OÉ Gaillimh ag coinneáil a áit i Ranguithe an Times Higher

Sep 05 2017 Posted: 14:39 IST

Dul chun cinn i gceithre cinn de na cúig réimsí rangaithe

Dhaingnigh OÉ Gaillimh a áit mar cheann de na 250 Ollscoil is fearr ar domhan i Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid Times Higher Education (THE) 2017-18, ag fanacht sa réimse idir 201-250, agus ag déanamh dul chun cinn i gceithre cinn de na cúig phríomhchatagóir - dearcadh idirnáisiúnta,  taighde, tionchar tagairtí agus ioncam ó thionscal.

D’éirigh linn le gairid an 243ú háit a bhaint amach ar domhan i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain 2017/2018 a fógraíodh i mí an Mheithimh 2017, agus is é OÉ Gaillimh an t-aon ollscoil in Éirinn a rinne dul chun cinn nó a choinnigh a áit sa dá phríomhrangú idirnáisiúnta le cúig bliana anuas.

Is léiriú é an feabhas leanúnach seo ar an dul chun cinn atá déanta le déanaí ag an Ollscoil a mhínigh Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Ní tomhas iad ranguithe ar chultúr ná ar an gcúis a bhfuil Ollscoil ina háit iontach le foghlaim inti, ach is teist é ar fhís agus ar obair chrua na foirne agus na mac léinn go bhfuilimid ardaithe ón 500 is fearr in 2007 go dtí an 250 is fearr anois. Bhí an t-ádh linn go bhfuaireamar maoiniú daonchairdiúil agus státchiste a chuir ar ár gcumas an campas a athrú ó bhonn le blianta beaga anuas, agus táimid anois ag feiceáil an tionchar atá aige seo agus muid ag déanamh an-dul chun cinn ó thaobh teagaisc agus taighde de.  

“I ndeireadh na dála, tá sé seo tábhachtach dár gcuid mac léinn. I margadh poist idirnáisiúnta, baineann tábhacht ar leith le ranguithe. Beidh ár gcuid mac léinn mar cheannairí agus nuálaithe sa todhchaí agus nuair a bhreathnaímid ar fhorbairt gheilleagrach, ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfuil na tacaíochtaí cuí ar fáil chun cabhrú lenár mic léinn a bheith uaillmhianach agus barr a gcumais a bhaint amach.”

Tá tábla sraithe an Times Higher Education de na hollscoileanna is fearr ar domhan bunaithe ar 13 tháscaire feidhmíochta ar leith a chlúdaíonn gach croímhisean a bheadh ag ollscoil den scoth; teagasc, taighde, aistriú eolais agus dearcadh idirnáisiúnta. Tá ceann de na suirbhéanna is mó ar domhan maidir le cáil acadúil áirithe sa suirbhé seo chomh maith. Fiafraíodh de bhreis is 10,000 duine acadúil na hollscoileanna is fearr a rátáil do rangú 2017/18. 

Tá Ranguithe Ollscoile Times Higher Education (THE) le feiceáil ar líne ag:

 http://www.timeshighereducation.co.uk/world-university-rankings/ 

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories