Bronnadh an Fhómhair in OÉ Gaillimh

Oct 17 2017 Posted: 15:31 IST

Céim Oinigh le bronnadh ar Ollamh ó Ollscoil Villanova

Bainfidh os cionn 2,500 mac léinn céim amach in OÉ Gaillimh sna Searmanais Bronnta Céime a bheidh ar bun idir 17-21 Deireadh Fómhair.
Bronnfaidh an Ollscoil Céim Oinigh Dhochtúireachta san Litríocht ar an Ollamh Jim Murphy, Stiúrthóir Emeritus an Chláir sa Léann Éireannach in Ollscoil Villanova.

Bronnfar Céimeanna, Ard-Dioplómaí agus Máistreachtaí le linn na gcúig lá ar mhic léinn ó Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte; ó Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice; ó Choláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí; ó Choláiste na hEolaíochta; agus ó Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.

Déanfar bronnadh ar Jim ar an méid oibre atá déanta aige ag cur béim idirdhisciplíneach chun cinn ar staidéar staire agus cultúir na hÉireann agus Ghael-Mheiriceá araon. Tá clár Villanova ar an gclár fochéime sa Léann Éireannach is sine agus is mó i Stáit Aontaithe Mheiriceá anois. 

Sa bhliain 2008, d’ainmnigh an irisleabhar Irish America an tOllamh Murphy ar dhuine den 100 Scoth-Ghael-Mheiriceánach. Bronnadh duais Lindback for Outstanding Teaching air chomh maith. Chuaigh sé ar scor ó Ollscoil Villanova sa bhliain 2010.

Ag labhairt dó roimh na searmanais bhronnta, dúirt an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Thar ceann OÉ Gaillimh, déanaim comhghairdeas lenár gcéimithe ar fad agus tá fearadh na fáilte roimh a dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus a gcairde. Tá ríméad orainn aitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí agus guímid gach rath orthu san am atá le teacht.”

Bhí searmanais bhliantúla an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh ar siúl Dé Sathairn, an 14 Deireadh Fómhair. Bronnadh dámhachtainí ar níos mó ná 800 mac léinn a chríochnaigh a gcúrsaí teastais, dioplóma agus céime in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories