PhD Conferring Ceremony at NUI Galway

Pictured are Drs Lisa O’Flynn from Nenagh Co. Tipperary and Estelle Collin from France, who were both conferred with a PhD by NUI Galway
Feb 27 2014 Posted: 14:12 GMT

Almost 80 students were recognised by NUI Galway today (Thursday, 27 February) at a special ceremony when they were conferred with a Doctor of Philosophy (PhD) from NUI Galway President, Dr Jim Browne. Two students were also conferred with a Doctor of Medicine at today’s ceremony.

All Colleges of the University were represented at the ceremony, with graduands from the College of Arts, Social Sciences and Celtic Studies, the College of Business, Public Policy and Law; the College of Engineering and Informatics; the College of Medicine, Nursing and Health Sciences; and the College of Science.

NUI Galway President Dr Jim Browne said: “I would like to congratulate each graduate on their achievement in earning their doctorate degrees. We in NUI Galway are determined that this University will play its full part in producing the graduates and the leaders who will create the future. We have significantly increased our number of PhD graduates in recent years as we strive to meet the needs of the knowledge and innovation economy.”

Over 105,000 graduates have benefited from higher education at NUI Galway since it opened its doors in 1849.

The next conferrings to take place at NUI Galway will be the summer conferring on Thursday, 19 June and the conferring of Honorary Degrees on Friday, 27 June.

-ENDS-

Searmanas Bronnta PhD in OÉ Gaillimh

Ag searmanas speisialta in OÉ Gaillimh inniu (Déardaoin, an 27 Feabhra), bhronn Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne, Dochtúireacht san Fhealsúnacht (PhD) ar bhreis is 80 mac léinn. Bronnadh Dochtúireacht Leighis ar bheirt mhac léinn ag searmanas an lae inniu chomh maith.

Bhí céimithe ó gach Coláiste san Ollscoil i measc na gcéimithe sin ar bronnadh PhD orthu - Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh; Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí; Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice; Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; agus Coláiste na hEolaíochta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí as a gcáilíocht dochtúireachta a bhaint amach. Cuirimidne in OÉ Gaillimh romhainn go ndéanfadh an Ollscoil seo a cion féin le céimithe agus ceannairí a chur ar fáil a mhúnlóidh an todhchaí. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcéimithe PhD le blianta beaga anuas chun freastal ar riachtanais an gheilleagair eolasbhunaithe agus nuálaíochta.”

Tá céim bainte amach ag breis is 105,000 mac léinn in OÉ Gaillimh ón uair a d’oscail sí a cuid doirse i 1849.

Beidh an chéad searmanas bronnta céimeanna eile ar bun in OÉ Gaillimh i rith an tsamhraidh – Déardaoin, an 19 Meitheamh agus is ar an Aoine, an 27 Meitheamh, a bhronnfar na Céimeanna Oinigh.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext