NUI Galway Continues Strong Performance in QS World University Rankings

Jun 07 2018 Posted: 11:29 IST

NUI Galway continues to perform strongly in the QS World University Rankings, ranked 260 this year out of the 1,233 Universities considered in this year’s QS ranking, maintaining its position among the world’s elite educational institutions.

Although its ranking has fallen slightly this year, since 2014 NUI Galway has moved up 24 places, and it was the only Irish institution to increase its ranking year on year in the previous five years. NUI Galway continues to perform strongly in its international scores, reflecting the welcoming nature and vibrant international population of Galway city.  The impact of investment and improvement in education and research in other nations has meanwhile resulted in Ireland’s universities improving research performance, yet other nations have caught up. 

Speaking on the announcement of this year’s QS rankings, President of NUI Galway, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh observed that “We are on a flat curve where small changes make for a potentially large change in our rankings. In that context, we will continue to focus on what makes a difference for our students and for our society, drawing on the strengths of our hinterland to further enhance our international reputation and reach."

Noting the QS comments on Irish Universities more generally and that the rest of the world is ‘catching up’, Professor Ó hÓgartaigh commented that this suggests that “investment in education is critically important as Ireland’s consistent source of economic and social development. Our students compete with the best in the world and, for them, so do we.”

Globally, Massachusetts Institute of Technology is named the world’s leading university for a record-breaking seventh consecutive year. QS now rank the world’s top 1000 universities, which hail from 85 different countries, and their flagship website, www.TopUniversities.com is due to be visited over 65 million times this year.

The full rankings can be found at www.TopUniversities.com from Wednesday, 6 June, 2018.

ENDS

Gaisce déanta ag OÉ Gaillimh arís i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS

Tá gaisce déanta ag OÉ Gaillimh arís i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS. Rangaíodh ar an 260ú Ollscoil i mbliana í as 1,233 Ollscoil a ndearnadh measúnú orthu i ranguithe QS. Léiríonn sin go bhfuil sí ar cheann de scoth-institiúidí an domhain i gcónaí.

Cé go bhfuil an rangú a rinneadh uirthi beagán níos ísle i mbliana, ó 2014 tá OÉ Gaillimh i ndiaidh bogadh suas 24 áit ar an liosta, agus ba í an t-aon institiúid Éireannach í a raibh a rangú ag ardú bliain i ndiaidh bliana le cúig bliana roimhe sin.  Tá OÉ Gaillimh ag déanamh gaisce sna ranguithe idirnáisiúnta i gcónaí, agus is léiriú é sin ar a fháiltiúla atá cathair na Gaillimhe agus ar an bpobal bríomhar idirnáisiúnta atá sa chathair.  Chuir an infheistíocht a rinneadh san oideachas agus sa taighde i dtíortha eile brú ar ollscoileanna na hÉireann cur leis an méid taighde a bhí ar siúl acu, ach tá tíortha eile sna sála againn anois. 

Ag labhairt dó nuair a fógraíodh ranguithe QS na bliana seo, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Táimid ar chuar comhréidh agus d’fhéadfadh tionchar nach beag a bheith ag athruithe beaga ar an rangú a dhéantar orainn. Ina fhianaise sin, leanfaimid orainn ag díriú ar nithe a mbíonn tionchar acu ar ár gcuid mac léinn agus ar ár sochaí, agus beimid ag tarraingt ar láidreachtaí an cheantair mórthimpeall orainn le cur leis an gcáil idirnáisiúnta atá orainn.”

Agus é ag tagairt don mhéid a bhí le rá ag QS faoi Ollscoileanna na hÉireann i gcoitinne agus an chaoi a bhfuil an chuid eile den domhan ‘sna sála’ orainn, dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go léiríonn sin go bhfuil “infheistíocht san oideachas thar a bheith tábhachtach mar fhoinse sheasmhach forbartha eacnamaíochta agus sóisialta. Bíonn ár gcuid mac léinn in iomaíocht leis na mic léinn is fearr ar domhan agus caithfimidne dul in iomaíocht le scoth na n-ollscoileanna chomh maith, ar mhaithe leis na mic léinn.

Tá curiarracht bainte amach ag Massachusetts Institute of Technology ar tugadh séala na hollscoile is fearr ar domhan di don seachtú bliain as a chéile. Déanann QS rangú anois ar an 1000 ollscoil is fearr as 85 tír ar fud an domhain, agus tabharfar níos mó ná 65 milliún cuairt i mbliana ar an láithreán gréasáin den scoth atá acu, www.TopUniversities.com.

Beidh na ranguithe ar fad le feiceáil ag www.TopUniversities.com ó Dé Céadaoin, 6 Meitheamh

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories