OÉ Gaillimh agus RTÉ le comhoibriú ar chlár nua MA

May 22 2018 Posted: 10:42 IST

Tá Meamram Comhthuisceana sínithe idir OÉ Gaillimh agus RTÉ chun clár nua MA sa chleachtas gairmiúil sna meáin a chur ar fáil, le béim ar an bhfoghlaim phraiticbhunaithe trí mheán na Gaeilge i stiúideonna éagsúla de chuid RTÉ.

Cuirfidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) ar fáil ó Mheán Fómhair 2018. Beidh sé ar fáil ar bhonn lánama agus go páirtaimseartha.

Clár léinn nuálach agus solúbtha é seo ina bhfuil meascán den staidéar acadúil ar líne agus tréimhsí suntasacha i mbun taithí oibre phraiticbhunaithe in RTÉ san iriseoireacht, sa chraoltóireacht agus i gcruthú ábhair don raidió, don teilifís, agus d’ardáin éagsúla ar líne.

Beidh na mic léinn ag foghlaim in OÉ, Gaillimh; in aonaid Ghaeilge de chuid RTÉ i nDomhnach Broc; agus i stiúideonna réigiúnacha i gConamara agus i gceantair Ghaeltachta eile.

"Tá RTÉ thar a bheith sásta a bheith i mbun comhpháirtíochta le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh sa togra suntasach seo," a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

"Is sprioc ar leith í ag RTÉ an chéad ghlúin eile de chraoltóirí na Gaeilge a fhorbairt agus a thabhairt chun cinn, agus tá muid á dhéanamh sin i gcomhar le hOÉ Gaillimh ar bhealach nach bhfuil feicthe in aon institiúid tríú leibhéal in Éirinn go dtí seo," a dúirt sé.

Dúirt stiúrthóir an chláir, an Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, go mbeadh tionchar mór ag céimithe an chláir ar na meáin in Éirinn sna blianta atá romhainn. "Lena mheascán tomhaiste den staidéar teoiriciúil ar na meáin chumarsáide agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe, tá an clár léinn seo ag leanacht an chleachtais is fearr go hidirnáisiúnta in oideachas na meán," a dúirt sé.

"Tá an clár léinn ag freastal ar éilimh ó mhic léinn ar chláir iarchéime a bhfuil naisc láidre acu le fostóirí agus leis an margadh. Tá sé ag teacht dá réir leis na moltaí sa Final Report in respect of a Strategy for the Development of Skills for the Audiovisual Industry in Ireland, a d'fhoilsigh na comhairleoirí Crowe Horwath i mBealtaine 2017."

Tuilleadh eolais ó https://www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ma_cleachtas_gairmiuil_meain/#course_outline.

-Críoch-

NUI Galway and RTÉ to collaborate on new Masters programme

NUI Galway and RTÉ have signed a Memorandum of Understanding for a new Masters programme in professional practice in media, with an emphasis on practice-based learning through Irish at a number of RTÉ studios.

The MA (Cleachtas Gairmiúil san Meáin) will be offered by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge at NUI Galway from September 2018. It will be available on both a full-time and a part-time basis.

This flexible and innovative programme combines online academic modules with significant periods of practice-based work experience in RTÉ in journalism, broadcasting and content creation for radio, television and online platforms.

Students will study at NUI Galway, at different Irish-language units at RTÉ’s headquarters in Donnybrook, in RTÉ regional studios in Connemara, and in other Gaeltacht areas.

RTÉ Group Head of Irish Language, Rónán Mac Con Iomaire, said: “RTÉ is very happy to collaborate with NUI Galway on this important initiative. It is a particular aim of RTÉ to cultivate and develop the next generation of Irish-language broadcasters, and we are doing this in partnership with the University in a way that has not been seen in any third-level institution in Ireland until now.”

Dr Uinsionn Mac Dubhghaill, programme director with Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUI Galway,  said graduates of the programme would have a significant impact on the media in Ireland in the years ahead. “With its balanced mix of the theoretical study of media and practice-based learning it follows best international practice in media education, and responds to a demand from students for postgraduate programmes that have strong links to employers and the market. In doing this, it aligns with the recommendations in the ‘Final Report in respect of a Strategy for the Development of Skills for the Audiovisual Industry in Ireland’, published by consultants Crowe Horwath in May 2017.”

For more information visit https://www.nuigalway.ie/acadamh/cursai/cursai_iarcheime/ma_cleachtas_gairmiuil_meain/#course_outline.

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories