NUI Galway President, Dr Jim Browne
Mar 26 2015 Posted: 13:59 GMT

• Catapult NUI Galway into the top 200 universities worldwide
• Secure over €100 million in competitive EU research funds
• Transform organisational culture to achieve gender equality
• Provide 80% of students with work-based experience
• Create new student accommodation and sports facilities
• Enhance links with community through initiatives such as Industry and Innovation Hub and leading Galway’s European Capital of Culture bid

NUI Galway’s President, Dr Jim Browne, today unveiled Vision 2020, the University’s new Strategic Plan 2015–2020.

Over the next five years, the ambitious plan aims to catapult NUI Galway into the top 200 universities worldwide while securing €100 million in competitive EU research funds.

For students, Vision 2020 promises work-based learning experiences across 80% of undergraduate programmes. Students will also benefit from new accommodation and enhanced facilities for field and water sports.

Internationally, NUI Galway will maintain and grow the global spread of its student population, the five-year plan intends to have 25% of the student body coming from outside Ireland.

Locally, the University plans to develop a major Industry and Innovation Hub and lead Galway’s bid for European Capital of Culture 2020.

NUI Galway will also continue its key agenda of achieving gender equality and empowering staff to reach their full potential.

At the unveiling of the plan to all university staff, Dr Browne spoke of the approach to the University’s 175th birthday in 2020 and how all present could be truly proud of recent successes: “The past decade has been a period of transformation and rapid growth especially in terms of our campus - with the development of new buildings, facilities and research laboratories. We have invested €400 million in our capital development. Now it’s time to build on the strengths of our people - to invest in and support our organisation as it becomes recognised locally and nationally and internationally as a university of choice, relevance and renown in the eyes if the world.”

Catapult NUI Galway into the top 200 universities worldwide
Bucking the national trend and consistently increasing its position over recent years in the most respected and competitive world rankings, - the Times Higher Education (314) and QS ranking (284) - NUI Galway was the only Irish university to increase its position in these two main international rankings. The European Commission’s U-Multi-rank system in 2015 scored NUI Galway the highest ranking of 4 A grades. NUI Galway also ranked in the Top 100 most international universities in 2015 in Times Higher Education’s indicator for international outlook.

With its growing profile, NUI Galway will push its pursuit of an ambitious internationalisation agenda. It will commit to, and focus energy on being a top 200 ranked university by 2020. With this aim of becoming one of the world’s top-tier universities, it will build on relationships of substance that span the globe. This ambition will be driven by the University’s focus on internationally recognised achievements in specific areas of teaching, research, and community engagement.

NUI Galway will maintain and grow the international nature of its student population. Vision 2020 commits the University to attract 25% of the student body from outside Ireland.

Secure over €100 million in competitive EU research funds
Building on the University’s success so far with European Research Council (ERC) grants, Vision 2020, commits to securing €100 million research funding from EU programmes.
The University has prioritised five cross–disciplinary research themes, building on its international success: Applied Social Sciences and Public Policy; Biomedical Science and Engineering; Environment, Marine and Energy; Humanities in Context, including Digital Humanities; and Informatics, Data Analytics, Physical and Computational Sciences.

A major success in recent years has been the expansion of PhD research at NUI Galway to have one of the highest rates of enrolment in Ireland on structured PhD programmes. The University will target in excess of 200 doctoral graduates per annum by 2020 and 80% of PhD students participating in structured PhD programmes, up from 40%.

Transform organisational culture to achieve gender equality
The University intends to serve and engage with its diverse communities in mutually enriching ways, through enhanced relationship on campus, in the region and around the world. Among its commitments to communities it serves, is its commitment to equality for staff.

“NUI Galway is a university on a journey”, continued Dr Browne. Our grounds are open and welcoming, a centre of study and work, but also a place to visit, live work and play. Our human capital is our most valuable asset and we are committed to ensuring all colleagues have the opportunity to contribute fully and be recognised for their efforts. Our new Strategic Plan will actively respond to the developmental, professional and personal needs of all of our colleagues; transform the organisational culture to improve gender quality; and to secure Athena Swan award which recognises good employment practice for women working in higher education.”

Provide 80% of students with work-placement opportunities and open new student accommodation and sports facilities
The NUI Galway student is a global citizen and students are educated to be valued for their academic excellence, their distinctiveness, and their world readiness.

Dr Browne explained: “Our first commitment is, and will always be, to our students and our commitment to delivering excellent academic and developmental opportunities for our students informs all our decision-making. NUI Galway’s reputation for top quality teaching is rightly celebrated and we will continue to provide, recognise and reward this teaching excellence.”

The University’s teaching is widely recognised too in its successes in student retention and this very high rate of 84% will be maintained. The Strategic Plan outlines that 80% of all undergraduates will receive a work-based experience. The University is also recognised in its leadership in the use of online and blended learning technologies; and in its recruitment of students from non-traditional backgrounds. Vision 2020 will see these accomplishments enhanced, including revised admissions requirements for students applying from Northern Ireland and Great Britain.

Among the targets outlined, the University has committed to the construction of new sports facilities, to include an elite water sports facility; 3G synthetic training and competition facility for all sporting codes; additional sports pitch; as well as an upgrade of existing natural grass surfaces.

In addition, the University plans to make almost 1,000 new student residences available – bolstering its commitment to attracting international students. A new purpose-built home for Drama, Theatre and Performance will also be completed.

The new Strategic Plan will enhance community partnership through initiatives such as an Industry and Innovation Hub and by leading Galway’s European Capital of Culture bid.

ENDS

Plean Straitéiseach seolta ag OÉ Gaillimh agus spriocanna uaillmhianacha aici don bhliain 2020

  • OÉ Gaillimh a bheith áirithe i measc an 200 ollscoil is fearr ar domhan
  • Os cionn €100 milliún de chistí iomaíocha AE a ghnóthú
  • Athrú ó bhonn a chur ar chultúr na heagraíochta chun comhionannas inscne a bhaint amach
  • Socrúchán oibre a chur ar fáil do 80% de na mic léinn
  • Áiseanna nua lóistín agus spóirt a chruthú do mhic léinn
  • Naisc leis an bpobal a neartú trí thionscnaimh ar nós an Mhoil Tionsclaíochta agus Nuálaíochta agus ceannas a ghlacadh ar iarratas na Gaillimhe ar stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa

 

Rinne Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr Jim Browne, Fís 2020 – Plean Straitéiseach nua na hOllscoile, 2015–2020 – a sheoladh inniu.

As seo go ceann cúig bliana, tá sé mar sprioc ag an bplean uaillmhianach an rangú atá ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a ardú go tapa ionas go mbeidh sí i measc an 200 ollscoil is fearr ar domhan agus, mar aon leis sin, os cionn €100m de chistí iomaíocha AE a ghnóthú. 

Maidir le mic léinn na hOllscoile, tá gealltanas in Fís 2020 go mbeidh eispéireas foghlama a bheidh bunaithe ar shocrúcháin oibre ar fáil in 80% de na cláir bhunchéime. Beidh tairbhe le baint ag na mic léinn freisin as árais nua chónaithe mar aon le háiseanna breise i gcomhair spórt páirce agus uisce.

Ar bhonn idirnáisiúnta, méadóidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh líon na dtíortha as a dtagann a cuid mic léinn; tá sé mar aidhm ag an bplean cúig bliana seo gur as áiteanna lasmuigh d'Éirinn a thiocfadh 25% de mhic léinn na hOllscoile.

Ar bhonn áitiúil, tá sé beartaithe ag an Ollscoil mol tábhachtach tionsclaíochta agus nuálaíochta a fhorbairt agus ceannas a ghlacadh ar iarratas na Gaillimhe ar stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa sa bhliain 2020.

Leanfaidh an Ollscoil freisin den chúram atá leagtha roimpi aici cothroime inscne a thabhairt i gcrích agus an fhoireann oibre a chumasú le barr a gcumais a bhaint amach.

Agus an plean á chur i láthair fhoireann uile na hOllscoile aige, labhair an Dr Browne ar an gcur chuige a bheidh ag an Ollscoil nuair a bheidh cothrom 175 bliain a bunaithe á cheiliúradh in 2020, agus ar an mórtas ba chóir a bheith ar chuile dhuine a bhí i láthair as ucht ar baineadh amach le deireanas: "Tá athrú mór chun feabhais agus fás fíorthapa tagtha orainn le deich mbliana anuas, go háirithe i dtaobh an champais de, agus foirgnimh, áiseanna agus saotharlanna taighde nua ar an bhfód anois againn. Tá €400 milliún infheistithe againn san fhorbairt caipitil. Caithfimid anois cur le cumas ár ndaoine – infheistíocht agus tacaíocht a thabhairt dár n-institiúid agus í ag baint aitheantas áitiúil agus náisiúnta amach mar ollscoil a bhfuil clú, cáil agus meas uirthi ar fud an domhain mhóir."

OÉ Gaillimh a bheith áirithe i measc an 200 ollscoil is fearr ar domhan
Ainneoin gur ar gcúl a chuaigh ollscoileanna eile na tíre, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas sna ranguithe iomaíocha domhanda is mó a dtugtar aird idirnáisiúnta orthu – rangú Times Higher Education (314) agus rangú QS (284) – ba í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an t-aon ollscoil Éireannach a chuaigh chun tosaigh sa dá mhór-rangú idirnáisiúnta seo. I gcóras U-Multi-rank an Choimisiúin Eorpaigh in 2015, d'éirigh le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh an rangú is airde – ceithre Ghrád A – a bhaint amach. Áiríodh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freisin ar an 100 ollscoil is idirnáisiúnta i rangú an Times Higher Education i leith béim idirnáisiúnta.

Agus a próifíl ag neartú léi, cuirfidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh roimpi spriocanna uaillmhianacha don idirnáisiúnú a bhaint amach. Leagfaidh sí roimpi mar sprioc dhaingean a bheith áirithe ar an 200 ollscoil is fearr ar domhan faoi 2020 agus oibreoidh sí go fuinniúil ina leith sin. Agus é mar sprioc aici a bheith áirithe ar na hollscoileanna is fearr ar domhan, cuirfidh sí dlús breise le caidrimh thábhachtacha atá aici le dreamanna timpeall an domhain. Beidh an uaillmhian seo á tiomáint ag an mbéim atá ag an Ollscoil ar mhórghníomhartha a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu i sainréimsí teagaisc, taighde agus rannpháirtíochta sa phobal.

Méadóidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an sciar dá mic léinn ar ón gcoigríoch iad. Tá sé mar aidhm ag Fís 2020 gur as áiteanna lasmuigh d'Éirinn a thiocfadh 25% de mhic léinn na hOllscoile trí chéile.

Os cionn €100 milliún de chistí iomaíocha AE a ghnóthú
Agus an Ollscoil ag tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin ó thaobh deontais ón gComhairle Eorpach um Thaighde, leagtar sprioc dhaingean amach in Fís 2020 luach €100 milliún de chistí taighde a fháil ó chláir Eorpacha.

Tá an Ollscoil tar éis cúig théama taighde thrasdisciplíneacha a shonrú mar réimsí tosaíochta, agus í ag tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin aici go hidirnáisiúnta: Eolaíochtaí Sóisialta Feidhmeacha agus Beartas Poiblí; Eolaíocht Bhithleighis agus Innealtóireacht; Comhshaoil, Muir agus Fuinneamh; Daonnachtaí i gComhthéacs, lena n-áirítear Daonnachtaí Digiteacha; agus Ionformaitic, Anailísíocht Sonraí, Eolaíochtaí Fisiciúla agus Ríomhaireachtúla.

D'éirigh thar cionn leis an Ollscoil le blianta beaga anuas ó thaobh méadú ar an taighde PhD agus tá ceann de na rátaí clárúcháin is airde ar chláir PhD struchtúrtha in Éirinn trí chéile ag an Ollscoil. Tá sé mar sprioc ag an Ollscoil 200 céimí PhD a bheith aici in aghaidh na bliana faoin mbliain 2020 agus 80% de na mic léinn PhD a bheith ag tabhairt faoi chláir PhD struchtúrtha, ardú ar an 40% atá i gceist faoi láthair.

Athrú ó bhonn a chur ar chultúr na heagraíochta chun comhionannas inscne a bhaint amach

Tá i gceist ag an Ollscoil freastal ar a cuid pobail ilchineálacha agus caidreamh a bhunú leis na pobail sin ionas go mbainfidh na pobail agus an Ollscoil araon tairbhe as an gceangal atá eatarthu; neartófar an gaol idir na pobail agus an Ollscoil ar an gcampas, sa taobh seo tíre trí chéile agus timpeall an domhain d'fhonn an sprioc sin a bhaint amach. I measc ghealltanais na hOllscoile do na pobail ar a bhfreastalaíonn sí, tá an gealltanas i leith comhionannas do chomhaltaí foirne.

"Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar aistear", a dúirt an Dr Browne. Tá tailte na hOllscoile fairsing agus fáilteach – áit le haghaidh staidéir agus oibre, ach áit freisin le cuairt a thabhairt air, le cónaí ann agus le siamsaíocht a dhéanamh ann. Is iad ár ndaoine an acmhainn is luachmhaire dá bhfuil againn agus tá rún daingean againn an deis a thabhairt dár gcomhghleacaithe uile a gcion iomlán féin a dhéanamh agus go bhfaighidís aitheantas as a gcuid iarrachtaí. Sa Phlean Straitéiseach nua seo, rachfar i ngleic go gníomhach le riachtanais fhorbarthacha, ghairmiúla agus phearsanta ár gcomhghleacaithe uile; cuirfear athrú ó bhonn ar chultúr na heagraíochta chun comhionannas inscne a bhaint amach; agus bainfear gradam Athena Swan amach mar aitheantas don dea-chleachtas fostaíochta do mhná atá ag obair san earnáil ardoideachais.”

Socrúchán oibre a chur ar fáil do 80% de na mic léinn agus áiseanna nua lóistín agus spóirt a chruthú do mhic léinn
Is saoránaigh den domhan mór iad mic léinn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus oiltear iad ionas go mbeidh meas orthu as a bhfeabhas acadúil, a sainiúlacht, agus as a bheith ullamh don saol mór.

Mar a mhínigh an Dr Browne: "Is dár mic léinn a thugaimid tús áite, agus beidh sé sin amhlaidh i gcónaí; an rún atá againn deiseanna acadúla agus forbarthacha den scoth a thabhairt dár mic léinn, is air sin a bhunaímid chuile chinneadh dá ndéanaimid. Tá clú agus cáil ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as feabhas a cuid teagaisc agus leanfaimid den ardchaighdeán teagaisc seo a chur ar fáil, a aithint agus luach saothair a thabhairt ina leith.”

Léiriú eile ar ardchaighdeán an teagaisc san Ollscoil is ea a fheabhas a éiríonn linn mic léinn a choinneáil; déanfar an ráta an-ard seo – 84% – a choimeád. Leagtar amach sa Phlean Straitéiseach go gcuirfear socrúchán oibre ar fáil do 80% de na mic léinn. Aithnítear fosta go bhfuil an Ollscoil ar thús cadhnaíochta i dtaca le teicneolaíochtaí ar líne agus teicneolaíochtaí foghlama cumaisc; agus i dtaca le hearcaíocht mac léinn ó chúlraí neamhthraidisiúnta. Ach a gcuirfear Fís 2020 i gcrích, neartófar tuilleadh an méid atá á bhaint amach sna cúrsaí seo; áirítear air sin riachtanais iontrála leasaithe le haghaidh mic léinn ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain Mhór.

Ar na spriocanna atá leagtha amach, tá gealltanas ón Ollscoil go dtógfar áiseanna nua spóirt – áis spóirt uisce éilíte ina measc; áis traenála agus comórtais shintéiseach 3G le haghaidh chuile chineál spóirt; páirc spóirt bhreise; agus uasghrádú ar na páirceanna féir atá ann faoi láthair.

Lena chois sin, tá sé beartaithe ag an Ollscoil beagnach 1,000 áras cónaithe nua a chur ar fáil do mhic léinn – léiriú ar a dháiríre is atá sí mic léinn ón iasacht a thabhairt chun na Gaillimhe.  Cuirfear bailchríoch freisin ar áras saintógtha don Amharclannaíocht, Drámaíocht agus Taibhléiriú.

Leis an bPlean Straitéiseach nua seo, déanfar naisc leis an bpobal a neartú trí thionscnaimh ar nós an Mhoil Tionsclaíochta agus Nuálaíochta agus trí cheannas a ghlacadh ar iarratas na Gaillimhe ar stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories