Bronnadh seic €5,000 ar Choiste Tuismitheoirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Wednesday, 20 April 2011

Bhronn mic léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua seic €5,000 ar Choiste Tuismitheoirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an Déardaoin, 14 Aibreán 2011. Bailíodh an t-airgead seo i rith Sheachtain na Mac Léinn (14-17 Márta 2011) san Acadamh ar an gCeathrú Rua. Tá feachtas bailiúchán airgid ar bun faoi láthair ag Coiste na dTuismitheoirí agus cabhróidh an t-airgead le háiseanna spóirt a fheabhsú agus a fhorbairt sa scoil. Bhí mic léinn agus foireann an Acadaimh le feiceáil thart timpeall na Ceathrún Rua le linn Sheachtain na Mac Léinn ag bailiú airgid, go háirithe ar an Máirt, 15 Márta mar a rinne siad brú leapa ó TG4 anoir go dtí An Cheathrú Rua. I measc na n-imeachtaí a bhí eagraithe bhí clár beo Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Brú Leapa ó TG4 go dtí An Cheathrú Rua, Oíche Scóladh na Scoláirí, buíon ceoil sna tithe tabhairne, Lá Spóirt, Comórtas Scoraíochta srl. D'eagraigh An Cumann Sóisialta na himeachtaí ar fad agus is iontach an scéal é go bhfuil €5,000 bailithe acu i bhfianaise a laghad airgid atá le caitheamh ag daoine. Ba seo an cúigú Seachtain na Mac Léinn ar an gCeathrú Rua. Cuireann mic léinn agus foireann an Acadaimh an-bhéim ar charanachtaí agus le cúig bliana anuas, tá suas le €25,000 bailithe ag muintir an Acadaimh do charanachtaí áitiúla. "Táimid thar a bheith buíoch díobh siúd ar fad a thug tacaíocht dúinn", a dúirt Oifigeach na Mac Léinn, Louise Ní Dháibhéid. "Tá airgead gann ar dhaoine faoi láthair ach níor loic muintir na háite agus táimid an-sásta leis an méid a bailíodh i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta". Tá breis is 100 mac léinn i mbun staidéir ar chúrsaí lánaimseartha san Acadamh ar an gCeathrú Rua faoi láthair agus a bhformhór mór ag cur fúthu sa cheantar. Is í seo an t-aon institiúid oideachais sa tír atá lonnaithe faoin tuath agus fágann sin go bhfuil dlúthbhaint ag na mic léinn leis an bpobal áitiúil.
-Críoch-

Keywords:.

« Back

Related news


Featured Stories