NUI Galway Confers Degrees on 280 Students During Summer Conferring

Harriet Smyth from Dublin, Rebecca Finnegan from Galway, Rebecca Sheeran from Athlone, Co. Westmeath, Fiona Nolan from Arklow, Co. Wicklow, Niamh McDonnell from Sligo, and Catherine McGinnity from Derry who received Bachelors of Medicine from NUI Galway.
Jun 19 2014 Posted: 15:45 IST

NUI Galway today (19 June) conferred degrees on over 280 students. Among that number, 80 were conferred with doctoral degrees.

The largest cohort of students to graduate was over 120 future doctors who received their Honours Bachelor of Medicine, Bachelor of Surgery, and Bachelor of Obstetrics (MB, BCh, BAO) degree.

Among the cohort of medical students, Sarah Cormican from Oranmore, Co. Galway received 8 out of 15 Final Medical Medals for her outstanding academic performance. Every year, NUI Galway awards the Final Medical Medals to the student who receives the highest mark in each subject area. Olympian Paul Hession will be conferred an MB BCh BAO and will receive a Final Medical Medal for Outstanding Sporting Achievement.

Speaking at the ceremony, President of NUI Galway, Dr Jim Browne, said: “On behalf of NUI Galway, I congratulate each of today’s graduates. It is very encouraging to see the number of research and graduate degrees which we are conferring today. These graduate numbers continue to grow. From a base of about 50 doctorates per year at the turn of the millennium, we now confer up to 4 times that number annually.”

President Browne added words of encouragement to graduates conferred at the ceremony: “Do not lose hope or courage in this current economic climate. You have what it takes to make a difference in our society. The opportunities you have to create your own environment and to shape your own futures are enormous.”

International students were well represented at the ceremony, with the University conferring a large number of graduates from Malaysia, Canada and the US, among other countries.

-Ends-

Bronnann OÉ Gaillimh Céim ar 280 Mac Léinn i rith Shearmanais an tSamhraidh

Bronnadh céimeanna ar bhreis is 280 mac léinn inniu (19 Meitheamh) in OÉ Gaillimh. Ina measc siúd, bronnadh céimeanna dochtúireachta ar 80 mac léinn.

Ar an ngrúpa is mó díobh bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir sa Mháinliacht agus Baitsiléir sa Chnáimhseachas (MB, BCh, BAO) ar 120 ábhar dochtúra.

Fuair Sarah Cormican as Órán Mór, Co. na Gaillimhe, duine de na mic léinn leighis, 8 mBonn don Bhliain Deiridh Leighis as 15 Bhonn dá feidhmíocht acadúil. Gach bliain, bronnann OÉ Gaillimh Boinn Deiridh Leighis ar an mac léinn leis an marc is airde i ngach ábhar. Bronnfar MB BCh BAO ar an iar-lúthchleasaí Oilimpeach Paul Hession agus bronnfar Bonn Deiridh Leighis air as a chuid Éachtaí Iontacha Spóirt.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne le linn an tsearmanais: “Thar ceann OÉ Gaillimh, tréaslaím le gach duine agaibh. Is ábhar misnigh dúinn ar fad go bhfuil an oiread sin céimeanna taighde agus iarchéimeanna á mbronnadh againn inniu. Tá líon na gcéimeanna a bhronntar ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Bhíodh 50 céim dhochtúireachta in aghaidh na bliana á mbronnadh againn ag tús an chéid ach bronntar a cheithre oiread sin anois gach bliain."

Thug an tUachtarán Browne misneach agus dóchas do na céimithe ag an searmanas bronnta: “Ná cuireadh cúrsaí geilleagair an lae inniu lagmhisneach ná éadóchas oraibh. Tá an cumas ag gach duine agaibh dul i bhfeidhm ar an tsochaí ar shlí éigin. Níl teorainn ar bith leis na deiseanna atá agaibhse an cineál saoil is mian libh a chruthú daoibh féin agus lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh in bhur dtreo sna blianta amach romhainn.”

Bhí mic léinn idirnáisiúnta i láthair chomh maith ag an searmanas, agus céimeanna á mbronnadh ar chéimithe as an Malaeisia, as Ceanada agus as na Stáit Aontaithe, i measc tíortha eile.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext