NUI Galway to Reward Brightest Leaving Certificate Students

Jun 13 2012 Posted: 12:09 IST

A new scholarship scheme for Leaving Certificate students has been launched by NUI Galway. All students who achieve at least 560 points in their Leaving Certificate, and go onto study at the University this autumn, will benefit from an automatic €2,000 scholarship. The only exception being Medical students, for whom the qualification criteria differ slightly.

The ‘Excellence Scholarships’ are designed to recognise and reward Leaving Cert success for the highest-achieving students, and encourage their ongoing commitment to academic excellence during their time at NUI Galway.

There is no need to apply for the scholarships, as the new undergraduate students who have met the Leaving Cert points criteria for the Excellence Scholarships will be automatically contacted once they enrol at NUI Galway.

The Excellence Scholarships recognise the academic achievements of our brightest new entrants, who have performed exceptionally well in the Leaving Certificate,” explains Martina Ní Chúlain, Admissions Officer at NUI Galway. “These prestigious awards will provide some financial assistance to high calibre students, thus facilitating their transition into higher education and their continued academic success.”

For Medical students there will be 10 special scholarships for those scoring the top 10 points, based on the combined results in the Leaving Certificate and the Admissions Test (H-PAT Ireland). Meanwhile, a certain number of scholarships will be ring-fenced by individual College, to ensure allocation across the different disciplines at NUI Galway.

The initiative is one of a series of scholarship schemes put in place by NUI Galway to help encourage academic success. Students at NUI Galway can also benefit from Postgraduate Scholarships, Mature Student Scholarships and schemes specific to individual colleges for those who excel in their University exams. For full details of all available scholarships visit www.nuigalway.ie

-ENDS-

 

OÉ Gaillimh le luach saothair a thabhairt do na Daltaí Ardteiste is Éirimiúla

 

Sheol OÉ Gaillimh scéim nua scoláireachta inniu do dhaltaí Ardteistiméireachta. Beidh gach dalta a bhaineann 560 pointe amach san Ardteistiméireacht agus a thagann chuig an Ollscoil le staidéar a dhéanamh an fómhar seo, i dteideal scoláireacht €2,000 a fháil. Is iad mic léinn Leighis an t-aon eisceacht, beidh critéir cháilíochta rud beag éagsúil dóibh sin.

Tá na ‘Scoláireachtaí Feabhais’ ann chun luach saothair a thabhairt do na daltaí is fearr a n-éiríonn leo san Ardteistiméireacht, agus chun a dtiomantas leanúnach i bhfeabhas acadúil a spreagadh le linn a dtréimhse in OÉ Gaillimh.

Ní gá aon iarratas a dhéanamh ar na scoláireachtaí, déanfar teagmháil go huathoibríoch leis na mic léinn nua fochéime a bhfuil na pointí riachtanacha bainte amach acu san Ardteistiméireacht le cáiliú do na Scoláireachtaí Feabhais chomh luath agus a chláraíonn siad in OÉ Gaillimh.

“Aithníonn na Scoláireachtaí Feabhais éachtaí acadúla na mac léinn is éirimiúla atá ag tosú linn, agus a bhfuil éacht déanta acu san Ardteistiméireacht,” a deir Martina Ní Chualáin, Oifigeach Iontrála in OÉ Gaillimh. “Tabharfaidh na dámhachtainí gradamacha seo cúnamh airgeadais éigin do mhic léinn ar ardchaighdeán, rud a chabhróidh leo agus iad ag aistriú isteach san earnáil ardoideachais agus iad ag leanúint ar aghaidh lena rath acadúil.”

Beidh 10 scoláireacht speisialta ar fáil do na mic léinn Leighis a n-éiríonn leo na pointí is airde a bhaint amach, bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta agus na Tástála Iontrála (H-PAT Ireland). Ag an am céanna, déanfaidh an Coláiste líon áirithe scoláireachtaí a chur ar leataobh le cinntiú go mbeidh deis ag mic léinn atá i mbun disciplíní éagsúla orthu.

Is ceann de shraith scéimeanna scoláireachta é an tionscnamh seo atá á chur ar fáil ag OÉ Gaillimh chun rath acadúil a spreagadh. Tá deiseanna ar fáil do mhic léinn in OÉ Gaillimh ar Scoláireachtaí Iarchéime, ar Scoláireachtaí do Mhic Léinn Lánfhásta agus ar scéimeanna a bhaineann go sonrach le coláistí ar leith dóibh siúd a n-éiríonn go maith leo ina gcuid scrúduithe Ollscoile. Chun teacht ar shonraí iomlána na scoláireachtaí ar fad atá ar fáil féach www.nuigalway.ie

-CRÍOCH-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories