachtaí scothollscoileanna an domhain. Bíonn na torthaí as a dtagann Ranguithe Ollscoileanna an Domhain an Times Higher Education-QS bunaithe ar shonraí a bhailítear sna catagóirí seo a leanas: Athbhreithniú Acadúil ó Phiaraí, Athbhreithniú Fostóra, Cóimheas Dáimhe Idirnáisiúnta, Cóimheas Mac Léinn Idirnáisiúnta, Cóimheas Dáimhe Mac Léinn, agus tagairtí de réir Dáimhe (Scopus a chuireann na sonraí tagairtí ar fáil). Socraíonn an Times Higher Education na hualuithe bunaithe ar an tuairim atá aige faoi thábhacht na gcritéar tomhaiste i gcomparáid le héifeachtacht an táscaire leis an tomhas atá i gceist a mheas.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories