Uachtarán Nua Ceaptha ag OÉ Gaillimh

An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh
Sep 04 2017 Posted: 16:39 IST

Cuirfidh an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Príomhoide agus Déan Choláiste an Ghnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), tús lena Théarma Uachtaránachta in 2018

D’fhógair OÉ Gaillimh inniu go bhfuil an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ceaptha mar an 13ú hUachtarán ar an Ollscoil agus go dtosóidh a théarma in Eanáir 2018. Tiocfaidh an tOllamh Ó hÓgartaigh i gcomharbacht ar an Dr Jim Browne ag deireadh a théarma deich mbliana.

 Tá an tOllamh Ó hÓgartaigh ina Phríomhoide agus Déan ar Choláiste an Ghnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) ó 2011, áit a bhfuil sé i gceannas ar na scoileanna i mBaile Átha Cliath (Scoil Ghnó Lochlann Uí Chuinn UCD, Scoil Chéimithe Ghnó Michael Smurfit UCD, agus UCD Smurfit Executive Development), agus ar na cláir thar lear in Hong Cong, Singeapór agus Srí Lanca. Léirigh sé ceannaireacht láidir acadúil ina róil in Victoria University Of Wellington, sa Nua-Shéalainn agus in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Seo mar a labhair an Breitheamh Onórach Catherine McGuinness, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile, faoin gceapachán: “Ó thús an phróisis seo, bhí ceannaire á lorg againn atá in ann cur leis an dul chun cinn suntasach atá déanta le linn uachtaránacht an Dr Jim Browne agus atá in ann foireann agus mic léinn OÉ Gaillimh a spreagadh chun tuilleadh ratha a bhaint amach san Ollscoil iontach seo. Ón méid atá bainte amach aige mar cheannaire go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, tá sé léirithe ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh go bhfuil an taithí agus an fhís atá riachtanach don ról seo aige, agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis ar chur chun cinn na hOllscoile amach anseo.”

Chuir an tUachtarán reatha, an Dr Jim Browne, fáilte roimh an gceapachán: “Tá ceannaireacht láidir acadúil léirithe ag an Ollamh Ó hÓgartaigh agus tá go leor bainte amach aige i réimse an idirnáisiúnaithe. Cuirim fáilte roimh Chiarán chuig OÉ Gaillimh agus guím gach rath air agus é ag tabhairt ceannaireachta ar phobal iontach na hOllscoile – idir chomhaltaí foirne agus mhic léinn – chun go mbeidh deis acu ar fad barr a gcumais a bhaint amach.”

 Seo mar a labhair an tOllamh Ó hÓgartaigh faoina cheapachán:

“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar Uachtarán ar OÉ Gaillimh, mo alma mater féin. Nuair a áirítear an oidhreacht agus an réigiún uathúil atá ag an Ollscoil, chomh maith le hardchaighdeán na ndaoine, agus bua agus doimhneacht an taighde agus eispéireas na mac léinn, tá deis iontach ag OÉ Gaillimh cur leis an gcáil atá uirthi agus a tionchar go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Táim ag súil go mór le filleadh ar mo chathair dhúchais agus ar an Ollscoil a chuaigh go mór i bhfeidhm orm agus le dul i mbun oibre i gcomhpháirt le mo chomhghleacaithe nua ar mhaithe lenár mic léinn agus leis an tsochaí i gcoitinne.”

Beathaisnéis

Tá Ciarán Ó hÓgartaigh ina Ollamh le Cuntasaíocht agus Déan an Ghnó sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), áit a bhfuil sé i gceannas ar na scoileanna i mBaile Átha Cliath (Scoil Ghnó Lochlann Uí Chuinn UCD, Scoil Chéimithe Ghnó Michael Smurfit UCD, agus UCD Smurfit Executive Development), agus na cláir thar lear in Hong Cong, Singeapór agus Srí Lanca.

Ba i Scoil Iognáid agus Coláiste Iognáid a fuair Ciarán a chuid scolaíochta, agus is céimí de chuid OÉ Gaillimh é, áit ar bhain sé céadonóracha amach agus an chéad áit sa rang. Chuaigh sé i mbun traenála mar chuntasóir cairte le Arthur Andersen agus bhain sé céim PhD sa Chuntasaíocht amach in Ollscoil Leeds. Foilsíodh go forleathan é i réimse na cuntasaíochta agus tá sé tar éis tréimhse a chaitheamh ag obair i bpostanna acadúla in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Victoria University of Wellington, sa Nua-Shéalainn.

Chaith sé tréimhse ar scoláireacht Fulbright in Northeastern University, Massachusetts. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus tá sé ina bhall de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Airgeadais.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories