Fógraíonn OÉ Gaillimh Scoláireachtaí Nua den Scoth chun Mic Léinn Chumasacha a Aithint

Micléinn (ar chlé) Doyin Adegbola agus Donal Duffy ag cur fáilte roimh chuairteoirí ag Lá Oscailte Iarchéime OÉ Gaillimh le gairid. Tá eolas breise maidir leis an gclár scoláireachta nua le fáil ag www.nuigalway.ie/postgraduate/scholarships.
Nov 07 2013 Posted: 11:20 GMT

 

100 Scoláireacht nua Iarchéime do Chláir lánaimseartha Mháistreachta Mhúinte 2014

 

D’fhógair OÉ Gaillimh sonraí faoi scéim scoláireachtaí do mhic léinn iarchéime chun gnóthachan eisceachtúil a aithint. Bronnfar Scoláireachtaí Iarchéime ar luach €1,500 an mac léinn ar gach mac léinn ar glacadh leo ar chláir lánaimseartha Mháistreachta Mhúinte in 2014/15 a bhfuil fochéim chéadonóracha acu.

Tá an deis seo ar fáil do mhic léinn iarchéime a dhéanann iarratas ar chlár Máistreachta Múinte lánaimseartha atá le tosú i bhfómhar 2014. Bronnfar scoláireachtaí ar mhic léinn a ghlacann le háit ar mháistreacht lánaimseartha teagaisc agus a chomhlíonann critéir na hOllscoile.

Ba cheart do mhic léinn a bhfuil spéis acu anseo cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin OÉ Gaillimh chun tuilleadh eolais a fháil faoi scoláireachtaí agus chun eolas ginearálta a fháil faoin bpróiseas iarratais do mhic léinn iarchéime: www.nuigalway.ie/postgraduate/scholarships.

Cuireann OÉ Gaillimh os cionn 500 clár iarchéime múinte ar fáil le rogha leathan as cúig Choláiste agus modhanna solúbtha seachadta. Tá staidéar iarchéime ag éirí níos riachtanaí chun saineolas a thabhairt do chéimithe nua i réimsí áirithe agus chun scileanna fostaíochta a fheabhsú. Ach mar gheall ar tháillí na gcúrsaí mar aon le costais chothabhála bíonn go leor mic léinn chumasacha nach mbíonn in acmhainn tabhairt faoi staidéar iarchéime.

Ag labhairt dó faoin bhfógra, a rinneadh ag an Lá Oscailte Iarchéime ar an gcampas le gairid, dúirt an tOllamh Nollaig MacCongháil, Meabhránaí agus Leas Uachtarán OÉ Gaillimh: “Forbraíodh na scoláireachtaí mar fhreagra díreach ar na ciorruithe a rinneadh ar mhaoiniú cothabhála do mhic léinn iarchéime. Tá a fhios againn go bhfuil níos mó mic léinn ag díriú ar staidéar iarchéime d’fhonn cur lena gcuid scileanna agus chun a gcuid deiseanna fostaíochta a fheabhsú, ach tá srianta airgid ag cothú fadhbanna móra. Creidimid go dtabharfaidh na scoláireachtaí seo deis do níos mó de na mic léinn is cliste agus is tiomanta dul ar aghaidh chuig staidéar iarchéime.”

Is mic léinn iarchéime iad cuid mhór de phobal OÉ Gaillimh; tá beagnach 4,000 mac léinn (ar chláir mhúinte agus thaighde) sna scoileanna agus sna disciplíní ar fad.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar chláir agus ar scoláireachtaí iarchéime in OÉ Gaillimh téigh chuig http://www.nuigalway.ie/postgraduate/scholarships nó glaoigh ar 091 492844 nó seol rphost chuig postgrad@nuigalway.ie.

 

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories