Ceardlanna Amhránaíochta ar an Sean-nós in OÉ Gaillimh

Sarah Ghriallais, amhránaí ar an Sean-Nós
Sep 18 2017 Posted: 15:54 IST

Eagróidh Ionad an Léinn Éireannaigh in OÉ Gaillimh sraith ceardlann san amhránaíocht ar an sean-nós. Beidh an chéad cheardlann ar siúl Dé Céadaoin, an 27 Meán Fómhair.  

Is í Sarah Ghriallais, a ceapadh mar Amhránaí Cónaitheach ar an Sean-nós in OÉ Gaillimh don bhliain 2017 a bheidh i mbun na gceardlann. Is as Muiceanach, Camus do Sarah agus is amhránaí ar an sean-nós den scoth í, bhuaigh sí Corn Uí Riada, an comórtas amhránaíochta ar an sean-nós is mó le rá ag Oireachtas na Gaeilge. Bhí amhránaíocht Sarah le cloisteáil ar stáitse, i gcláir faisnéise agus i scannáin. 

Déanfaidh Sarah cúig cheardlann amhránaíochta in Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh. Beidh an chéad cheardlann sa tsraith ar siúl Dé Céadaoin, an 27 Meán Fómhair ag 7pm. Tá na ceardlanna saor in aisce agus tá fáilte roimh chách. 

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon i bpáirt le hIonad an Léinn Éireannaigh in OÉ Gaillimh atá i mbun na scéime seo. 

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le: Samantha Williams ag 091 492051 nó Samantha.williams@nuigalway.ie

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories