Final Call for Applications for NUI Galway Sports Scholarship Scheme

Jul 19 2016 Posted: 15:12 IST

NUI Galway has issued a final call for applications to its Elite Athlete Sports Scholarships Scheme for 2016/17. The University has a long tradition of excellence in sport and this has been enhanced by the recent success in Rowing, Hurling, Basketball, Soccer, Rugby and Archery as well as numerous individual achievements. The deadline for application for current and prospective students is Sunday, 31 July at 5pm.

The scholarship programme is aimed at student-athletes of outstanding calibre who register as students of the University.

Michael Heskin, Director of Sport and Physical Activity at NUI Galway, said: “The University is proud to support the next generation of sporting stars. We recognise the huge commitment made by our young athletes in balancing their academic studies and their elite training schedules. NUI Galway through the Elite Scholarship programme provides supports to those athletes who have podium dreams and thus the best possible chance of fulfilling their potential in the sporting and academic context.” 

NUI Galway has had an outstanding record in supporting young athletes in developing their sporting and academic careers in recent years, with scholarship athletes winning senior All-Ireland GAA titles, winning and competing at World Championship level in their chosen sport and dozens of NUI Galway students representing their country and a number who have gone on to professional careers in a number of sports.

Applicants for Elite sports scholarships must satisfy the academic criteria for entry to NUI Galway and must have applied to the CAO in the usual manner or be a currently enrolled student at NUI Galway.

For the scholarships, students who meet the University’s entry requirements will be selected on merit by an independent panel. In addition to the scholarship, students will receive specialist support including Strength and Conditioning, Performance Nutrition, Performance planning and mentoring and Medical and Physiotherapy support.

More details on the Sports Scholarship Scheme at http://www.nuigalway.ie/sports/scholarships_info.html. All applications must be submitted online at http://www.sports.nuigalway.ie/scholarshipform.html.

-Ends-

Seans amháin eile ar Scéim Scoláireachtaí Spóirt OÉ Gaillimh 

Tá seans amháin eile agaibh le hiarratas a chur isteach ar Scéim Scoláireachtaí Spóirt Scoth-lúthchleasaíochta OÉ Gaillimh 2016/17. Tá dea-cháil ar an Ollscoil le fada as a fheabhas a éiríonn lena cuid mac léinn i gcúrsaí spóirt agus cuireadh leis an gcáil seo le déanaí le héachtaí Rámhaíochta, Iomána, Cispheile, Sacair, Rugbaí agus Boghdóireachta agus le héachtaí a rinne go leor daoine aonair. Is é 5pm Dé Domhnaigh, an 31 Iúil an spriocdháta d’iarratais ó mhic léinn reatha agus ó mhic léinn nua.

Tá an clár scoláireachtaí dírithe ar lúthchleasaithe den scoth a chláraíonn mar mhic léinn san Ollscoil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Michael Heskin, Stiúrthóir Spóirt agus Gníomhaíochta Fisiciúla OÉ Gaillimh: “Tá an-bhród ar an Ollscoil as a bheith ag tacú leis an gcéad ghlúin réaltaí spóirt eile. Aithnímid go bhfuil díograis ar leith á léiriú ag ár lúthchleasaithe óga agus iad ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir an staidéar acadúil agus a gcuid sceideal traenála scoth-lúthchleasaíochta. Tríd an gclár Scoláireachtaí Scoth-lúthchleasaíochta, cuireann OÉ Gaillimh tacaíocht ar fáil do na lúthchleasaithe sin arb é mian a gcroí a bheith ina seasamh ar an bpóidiam lá éigin. Tugtar gach seans dóibh le barr cumais a bhaint amach i saol an spóirt agus sa saol acadúil.” 

Tá tacaíocht tugtha arís is arís eile ag OÉ Gaillimh do lúthchleasaithe óga atá ag iarraidh a ngairm spóirt agus a ngairm acadúil a fhorbairt le blianta beaga anuas. Bhuaigh lúthchleasaithe a raibh scoláireacht spóirt ó OÉ Gaillimh acu craobh shinsir na hÉireann sna cluichí Gaelacha, agus tá siad ag buachan agus ag iomaíocht ar leibhéal domhanda sna spóirt ar roghnaigh siad tabhairt fúthu. Tá na scórtha de mhic léinn OÉ Gaillimh ag déanamh ionadaíochta ar a dtír dhúchais agus chuaigh cuid acu le spóirt éagsúla mar ghairm bheatha.

Ní mór dóibh sin ar mian leo cur isteach ar scoláireachtaí spóirt scoth-lúthchleasaíochta critéir acadúla iontrála OÉ Gaillimh a shásamh agus ní mór dóibh iarratas a bheith déanta acu tríd an CAO ar an ngnáthbhealach nó a bheith cláraithe mar mhac léinn in OÉ Gaillimh cheana féin.

Déanfaidh painéal neamhspleách na mic léinn a shásaíonn riachtanais iontrála na hOllscoile a roghnú ar bhonn fiúntais. Mar aon leis an scoláireacht féin, beidh tacaíocht le fáil ag na mic léinn ó speisialtóirí maidir le Neart agus Aclú, Cothú Réamh-iomaíochta agus pleanáil agus meantóireacht Réamh-iomaíochta, agus beidh tacaíocht Leighis agus Fisiteiripe ar fáil acu.

Tuilleadh eolais faoin Scéim Scoláireachtaí Spóirt ag http://www.nuigalway.ie/sports/scholarships_info.html. Ní mór gach iarratas a dhéanamh ar líne ag http://www.sports.nuigalway.ie/scholarshipform.html.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories