Scannáin le teagascóirí an Acadaimh ag taisteal na Cruinne

Sa ghrianghraf tá (ar chlé) Aodh Ó Coileáin agus Seán Breathnach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.
Apr 22 2016 Posted: 11:12 IST

Taispeánfar dhá scannán ar leith le Seán Breathnach agus le hAodh Ó Coileáin, teagascóirí ar na cúrsaí cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, ag féilte scannán ar fud an domhain an mhí seo.

Bronnadh an gradam don dráma ab fhearr ag Féile Scannán Luimnigh le déanaí ar an scannán Maidhm, a scríobh agus a stiúir Seán Breathnach. Feicfear an scannán ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Fajr sa Tehran an tseachtain seo agus ag féile gearrscannán i Shanghai an mhí seo chugainn. Taispeánadh an scannán cheana féin ag féile gearrscannán i Málta, ag Féile Idirnáisiúnta Scannán an Daingin, ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Bhí beirt teagascóirí eile ón Acadamh ar an bhfoireann léiriúcháin, Ray Fallon a bhí i mbun eagarthóireachta, agus Fionn Ó Sealbhaigh a dhear an fhuaim.  Céimí de chuid na gcúrsaí cumarsáide san Acadamh, Laura Ní Cheallaigh, a léirigh an scannán. Tá sí ina hEagarthóir Coimisiúnaithe le TG4.

Tá aird na léirmheastóirí chomh maith ar an scannán Fís na Fuiseoige, a scríobh agus a stiúir Aodh Ó Coileáin. Taispeánadh an scannán don chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra, agus níos luaithe an tseachtain seo ag ócáid in Ionad Ealaíon na hÉireann, Nua-Eabhrac. Beidh sé le feiceáil arís ag Féile Scannán Lá na Cruinne in San Francisco Dé hAoine beag seo (22 Aibreán), agus an mhaidin dar gcionn (23 Aibreán) mar chuid de Chúirt, Féile Idirnáisiúnta Litríochta na Gaillimhe.

Baineann an scannán Maidhm, a mhaoinigh Bord Scannán na hÉireann, le hiarrachtaí leaid óig, a bhfuil uathachas ag dul do, athmhuintearas a dhéanamh lena mháthair tar éis titim amach. “Taispeántas den scoth ag an leaid óg atá i bpríomhról an scannáin seo, léiriú ar an uathachas agus ar an tionchar a bhíonn aige, ní hamháin ar an duine féin, ach ar an teaghlach ar fad,” a dúirt léirmheastóir ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Ainmníodh an t-aisteoir Gaillimheach, Tara Breathnach, a dhéanann páirt na máthar, le haghaidh gradam aisteoir na bliana, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, 2016.

Sa scannán Fís na Fuiseoige pléitear an dáimh le dúthaigh a mhúnlaigh an tsamhlaíocht liteartha Ghaelach agus an féinaitheantas Éireannach ón gcianaimsir anuas. “Léiríonn portráid álainn dúthaigh agus teanga Aodh Uí Choileáin an tábhacht a bhain leis an nGaeilge ins an athbheochan, an réabhlóid chultúrtha sin a tháinig roimh Éirí Amach na Cásca.  Úsáideadh scata traidisiún a bhí ceangailte leis an nGaeilge, a bhí caillte i ngalldú na tíre chun féinaitheantas nua a shamhlú,” a dúirt Seán Finnan, Film Ireland. Ba iad Colm Hogan agus an Dr Marina L. Levitina, Counterpoint Films, a léirigh an scannán, a mhaoinigh Údarás Craolacháin na hÉireann agus TG4.

Ar na cúrsaí cumarsáide a chuireann an tAcadamh ar fáil tá: GY122 BA Cumarsáid agus Gaeilge; an t-ábhar Léann na Cumarsáide ar GY101 BA Dhá Ábhar Onóracha; GYA93 MA sa Chumarsáid (lánaimseartha); agus GYA50 MA sa Chumarsáid (páirtaimseartha).

-Críoch-

Films by NUI Galway tutors travel the world

Two films by Seán Breathnach and Aodh Ó Coileáin, who teach film and journalism at NUI Galway’s Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, will be screened at film festivals around the world this month.

Maidhm was written and directed by Seán Breathnach and recently awarded ’Best Drama’ at Limerick Film Festival. It will be screened this week at the Fajr International Film Festival in Tehran and at the Long Week of Short Films Festival in Shanghai in May. Maidhm has already been seen at the Irish Short Film Festival in Malta, Dingle International Film Festival, Cork International Film Festival and the Galway Film Fleadh. Two other Acadamh staff members were also involved in the production, with editing by Ray Fallon and sound design by Fionn Ó Sealbhaigh. The film was produced by a graduate of the Acadamh’s media courses, Laura Ní Cheallaigh, who is currently working as Commissioning Editor in TG4.

 Fís na Fuiseoige, written and directed by Aodh Ó Coileáin, premiered to critical acclaim at this year’s Dublin International Film Festival. The film will be screened at the Earth Day Film Festival in San Francisco on Friday (22nd April), and at the Cúirt International Festival of Literature in Galway on Saturday (23rd April). It was screened earlier this week at the Irish Arts Centre in New York.

Maidhm is the story of an autistic child’s search for his mother following a tantrum which sets them apart. “The young actor who played the autistic child portrayed the impact of autism, not alone on the person but on the entire family, very effectively,” said a critic at the Galway Film Fleadh. Galway actress, Tara Breathnach, has been nominated for an Oireachtas Best Performance award for her portrayal of the mother. The film was funded by the Irish Film Board and filmed in Galway.

The focus of Fís na Fuiseoige is the love for the home-place as reflected in poetry and literature in Irish. In Ireland, landscape is not just geography, but a mnemonic for literature and poetry. Landscape and stories are inseparable. “Aodh Ó Coileáin’s beautifully intimate portrait of language and place is a reminder again of the importance of the language in the Gaelic Revival, the cultural rebellion that was the catalyst for the later rebellion. In serving as a pool of traditions that were lost under anglicization, the language was used as a means of re-imagining, of conceiving of a new identity,” said Seán Finnan of Film Ireland. The film was produced by Colm Hogan and Dr Marina L. Levitina of Counterpoint Films, and funded by the Broadcasting Authority of Ireland and TG4.

Media courses offered by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge include: GY122 BA Cumarsáid agus Gaeilge; the subject Léann na Cumarsáide on GY101 BA Arts (Joint-Honours); GYA93 MA sa Chumarsáid (full-time), and GYA50 MA sa Chumarsáid (part-time).

-Ends-

 

 

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories