NUI Galway Recognises Leaving Certificate Excellence

Oct 19 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway recently celebrated the success of a select group of first-year students who received a total €107,100 in recognition of the high points they achieved in the recent Leaving Certificate Examination. As part of the University's annual Entrance Scholarships, 63 students received €1,700 each, along with a NUI Galway scroll, at a special ceremony which included teachers and parents on Thursday, 15 October, 2009. Entrance Scholarships are given annually to new entrants at NUI Galway who reached a minimum of 560 points in their Leaving Certificate examination, except in Medicine. In Medicine 10 Scholarships were awarded, based on the combined results in the Leaving Certificate and the new Admissions Test (H-PAT Ireland). Designed to attract the best students to NUI Galway and reward their academic excellence, the awards may be held with any other scholarships or grants, including the University's extensive Sports Scholarship Scheme. NUI Galway also awards 25 Bursaries annually, each worth €1,600, to support students who take a significant proportion of their course through Irish. Speaking at the award ceremony, NUI Galway President Dr James J. Browne, who presented the cheques to each individual winner, said: "We are delighted to recognise the academic talent of these 63 outstanding individuals from all over Ireland. NUI Galway strives constantly to support and promote academic excellence across all disciplines. The Entrance Scholarships ceremony is an opportunity to give special recognition to our first year students who have already shown academic prowess through their Leaving Certificate results. It is also a chance to give due credit to their parents and teachers for their contribution to such success. We welcome them to NUI Galway and look forward to nurturing their academic talent and supporting them throughout their years of study". This year Entrance Scholarships were awarded to students from 47 individual schools throughout Ireland. The winners represented 13 counties including Carlow, Clare, Cork, Donegal, Galway, Laois, Limerick, Kerry, Kilkenny, Mayo, Monaghan, Sligo, and Westmeath.
Tugann OÉ Gaillimh Aitheantas d'Éachtaí a cuid Mac Léinn
(View in English) Rinne OÉ Gaillimh ceiliúradh le gairid ar a fheabhas a d'éirigh le grúpa ar leith de mhic léinn chéad bhliana ar bronnadh €107,100 san iomlán orthu mar aitheantas as na pointí arda a bhain siad amach i Scrúdú na hArdteistiméireachta le gairid. Mar chuid de Sparánachtaí Iontrála bliantúla na hOllscoile, fuair 63 mac léinn €1,700 an duine, mar aon le scrolla OÉ Gaillimh, ag searmanas speisialta ar fhreastail múinteoirí agus tuismitheoirí air Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair 2009. Bronntar Scoláireachtaí Iontrála gach bliain ar mhic léinn, seachas mic léinn Leighis, atá díreach tosaithe ag freastal ar OÉ Gaillimh agus a fuair 560 pointe, ar a laghad, i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Sa Leigheas, bronnadh 10 Scoláireacht, bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta agus na Tástála Iontrála nua (H-PAT Ireland) araon. Is féidir na gradaim seo, a bhfuil sé de chuspóir leo na mic léinn is fearr a mhealladh chuig OÉ Gaillimh agus a bhfeabhas acadúil a chúiteamh leo, a choinneáil i gcuideachta aon scoláireachtaí nó aon deontas eile, Scéim leathan Scoláireachtaí Spóirt na hOllscoile san áireamh. Chomh maith leis sin, bronnann OÉ Gaillimh 25 Sparánacht gach bliain ar fiú €1,600 an ceann iad agus a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le mic léinn a thugann faoi sciar suntasach dá gcúrsa staidéir trí mheán na Gaeilge. Ag labhairt dó ag an searmanas bronnta, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr James J. Browne, a bhronn na seiceanna ar na buaiteoirí ar fad: "Cúis áthais dúinn a bheith in ann aitheantas a thabhairt d'éachtaí acadúla an 63 mac léinn seo as gach cearn den tír. Déanann OÉ Gaillimh iarracht i gcónaí tacú le feabhas acadúil i ngach uile dhisciplín agus é a spreagadh. Deis é Searmanas Bronnta na Scoláireachtaí Iontrála le haitheantas a thabhairt dár mic léinn chéad bhliana a bhfuil a gcumas acadúil léirithe acu cheana féin bunaithe ar na torthaí a fuair siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Deis atá ann freisin le haitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag a dtuismitheoirí agus ag a múinteoirí. Cuirimid fáilte chroíúil rompu chuig OÉ Gaillimh agus táimid ag tnúth lena gcumas acadúil a fhorbairt agus le tacú leo sna blianta amach romhainn". Bronnadh Scoláireachtaí Iontrála na bliana seo ar dhaltaí as 47 scoil éagsúil ar fud na tíre. Ba as 13 chontae na mic léinn bhuacacha – Ceatharlach, An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Laois, Luimneach, Ciarraí, Cill Chainnigh, Maigh Eo, Muineachán, Sligeach agus an Iarmhí.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories