Searmanais Bhronnta an Gheimhridh OÉ Gaillimh

Nov 21 2017 Posted: 16:07 GMT

Céimeanna oinigh le bronnadh ar bhunaitheoir carthanachta agus ar fhísithe na Féile Ealaíon

Bronnfar céim ar bhreis is 1,450 mac léinn as na cúig choláiste in OÉ Gaillimh ag searmanais bhronnta an gheimhridh a bheidh ar siúl san Ollscoil ó Dé Máirt, an 21 go dtí Déardaoin, an 24 Samhain. Le linn na searmanas, bronnfar céimeanna oinigh ar fhísithe Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, John Crumlish agus Paul Fahy, agus ar bhunaitheoir carthanachta áitiúil, Jack McCann.

Mar aitheantas ar a bhfuil bainte amach aige sa phobal agus ar a obair charthanachta, bronnfar céim Dhochtúireachta le Dlíthe ar Jack McCann Dé Máirt, an 21 Samhain.

Is máinlia plaisteach ar scor é Jack a d’oibrigh in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, 1989-2010. In 2005 chomhbhunaigh sé an charthanacht, Irish Friends of Albania (Cairde na hAlbáine) agus téann sé ann faoi dhó sa bhliain le foireann oibrithe deonacha leighis chun oibriú in ospidéil. Ó 2002, tá na céadta obráidí déanta aige ar ghasúir agus ar dhaoine fásta chun míchumaí láimhe agus gortuithe dó a fheabhsú nó a cheartú dóibh.  Ina theannta sin, cuireann Jack ceardlanna oiliúna micreamháinliachta saor in aisce ar fáil san Albáin gach bliain, ag cur oiliúint ar mháinlianna na tíre sin torthaí níos fearr a bhaint amach dá n-othair.  Eagraíonn sé imeachtaí bailiúcháin airgid i gcaitheamh na bliana, ag críochnú obair na bliana le Bál bliantúil de Chairde na hAlbáine.  Is iarchathaoirleach ar Chumann Máinlianna Plaisteacha na hÉireann é.   Tá saothar foilsithe aige ar a n-áirítear ceithre dhráma, gearrscéalta agus dhá bhailiúchán filíochta. 

Mar aitheantas ar an obair a rinne siad beirt ar Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe a athrú ó bhonn, bronnfar céim oinigh Dhochtúireachta sna Dána ar John Crumlish, Príomhfheidhmeannach agus ar Paul Fahy, Stiúrthóir Ealaíne agus Léiritheoir Dé Céadaoin, an 22 Samhain 2017.   

Is ócáid í Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint léi chomh maith le tionchar idirnáisiúnta aici agus fáil idirnáisiúnta uirthi; cuireann an Fhéile go mór le cultúr, geilleagar agus saol intleachtúil na Gaillimhe agus na hÉireann; agus tá sí ar thús cadhnaíochta i bhforbairt cineálacha nua ealaíne in Éirinn agus ar fud an domhain. Tríd an gcomhpháirtíocht thábhachtach le OÉ Gaillimh ó 2012 i leith, cuireadh deiseanna nua ar fáil d’ealaíontóirí agus do léiritheoirí gairmeacha rathúla agus inbhuanaithe a chruthú in iarthar na hÉireann.

Ag labhairt dó roimh na searmanais, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Le 1,500 dár gcéimithe ag leanúint lena gcuid cuspóirí a bhaint amach, tá sé thar a bheith oiriúnach go dtabharfaimid aitheantas don obair ollmhór atá déanta ag Jack McCann, John Crumlish agus Paul Fahy, a chuir ar chumas an phobail, go háitiúil agus freisin ar ardán idirnáisiúnta, fíorthionchar a bheith acu ar fud an domhain.”

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories