Léachtóir san Acadamh in OÉ Gaillimh le Fadscannán Gaeilge €1.2 milliún a Stiúradh

Seán Breathnach, léachtóir sna meáin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh
May 10 2018 Posted: 12:33 IST

Tá léachtóir sna meáin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh,  Seán Breathnach roghnaithe le bheith ina stiúrthóir ar fhadscannán Gaeilge do TG4 faoin scéim maoinithe Cine4.

Bíonn Seán Breathnach, as Leitir Mealláin i gConamara, i mbun scriptscríobh agus léiriú físe a theagasc ar an BA Cumarsáid agus Gaeilge san Acadamh. Scríobh sé agus stiúróidh sé an script don scannán Foscadh. Is í seo an chéad uair a mbeidh fadscannán á stiúradh aige.

Foscadh á léiriú ag Paddy Hayes don chomhlacht Léirithe Magamedia, atá lonnaithe i nGaillimh. Dráma tuaithe dorcha, lonnaithe i gConamara, atá ann. Nuair a fhaigheann fear óg místuama amach go bhfuil athzónáil i gcomhair tithíochta déanta ar an talamh a fuair sé le huacht i ndiaidh báis a mháthair, ar baintreach í, téann sé rite air a chuid naimhde a dhealú óna chuid cairde nua.

Roghnaigh TG4 agus Bord Scannán na hÉireann an scannán le cur faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann an mhí seo faoin scéim, a bhfuil dianiomaíocht agus maoiniú €1.2 milliún in aghaidh an scannáin ag gabháil léi. Déanfar an scannán a thaifeadadh i lár na bliana 2019 agus déanfar é a thaispeáint ag roinnt féilte idirnáisiúnta scannán le linn 2020. Déanfar é a thaispeáint sna pictiúrlanna in Éirinn agus ar TG4 ina dhiaidh sin.

Fuair an Breathnach maoiniú ón mBord Scannán roimhe seo chun an gearrscannán Maidhm a dhéanamh. Ghnóthaigh an scannán seo roinnt duaiseanna agus léirmheasanna moltacha ag breis is dosaen féile scannán in Éirinn, ar Mhór-Roinn na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus san Áis.

Tá scríofa aige freisin faoin dátheangachas sna drámaí teilifíse, agus rinne sé iniúchadh ar dhomhan scéalaíochta An Klondike agus Corp + Anam a foilsíodh in iris phiarmheasúnaithe an Acadaimh, Léann Teanga: An Reiviú (2017).

-Críoch-

NUI Galway Lecturer to Direct a €1.2 million Full-length Feature Film in Irish

A lecturer in Media in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge at NUI Galway, Seán Breathnach, has been selected to direct a full-length feature film for TG4 under the flagship Cine4 funding scheme.

Seán, who teaches scriptwriting and video production on the University’s BA Cumarsáid agus Gaeilge, wrote and will direct the script for Foscadh, marking his début production as director of a full-length feature-length film.

Produced by Paddy Hayes of Galway-based Magamedia Productions, Foscadh is a dark rural drama set in Connemara. When an awkward young recluse finds his inherited land rezoned for housing after the death of his widowed mother, he struggles to distinguish friend from foe amongst his new found acquaintances.

In a highly competitive scheme, the film has been selected by TG4 and Bord Scannán na hÉireann / the Irish Film Board for submission to the Broadcast Authority of Ireland this month with an overall budget of €1.2 million. The film will be shot in mid-2019 and will be screened at a number of international festivals during 2020 prior to its theatrical release in Ireland and its television premiere on TG4.

Breathnach, who hails from Leitir Mealláin in Connemara, was previously funded by the film board to make the award-winning short film Maidhm. This film was shown to critical acclaim at more than a dozen film festivals in Ireland, continental Europe, the US and Asia.

Breathnach has also written about bilingualism and television drama, including a discussion of the storytelling world of An Klondike and Corp + Anam, for the Acadamh’s peer-reviewed journal, Léann Teanga: An Reiviú (2017).

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories