STATEMENT ON THE PASSING OF DR T.K. WHITAKER

Dr TK Whitaker
Jan 10 2017 Posted: 10:24 GMT

In a tribute to the late Dr T.K. Whitaker, former Chancellor of the National University of Ireland, Dr Jim Browne, President of NUI Galway said:

“On behalf of NUI Galway, I want to express great sadness at the passing of one of the Ireland’s most exemplary public servants.

In a career defined by innovation and dedication, led the transformation of Irish economic policy which has shaped modern Ireland.

His service to the State continued long beyond his retirement in 1976 and had a major impact on many of facets of Irish life with more than 40 organisations having benefited from his wisdom and leadership.

For those of us in academic life, we remember with fondness and high regard his Chancellorship of the National University of Ireland for over 20 years, from 1976 to 1996, at a time when higher education in Ireland underwent its most radical transformation.

We are honoured that the Whitaker Institute at NUI Galway stands as acknowledgement of his stature as a policy leader whose legacy will be to have shaped modern Ireland as a sustainable economy, an inclusive society, and a healthy democracy where academic debate and public discourse engage together to advance the greater good.

I would like to extend sincere sympathy to his family and friends. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”

RÁITEAS AR BHÁS AN DR T.K. WHITAKER

 In ómós don Dr TK Whitaker, nach maireann, iar-Sheansailéir Ollscoil na hÉireann, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne:

“Thar ceann OÉ Gaillimh, ba mhaith liom ár mórbhrón a chur in iúl go bhfuil duine de mhórsheirbhísigh eiseamláireacha poiblí na hÉireann ar lár.

Ba cheannródaí tiomanta an Dr TK Whitaker ar feadh a shaoil ghairmiúil agus stiúraigh sé an claochló ó bhonn a tháinig ar pholasaí eacnamaíoch na hÉireann a mhúnlaigh Éire na linne seo.

Thug sé seirbhís don Stát i bhfad i ndiaidh dó dul ar scor in 1976 agus bhí mórthionchar aige ar an iliomad gné de shaol na hÉireann. Chuaigh a chuid ceannaireachta agus géarchúise chun tairbhe bhreis agus dhá scór eagraíocht.

Cuimhnímidne sa saol acadúil, le hardmheas agus le cion, ar a théarma Seansailéireachta ar Ollscoil na hÉireann ar feadh tréimhse de scór bliain, ó 1976 go 1996, tráth a ndeachaigh mórathrú ar an ardoideachas in Éirinn.

Cúis bhróid dúinn gurb ann d’Institiúid Whitaker in OÉ Gaillimh ar aitheantas é ar a sheasamh mar cheannródaí polasaí. Clocha ar a charn gur mhúnlaigh sé Éire na linne seo mar gheilleagar inbhuanaithe, mar shochaí chuimsitheach agus mar dhaonlathas folláin, áit a mbíonn caibidil acadúil agus an dioscúrsa poiblí ag cur lena chéile chun leas an phobail.

Is mian liom ár gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena theaghlach agus a chairde. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories