Launching NUI Galway as hosts of the 2017 Independent.ie Fitzgibbon Cup were Mike Heskin, Director of Sport, NUI Galway; Dr Jim Browne, President, NUI Galway; (back row, l-r) Clare hurler Conor Cleary, NUI Galway Captain; Arlene Regan, Independent.ie; John Hynes and Pat Kearney, Galway GAA.
Jan 30 2017 Posted: 15:43 GMT

The finals of the Independent.ie Higher Education Fitzgibbon Cup senior hurling championship will be hosted by NUI Galway on 24-25 February, and were officially launched today at the University. It was announced that the final of the Independent.ie Fitzgibbon Cup will be held in Pearse Stadium, Salthill. The semi-finals of the competition will be held in Dangan, the NUI Galway Sports Grounds, along with the semi-finals of the Ryan Cup and the Fergal Maher Cups.

The final of the Cup, which is sponsored by Independent.ie for the third year, will also be broadcast live on TG4 and takes place on Saturday, 25 February, 2017.

The annual Independent.ie Fitzgibbon Cup dinner will take place on Friday, 24 February in the Westwood Hotel, where the late Joe McDonagh’s association with Gaelic Games at the University will be celebrated on a night I gCuimhne ar Joe.

While in college, Joe played for the UCG football and hurling teams, winning a Fresher’s hurling medal in 1972 and featuring in several Sigerson and Fitzgibbon campaigns. As a postgraduate student in 1977 he finally collected his Fitzgibbon Cup medal, having beaten Maynooth in the final, 1-14, 1-12.

In the history of the Cup, NUI Galway has won the title 10 times, the last in 2010 when hosted by the University. Previous to that that was 37 years ago in 1980 when also hosted in the west. In the 2016 championship, Mary Immaculate College hurlers were crowned title holders for the first time after defeating their local rivals University of Limerick in extra time. Trinity College Dublin took in the Ryan Cup, and IT Sligo took the Fergal Maher Cup.

Commenting on the upcoming championship, Mike Heskin, NUI Galway Director of Sport, said: “NUI Galway is delighted to host the Fitzgibbon Cup sponsored by Independent.ie at the NUI Galway Sport Complex in Dangan. It will be a great festival of hurling with inter county players from all over the country. We are very grateful for the assistance provided by Galway GAA, Croke Park and our sponsors Bank of Ireland in hosting this event.  NUI Galway have won the competition on ten occasions and we hope 2017 will see the University back in the top flight of third level hurling. I would especially encourage all hurling lovers in the West of Ireland to come and support the teams over the weekend.”

Arlene Regan, Marketing Manager, Independent.ie said; “We are delighted to be sponsors of the Independent.ie Sigerson and Fitzgibbon Cups for the third year running. These competitions showcase the best of the young GAA talent in the country and as a media organisation that is steeped in GAA tradition, we value our partnership greatly. Best of luck to all the participants this year - if last year is anything to go by, there is a very exciting few months ahead.”

-Ends-

Corn Mhic Giobúin Independent.ie á reáchtáil ag OÉ Gaillimh in 2017 

Reáchtálfaidh OÉ Gaillimh craobhchomórtas Chorn Mhic Giobúin Independent.ie, an craobhchomórtas ardoideachais iománaíochta sinsir, an 24-25 Feabhra, agus seoladh go hoifigiúil an comórtas san Ollscoil inniu. Beidh cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin Independent.ie ar siúl ar Pháirc an Phiarsaigh i mBóthar na Trá.  Beidh na cluichí leathcheannais ar siúl sa Daingean, Ionad Spóirt OÉ Gaillimh, mar aon le cluichí leathcheannais Chorn Uí Riain agus Chorn Fergal Maher.

Craolfar beo ar TG4 cluiche ceannais an Choirn, atá urraithe ag Independent.ie don tríú bliain anois, Dé Sathairn, an 25 Feabhra 2017.

Beidh dinnéar bliantúil Chorn Mhic Giobúin Independent.ie ar siúl Dé hAoine, an 24 Feabhra in Óstán an Westwood, áit a ndéanfar ceiliúradh ar an gceangal a bhí ag Seosamh Mac Donncha leis na Cluichí Gaelacha san Ollscoil ag an ócáid I gCuimhne ar Joe.

Sa choláiste, d'imir Joe ar fhoirne peile agus iománaíochta COG. Bhuaigh sé bonn iománaíochta sa chéad bhliain i 1972 agus bhí sé páirteach in go leor comórtais Sigerson agus Mhic Giobúin. Mar iarchéimí i 1977, bhuaigh sé bonn i gCorn Mhic Giobúin sa deireadh, nuair a bhí an bua ag COG ar Mhá Nuad sa chluiche ceannais, 1-14, 1-12.

Tá an Corn buaite ag OÉ Gaillimh deich n-uaire. Is in 2010 a bhuaigh an Ollscoil go deireadh é nuair a bhí an comórtas ar siúl san ollscoil. Tá sé 37 bliain ó shin, i 1980 ó reáchtáladh an Corn san iarthar. I gcraobh 2016, ba iad iománaithe Choláiste Mhuire gan Smál a bhuaigh an corn den chéad uair riamh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar a gcomharsana Ollscoil Luimnigh in am breise. Ba iad Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a bhuaigh Corn Uí Riain, agus ba iad IT Shligigh a bhuaigh Corn Fergal Maher.

Ag labhairt dó faoin gcraobhchomórtas, dúirt Mike Heskin, Stiúrthóir Spóirt OÉ Gaillimh: “Cúis áthas do OÉ Gaillimh Corn Mhic Giobúin a reáchtáil, urraithe ag Independent.ie in Ionad Spóirt OÉ Gaillimh sa Daingean. Ócáid iontach iománaíochta a bheas inti agus beidh imreoirí contae as fud fad na tíre páirteach. Táimid an-bhuíoch as an gcúnamh ó CLG Chontae na Gaillimhe, Páirc an Chrócaigh agus ónár n-urraitheoirí Banc na hÉireann chun an ócáid seo a reáchtáil.  Tá an comórtas buaite ag OÉ Gaillimh deich mbabhta agus tá súil againn go mbeidh an Ollscoil ar ais i mbarr a réime in 2017 ó thaobh iománaíochta ag an tríú leibhéal de. Mholfainn do dhaoine ar spéis leo an iománaíocht san iarthar tacú leis na foirne ag an deireadh seachtaine.”

 Dúirt Arlene Regan, Bainisteoir Margaíochta, Independent.ie; “Tá an-áthas orainn urraíocht a dhéanamh ar Chorn Sigerson agus Mhic Giobúin Independent.ie don tríú bliain as a chéile. Léiríonn na comórtais seo na himreoirí óga CLG is fearr sa tír agus mar eagraíocht atá báite sna meáin agus i dtraidisiún CLG, is mór againn an chomhpháirtíocht seo. 

Go n-éirí an t-ádh leis na rannpháirtithe ar fad i mbliana - má bhíonn sé cosúil leis an mbliain seo caite, tá cúpla mí iontach romhainn.”

 -Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories