Cruinniú togra idirnáisiúnta in Ionad an Acadaimh, Carna

Jun 26 2013 Posted: 10:25 IST

Tháinig 26 toscaire as deich dtír Eorpach le chéile ag ceann d’ionaid oideachais agus chultúrtha Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ar 18 agus 19 Meitheamh chun ardán nuálach idirlín a chuireann foghlaim teangacha chun cinn a phlé.  Faigheann an togra maoiniú ó EACEA (Education, Audiovision & Culture Executive Agency) de chuid an Aontais Eorpaigh faoin gclár Foghlaim Fadsaoil. 

Bhí toscairí ón gCipir, An Eastóin, An Ghréig, An Iodáil, An Pholainn, An Phortaingéil, An Rómáin, An Spáinn, Tír na mBascach agus ó Shasana i láthair chomh maith leis an Dr Laura Incalcaterra McLoughlin, ceannaire an togra in OÉ, Gaillimh, an Dr Dorothy Ní Uigín, Rose Ní Dhubdha agus Jennifer Lertola, as OÉ Gaillimh, chun obair a dhéanamh ar ClipFlair: Foghlaim Teangacha Iasachta trí Fhotheidealú agus Athghuthú Idirghníomhach Míreanna (www.clipflair.net).

Is é aidhm ClipFlair tacú le foghlaim teangacha trí úsáid a bhaint as feidhmchlár áisiúil don athghuthú agus don fhotheidealú.

Úsáideann múinteoirí teanga ábhar closamhairc go minic ina gcuid ranganna ar mhaithe leis an éagsúlacht agus chun míreanna cultúrtha neamhbhriathartha a chur i láthair na bhfoghlaimeoirí, agus níos tábhachtaí fós, chun míreanna teangeolaíochta agus cultúrtha na cumarsáide a chur i láthair i gcomhthéacs cuí. Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí uaireanta, áfach, tascanna gníomhacha a aimsiú a spreagfadh foghlaimeoirí agus a sheachnódh an fhéachaint éighníomhach. Is feidhmchlár áisiúil é ClipFlair chun gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a úsáid a spreagann foghlaimeoirí chun ábhar closamhairc a úsáid i mbealach eifeachtach, trí dhubáil a dhéanamh nó fotheidil a chur le mír físe (radharc ó scannán, mír faisnéise nó nuachta etc). Is féidir ansin na gníomhaíochtaí a roinnt trí Ghréasán Shóisialta ClipFlair.

Ag sosanna sa chruinniú dhá lá, bhí deis ag toscairí taitneamh a bhaint as tírdhreach álainn an cheantair agus as oíche chultúrtha le ceoltóirí agus amhránaithe cumasacha áitiúla.  Chuaigh an t-atmaisféar réchúiseach, cairdiúil i bhfeidhm ar chách agus dúirt an Dr Stravroula Sokoli, ó Computer Technology Institute, Patras (An Ghréig), ceannaire an togra, go raibh an teacht le chéile i gCarna, ní amháin tairbheach ach taitneamhach agus nach ndéanfaí dearmad go héasca air. 

Dúirt an Dr Dorothy Ní Uigín, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, gur chuidigh an turas go Carna le heolas a scaipeadh ar obair an Acadaimh agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh trí chéile agus iad ag tabhairt an oideachais amach as an ollscoil agus isteach sna pobail. Tá sé seo ag teacht go mór leis na hiarrachtaí atá ar bun ag ClipFlair féin ag scaipeadh an oideachais ar dhaoine tríd an idirlíon.  

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories