Aimsigh do Mháistreacht ag Lá Oscailte na nIarchéimithe in OÉ Gaillimh

Nov 06 2017 Posted: 09:13 GMT

Beidh Lá Oscailte bliantúil na nIarchéimithe ar siúl in OÉ Gaillimh Dé Máirt, an 7 Samhain, ó 12-3pm i Halla Bailey Allen, Áras na Mac Léinn. Is ócáid thábhachtach an Lá Oscailte do dhaoine gairmiúla, do chéimithe agus d’fhochéimithe reatha atá ag díriú ar a bhfuil amach rompu, agus a bhfuil rún acu a gcuid cáilíochtaí a thabhairt suas chun dáta, cur lena gcuid scileanna, cur lena gcuid saineolais agus, dá réir sin, cur leis na deiseanna fostaíochta atá acu.

Beidh eolas á thabhairt ag an Lá Oscailte faoi os cionn 170 clár iarchéime lánaimseartha agus páirtaimseartha de chuid OÉ Gaillimh, agus beidh eolas le fáil ann faoi rogha leathan máistreachtaí taighde agus dochtúireachtaí. Beidh níos mó ná 100 seastán ann a mbeidh eolas le fáil acu faoi na deiseanna iarchéime san Ollscoil agus beidh idir chomhaltaí foirne acadúla agus mhic léinn i láthair le ceisteanna faoi chúrsaí ar leith a fhreagairt.

Ag labhairt di faoin tairbhe a bhaineann le cáilíocht iarchéime, míníonn Valerie Leahy, Oifigeach Earcaíochta Iarchéime, an fáth ar cheart do mhic léinn cuimhneamh go láidir ar a gcuid roghanna tar éis na céime, “Léiríonn taighde go dtagann méadú suntasach ar chumas tuillimh agus ar na deiseanna le dul chun cinn a dhéanamh i ngairmeacha tar éis cáilíocht iarchéime.  Lena chois sin, cuireann sí le hinfhostaitheacht.”

Bíonn an-tóir ar Ghaillimh ag mic léinn. De thoradh an fógra a rinneadh le gairid go raibh OÉ Gaillimh ainmnithe mar Ollscoil na Bliana 2018 mar aon leis an Ollscoil a bheith rangaithe ar an 1% is fearr ar domhan de réir Ranguithe Domhanda QS, is féidir le mic léinn a bheith cinnte go bhfaighidh siad cáilíocht ó ollscoil atá aitheanta as ardchaighdeán teagaisc agus taighde.

Le cinneadh a dhéanamh tabhairt faoi cháilíocht iarchéime, tá sé fíorthábhachtach oiread eolais agus is féidir a fháil faoin bpróiseas iarratais agus faoi na roghanna maoinithe atá ar fáil. Tugann an Lá Oscailte na daoine agus na heagraíochtaí ar fad a chuireann tacaíocht ar fáil do mhic léinn iarchéime le chéile ar aon láthair amháin.

Beidh eolas faoi chláir nua do 2018 le fáil ag an Lá Oscailte lena n-áirítear cláir Mháistreachta i nGnóthaí Rialúcháin na Teicneolaíochta Leighis agus Caighdeáin; Cillmhonarú agus Cillteiripí; Micreascópacht agus Íomháú; Cosliacht; Ceannaireacht Chomhshaoil; Gnó agus Fáilteachas; Cuntasaíocht agus Anailísíocht Idirnáisiúnta; agus Agrai-Eolaíochtaí Bitheacha.

Le spléachadh a fháil ar chláir iarchéime nua eisiacha OÉ Gaillimh, agus le háit a chur in áirithe ag an Lá Oscailte féach www.nuigalway.ie/postgraduate-open-day

-Críoch- 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories