NUI Galway Autumn Conferrings

Pictured during NUI Galway’s Conferring Ceremony were (l-r) Rachel Dineen from Salthill, Galway City and Carroll Daly from Clarinbridge, Co. Galway, who were conferred with an Honours Bachelor of Arts degree.
Oct 16 2018 Posted: 08:40 IST

The University will also confer Honorary Degrees on Catherine Corless, Sharon Shannon, Helen Rochford Brennan, Brendan Dunford

To view a video of the Honorary Conferring proceedings click below:

Catherine Corless
Sharon Shannon
Helen Rochford Brennan
Brendan Dunford

Almost 2,700 students will graduate from NUI Galway during the Autumn Conferring Ceremonies which takes place from 15-19 October. This year there will be two sessions a day, at 10.30am and 3.30pm.

A range of degrees from Undergraduate Certificates, Diplomas, Honours Bachelors, Higher Diplomas, Postgraduate Certificate and Diplomas, and Masters will be awarded to students graduating over the five days from the College of Engineering and Informatics; College of Business, Public Policy and Law; College of Science; and the College of Arts, Social Sciences and Celtic Studies.

Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President of NUI Galway, said: “On behalf of NUI Galway, I congratulate all our graduates and extend a warm welcome to their parents, families and friends. We are delighted to acknowledge their outstanding achievements and wish them continued success in the future.”

The University will also confer four Honorary Degrees throughout the week on:

  • Catherine Corless, local historian, campaigner on behalf of survivors and deceased of the Tuam Mother and Baby Home
  • Sharon Shannon, internationally-recognised traditional Irish musician
  • Helen Rochford Brennan, activist for rights of people with dementia
  • Brendan Dunford, biodiversity campaigner and founder of BurrenBeo Trust.

In recognising the recipients of honorary degrees, President Ó hÓgartaigh said: “In honouring these exceptional individuals, we signal what we value in a range of areas that matter to us and to our society – advocacy and human rights, local history, disability rights, music and environmental sustainability. NUI Galway is very pleased to recognise these exceptional individuals.  On behalf of NUI Galway I am delighted to honour them and their achievements in this way.”

The annual Centre for Adult Learning and Professional Development ceremonies took place on Saturday, 13 October, where awards were conferred on over 1,000 students who completed their certificate, diploma and degree courses at many locations across the country.

For further information on conferring ceremonies and live streaming options visit: www.nuigalway.ie/conferring

-Ends-

Bronnadh Céimeanna an Fhómhair in OÉ Gaillimh 

Bronnfaidh an Ollscoil Céimeanna Oinigh chomh maith ar Catherine Corless, Sharon Shannon, Helen Rochford Brennan, Brendan Dunford

Bainfidh beagnach 2,700 mac léinn céim amach in OÉ Gaillimh sna Searmanais Bronnta Céime a bheidh ar bun idir an 15-19 Deireadh Fómhair. I mbliana beidh dhá sheisiún sa lá ann, 10.30am agus 3.30pm.

Déanfar Teastais Fochéime, Dioplómaí, Céimeanna Baitsiléara Onóracha, Ard-Dioplómaí, Teastais Iarchéime agus Dioplómaí Iarchéime, agus Máistreachtaí a bhronnadh ar mhic léinn a bheidh ag fáil a gcéime ó Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice; Coláiste an Ghnó, an Bheartais
Phoiblí agus an Dlí; Coláiste na hEolaíochta; agus Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh: “Thar ceann OÉ Gaillimh, déanaim comhghairdeas lenár gcéimithe ar fad agus tá fearadh na fáilte roimh a dtuismitheoirí, a dteaghlaigh agus a gcairde. Tá ríméad orainn aitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí agus guímid gach rath orthu san am atá le teacht.”

Bronnfaidh an Ollscoil ceithre Chéim Oinigh chomh maith i rith na seachtaine ar na daoine seo a leanas:

  • Catherine Corless, staraí áitiúil, feachtasóir ar son na ndaoine a tháinig slán agus ar son na ndaoine a fuair bás in Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama
  • Sharon Shannon, ceoltóir traidisiúnta a bhfuil cáil dhomhanda uirthi
  • Helen Rochford Brennan, gníomhaí do chearta daoine a bhfuil néaltrú ag gabháil dóibh
  • Brendan Dunford, feachtasóir bithéagsúlachta agus bunaitheoir Iontaobhas BurrenBeo.

Agus aitheantas á thabhairt aige do na daoine ar bronnadh céimeanna oinigh orthu, dúirt an tUachtarán Ó hÓgartaigh: “Trí onóir a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo, léirímid na luachanna atá againn i réimsí a bhfuil tábhacht leo dúinne agus don tsochaí ina mairimid - abhcóideacht agus cearta daonna, an stair áitiúil, cearta do dhaoine faoi mhíchumas, ceol agus inbhuanaitheacht timpeallachta. Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh a bheith in ann aitheantas a thabhairt do na daoine eisceachtúla seo.  Thar ceann OÉ Gaillimh tá áthas orm onóir a bhronnadh orthu agus ar a gcuid éachtaí.”

Bhí searmanais bhliantúla an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh ar siúl Dé Sathairn, an 13 Deireadh Fómhair, áit ar bronnadh dámhachtainí ar níos mó ná 1,000 mac léinn a chríochnaigh a gcúrsaí teastais, dioplóma agus céime in ionaid éagsúla ar fud na tíre.

Tá tuilleadh eolais faoi na searmanais agus na roghanna sruthaithe beo le fáil anseo: www.nuigalway.ie/conferring

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories