NUI Galway Student Awarded Top Irish Radio Prize at the National Student Media Awards

Meadhbh Ní Eadhra was presented with the ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge – Raidió’ award at the recent National Student Media Awards.
Apr 30 2018 Posted: 10:40 IST

NUI Galway student Meadhbh Ní Eadhra was announced the winner of ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge – Raidió’ at the prestigious National Student Media Awards recently. Meadhbh was presented the award by Lynette Fay, Radio Journalist with BBC Radio Ulster and NUI Galway graduate, in front of an audience that included RTÉ’s Eileen Dunne, Senator David Norris, and Dublin GAA Manager Jim Gavin. The award was proudly sponsored by Foras na Gaeilge.

“I am delighted to receive this recognition from well-known and much-respected names in the media industry,” said Meadhbh. “I love being on radio and would like to thank the University’s radio station Flirt FM for giving me the opportunity to broadcast my show every week. I have a great passion and love for the Irish language and hopefully my show is testament to that.”

Meadhbh is from Spiddal in Co. Galway. Her radio show ‘Gan Teorainn’, is broadcast live on Flirt FM 101.3 every week. Meadhbh spent many years working as a journalist and literary critic with national newspapers such as Lá Nua, Foinse and Gaelscéal, and presented current affairs shows on Raidió na Life and Flirt FM. She first began broadcasting on radio when she volunteered with Flirt FM as an undergraduate student at NUI Galway, and she won the National Réalt DJ competition during that time. She is a published author who has written three award-winning books for young people, Rua, Fainne Fí Fífí and Faye. She has received many awards for her writing, including Oireachtas na Gaeilge prizes and the Moth International Short Story Prize.

The National Student Media Awards, known as the Smedias by students, are an opportunity for aspiring media professionals to showcase their work and talent to Ireland’s top media personalities with high profile judges such as Academy award winning director Ben Cleary, multiple award winning author and playwright Paul Howard, and various editors and producers from Ireland's leading media organisations. 

-Ends-

Gradam Raidió mór le rá bronnta ar Mhac Léinn OÉ Gaillimh ag Gradaim Náisiúnta na Meán do Mhic Léinn 

Ainmníodh mac léinn de chuid OÉ Gaillimh, Meadhbh Ní Eadhra, mar bhuaiteoir ar an ngradam ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge – Raidió’ ag Gradaim Náisiúnta mór le rá na Meán do Mhic Léinn le déanaí. Bhronn Lynette Fay, Iriseoir Raidió le BBC Raidió Uladh agus céimí de chuid OÉ Gaillimh, an gradam ar Mheadhbh. I measc iad siúd a bhí sa lucht féachana ag an ócáid bhí Eileen Dunne ó RTÉ, an Seanadóir David Norris, agus Bainisteoir CLG Bhaile Átha Cliath, Jim Gavin. Rinne Foras na Gaeilge urraíocht ar an ngradam.

“Tá an-áthas orm an t-aitheantas seo a fháil ó dhaoine a bhfuil ardmheas orthu i dtionscal na meán,” a deir Meadhbh. “Is breá liom a bheith ag craoladh ar an raidió agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le stáisiún raidió na hOllscoile, Flirt FM, as an deis a thabhairt dom mo chlár a chraoladh chuile sheachtain. Tá grá mór agam don Ghaeilge agus tá súil agam gur fianaise é mo chlár air sin.”

Is as an Spidéal i gCo. na Gaillimhe do Mheadhbh. Craoltar a clár raidió ‘Gan Teorainn’ beo ar Flirt FM 101.3 chuile sheachtain. Chaith Meadhbh na blianta ag obair mar iriseoir agus mar léirmheastóir liteartha le nuachtáin náisiúnta cosúil le Lá Nua, Foinse agus Gaelscéal, agus chuir sí cláir cúrsaí reatha i láthair ar Raidió na Life agus ar Flirt FM. Thosaigh sí ag craoladh ar an raidió nuair a rinne sí obair dheonach le Flirt FM agus í ina mac léinn fochéime in OÉ Gaillimh, agus bhuaigh sí comórtas Náisiúnta Réalt DJ le linn na tréimhse sin. Is údar foilsithe í a bhfuil trí leabhar, a bhain gradaim amach, scríofa aici do dhaoine óga, Rua, Fáinne Fí Fífí agus Faye. Is iomaí gradam atá bainte amach aici dá cuid scríbhneoireachta, lena n-áirítear duaiseanna Oireachtas na Gaeilge agus Duais Idirnáisiúnta Moth do Ghearrscéalta.

Is deis iad Gradaim Náisiúnta Meán na Mac Léinn, na Smedias mar a thugann mic léinn orthu, do ghairmithe uaillmhianacha i dtionscal na meán a gcuid oibre agus tallainne a chur ar taispeáint do dhaoine mór le rá sna meáin in Éirinn agus moltóirí cosúil le Ben Cleary, an léiritheoir a bhfuil gradam Oscar buaite aige, Paul Howard, an t-údar agus an drámadóir a bhfuil gradaim go leor buaite aige, mar aon le heagarthóirí agus léiritheoirí éagsúla ó eagraíochtaí móra meán na hÉireann. 

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories