NUI Galway Welcomes Prof Benjamin Hudson for Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain / The Ó Briain Memorial Lecture

Apr 16 2014 Posted: 09:29 IST

The School of Languages, Literatures and Cultures at the NUI Galway will host the inaugural Máirtín Ó Briain Lecture to be given by Professor Benjamin Hudson. The lecture titled “Macbeth – Making a Monster” will start at 4pm in the McMunn Theatre on Tuesday, 29 April and will be followed by refreshments. Members of the public are particularly welcome.

The lecture will mark the tenth anniversary of the death, at the age of 53, of the Irish scholar and academic Máirtín Ó Briain. Máirtín Ó Briain was a renowned scholar of Irish language and literature, an internationally acknowledged expert on the Fiannaíocht tradition of Ireland and Scotland, a member of The Irish Manuscripts Commission, and of the Irish Folklore Society. Máirtín was held in the highest regard by his colleagues but especially by his students, many of whom went on to pursue careers in the field of Celtic Studies.

Professor Hudson is Professor of History and Medieval Studies at Penn State University and an internationally acknowledged expert on the Atlantic, especially the maritime sphere of Ireland, Britain, and the Isle of Man in the Middle Ages. He is the author of a large number of books including Irish Sea Studies: A.D. 900-1200 (Dublin: Four Courts Press, 2006), and Viking Pirates and Christian Princes; Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic (Oxford: Oxford University Press, 2005).

More information is available from Dr Feargal Ó Béarra, Department of Irish, School of Languages, Literatures and Cultures, NUI Galway at 091 493369.

-ends-

Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain / The Ó Briain Memorial Lecture Fógartha ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh

An tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise, a thabharfaidh an léacht tionscnaimh dar teideal ‘Macbeth - Making a Monster’

Tionólfar Léacht Chuimhneacháin Uí Bhriain faoi choimirce Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr mar chomhartha ómóis do Mháirtín Ó Briain. Is é an tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise, Penn State University a thabharfaidh an léacht Dé Máirt, an 29 Aibreán, ag a 4 a chlog, in Amharclann McMunn in OÉ Gaillimh.

Deich mbliana go ham seo a d’imigh uainn, in aois a 53 bliain, an scoláire teastúil Máirtín Ó Briain. Mar chomhartha ar an meas agus ar an ngean a bhí ar Mháirtín, agus mar chomóradh ar thráth a imeachta uainn, reáchtálfaidh Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Léacht Uí Bhriain / The Ó Briain Lecture ina onóir. Deis a bheas i Léacht Uí Bhriain an réim idirnáisiúnta a bhain le saothar an Bhrianaigh a mhóradh agus a chuimhne a bhuanú.

Cé gur beag réimse de Léann na Gaeilge ón Oghamchraobh aniar nach raibh suim agus saineolas ag Máirtín ann, ba í an Fhiannaíocht a chéadrogha agus sméar mhullaigh an léinn aige. Is é a sheanchara dílis an tOllamh Ben Hudson, Ollamh le Stair agus le Léann na Meánaoise in Penn State University, a thabharfaidh an léacht tionscnaimh dar teideal “Macbeth – Making a Monster”. 

Tá aithne idirnáisiúnta ar an Ollamh Hudson mar shaineolaí ar mhuirchríoch an Atlantaigh sa Mheánaois, go mór mór ar an trácht mara idir Éirinn, Manainn, agus an Bhreatain. I measc a chuid leabhar, tá Irish Sea Studies: A.D. 900-1200 (Dublin: Four Courts Press, 2006), agus Viking Pirates and Christian Princes; Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic (Oxford: Oxford University Press, 2005).

Dé Máirt, an 29 Aibreán, ag a 4 a chlog, in Amharclann McMunn, a thabharfar an léacht. Beidh sólaistí le fáil ina diaidh. Cuirfear fáilte chroíúil roimh chuile dhuine go mór mór roimh an bpobal.

Tá eolas breise le fáil ó Dr Feargal Ó Béarra, Roinn na Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí, agus na gCultúr, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag 091-493369.

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext