Leabhar Nua ar Impleachtaí an Dátheangachais don Ghaeilge á Sheoladh ag OÉ Gaillimh

Wednesday, 29 February 2012

Seolfaidh an Dr Éamon Ó Ciosáin leabhar nua, An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas, san Aula Maxima, OÉ Gaillimh, Dé Luain 5 Márta ag 6pm. Tá an leabhar eagraithe ag Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin.

Sa leabhar seo tugtar aghaidh ar thaithí chomhaimseartha chainteoirí Gaeilge ar an dátheangachas comhuaineach. Pléitear go mion sa chnuasach aistí seo an taithí thrioblóideach atá ag cainteoirí mionteanga ar an dátheangachas sóisialta. Maíonn údair an leabhair go ndéanann an dátheangachas aontreoch (.i. aontreoch ón nGaeilge go Béarla) atá á chleachtadh sa phobal mionteanga leas sóisialta agus teangeolaíochta na mórtheanga agus aimhleas na mionteanga. Ach na tuiscintí is nua-aimseartha ar an taithí seo a chur ar fáil, leathnófar an díospóireacht acadúil agus an plé poiblí ar an dátheangachas agus díreofar aird ar na ceisteanna is cinniúnaí i leith inmharthanacht na Gaeilge agus na Gaeltachta mar phobal sainiúil teanga.

Is Breac-Ghaeltacht atá fágtha anois den Ghaeltacht stairiúil, nach bhfuil inmharthana mar atá sí. Pléitear anseo mar sin cur chuige réadúil, fearacht na moltaí atá sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), le dul i ngleic leis na dála seo, chun an Ghaeltacht mar phobal Gaeilge a athnuachan.

Is é dea-scéala an phlé atá sa leabhar seo ná go dtuigimid gur drochscéala atá sa dátheangachas comhuaineach sa Ghaeltacht agus nach gcuirimid dallamullóg orainn féin i dtaobh impleachtaí na tuisceana seo don fhéiniúlacht Ghaelach. Le plé eolaíoch macánta agus le léargas fírinneach ar dheacrachtaí ár ndála is ea is féidir linn aghaidh mhisniúil a thabhairt ar an gcinniúint a shárú – coiscéim tosaigh an bheartais dóchais í an tuiscint.

“Tá plé oscailte macánta ionraic le fáil sa leabhar seo ar bhuncheisteanna tráthúla (ach achrannacha agus conspóideacha) faoin nGaeilge, agus an plé sin suite i gcomhthéacs scolártha an léinn idirnáisiúnta. Cuirfidh an leabhar seo go mór leis na díospóireachtaí is na dioscúrsaí reatha ar an nGaeilge in Éirinn agus ar mhionteangacha an domhain chomh maith.” An tOllamh Roibeard Ó Maolalaigh, Roinn na Ceiltise is na Gàidhlige, Ollscoil Ghlaschú.

D’eascair an leabhar seo as téamaí agus léargais éagsúla a pléadh le linn léachtaí, seimineár agus imeachtaí acadúla eile a reáchtáladh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

-CRÍOCH-

Keywords:.

Author: Marketing and Communications Office, NUI Galway
« Back

Related news


Featured Stories