Seimineár ar an gCeathrú Rua

Na mic léinn Sarah de Poire, Inis, Co. an Chláir, agus Patricia Seoighe, Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe, i dteannta an aoichainteora, Eoghan Ó Loideáin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus iad ag taifeadadh ag an Seimineár Cumarsáide.
Oct 29 2013 Posted: 12:40 GMT

Reáchtáladh Seimineár Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua le deireanas.

Ba é an fear gnó agus an ceamaradóir aitheanta, Cian de Buitléar, a d’oscail an Éigse go hoifigiúil ar an Aoine, 18 Deireadh Fómhair agus bhí deis ag na mic léinn agus ag an bpobal casadh leis féin agus leo siúd atá ag saothrú i réimsí difriúla d’earnáil na meán.

Orthusan a bhí i láthair bhí an t-iriseoir / craoltóir Róisín Ní Eadhra agus an t-eagarthóir físe Conall de Cléir. Roinn iar-mhic léinn de chuid an Acadaimh/ OÉ Gaillimh a n-eispéireas leis an slua agus ina measc bhí Gearóid Mac Donncha, Eagraí Stiúrtha Nuachta RTÉ Raidió an Gaeltachta, Muireann Ní Chíobháin, taighdeoir agus láithreoir teilifíse le RTÉ, Loretta Ní Ghabháin, comhfhreagraí sóisialta Nuacht TG4 agus stiúrthóir an chomhlachta LorGMedia; Eoin Ó Loideáin, scríbhneoir leis an iris Nós agus Katie Ní Chonghaile atá ag obair leis an gcuideachta Carr Communications.  Is faoi chathaoirleacht Norita Ní Chartúir, Feidhmeannach Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhí an ócáid seo.

Chuaigh na haoichainteoirí go mór i gcion ar an lucht éisteachta agus léirigh siad dóibh an éagsúlacht, na dúshláin, na scileanna agus dar ndóigh an buntáiste a bhaineann leis an nGaeilge sa réimse fostaíochta seo. Mhínigh siad gur iomaí cor atá i saol na cumarsáide agus mhol siad do na mic léinn gach uile dheis a thapú agus dua a chaitheamh lena gcuid oibre. D’fhéadfá a rá go raibh an teachtaireacht chéanna acu ar fad: “An té a chuireann san Earrach, baineann sé san Fhómhar!”

Tá beagnach 100 mac léinn ag staidéar ar bhonn lánaimseartha ar champas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh faoi láthair mar atá siad ag tabhairt faoi BA sa Chumarsáid i measc cúrsaí eile.

Tuilleadh eolais ó Odí Ní Chéilleachair, odi.nicheilleachair@oegaillimh.ie, 091 595101/ 086 8643125 nó Aoife Ní Ghabhann, a.smith16@oegaillimh.ie, 091 595101.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories