NUI Galway OPEN DAY Programme

Photo Credit: Dr. Chaosheng Zhang
Oct 02 2018 Posted: 10:28 IST
  NUI Galway OPEN DAY Programme
 
NUI Galway has announced the full programme of events for its next CAO Open Day on Friday 5th and Saturday 6th October, 2018. Open Days are an excellent opportunity for prospective students, parents and families to explore NUI Galway’s courses, facilities and university life. Visitors will learn first-hand from lecturers and students about the learning experience at NUI Galway and career prospects for each of the degree programmes.
 
Sarah Geraghty, Student Recruitment and Outreach Manager stresses the importance of making your course choices. “An open day is one of the most important days in planning for making a CAO application as visitors can discuss their concerns with experts and thoroughly explore and compare different study options all in one place. Feedback from previous open days tells us that students and parents leave the event better informed and with better clarity on the course and career choice that is right for them.”
 
There is a packed programme of events, sample lectures and Masterclasses lined up for the day, including:
 
  • Over 80 stands providing information on courses, CAO points, employability, career progression routes, accommodation and fees.
  • Over 100 subject talks designed to give students a real insight into studying at NUI Galway.
  • Interactive sessions in Engineering, Information Technology and robotics.
Tours of the campus, including the state-of the-art sports complex and student accommodation, and tours and talks as Gaeilge.
 
Parents are also advised to leave time in the schedule to attend the Parents Talk, a chance to experience the full range of Support Services on offer at the University, so that they can be reassured that their sons and daughters will be fully supported and reach their full potential during their time at NUI Galway.
 
Talk highlights for students include Sports and Sports Scholarships at NUI Galway, Career Opportunities and Inspiring Women in Engineering. For parents, a range of special talks focusing on topics such as SUSI Grants, Scholarship Applications and Student Life are scheduled.
 
To get the most out of your day visitors are encouraged to view the timetable of talks at www.nuigalway.ie/opendays 

ENDS
 

 

Clár LAETHANTA OSCAILTE OÉ Gaillimh

D’fhógair OÉ Gaillimh an clár iomlán imeachtaí do na Laethanta Oscailte CAO a bheidh ar siúl Dé hAoine, an 5 Márta agus Dé Sathairn, an 6 Deireadh Fómhair 2018.Is deis iontach atá sna Laethanta Oscailte do dhaoine ar spéis leo freastal ar OÉ Gaillimh amach anseo, dá dtuismitheoirí agus dá dteaghlaigh eolas a chur ar chúrsaí, ar áiseanna agus ar shaol na hollscoile. Gheobhaidh cuairteoirí eolas ó léachtóirí agus ó mhic léinn faoin taithí foghlama in OÉ Gaillimh, agus faoi na deiseanna gairme a bhaineann le gach clár céime.

Leagann Sarah Geraghty, an Bainisteoir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana béim ar an tábhacht a bhaineann le do chúrsa a roghnú. “Tá an lá oscailte ar cheann de na laethanta is tábhachtaí agus iarratas CAO idir lámha mar gur féidir le cuairteoirí aon ábhar imní atá acu a phlé le saineolaithe agus roghanna staidéir éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile in aon áit amháin. Léiríonn an t-aiseolas atá faighte againn ó laethanta oscailte a bhí againn cheana go bhfágann daltaí agus a dtuismitheoirí an ócáid agus níos mó eolais agus soiléireachta acu maidir leis an rogha cúrsa agus gairme is fearr a fheileann dóibh.”

Tá clár lán le himeachtaí, léachtaí samplacha agus máistir-ranganna eagraithe don lá, lena n-áirítear:

  • Os cionn 80 seastán a chuirfidh eolas ar fáil faoi chúrsaí, pointí CAO, deiseanna fostaíochta agus deiseanna le dul chun cinn gairme a dhéanamh, lóistín agus táillí.
  • Os cionn 100 seisiún eolais chun léargas ceart a thabhairt do mhic léinn ar an staidéar in OÉ Gaillimh.
  • Seisiúin idirghníomhacha san Innealtóireacht, Teicneolaíocht Faisnéise agus róbataic.

Turais den champas, lena n-áirítear an t-ionad spóirt den scoth agus loistín na mac léinn, mar aon le turais agus cainteanna trí mheán na Gaeilge.

Moltar do thuismitheoirí chomh maith am a fhágáil ar leataobh sa sceideal chun freastal ar Chaint na dTuismitheoirí, áit a bhfaighidh siad eolas ar an réimse iomlán Seirbhísí Tacaíochta atá ar fáil san Ollscoil, ionas go mbeidh siad cinnte go dtabharfar tacaíocht iomlán dá gclann agus go mbainfidh siad barr a gcumais amach le linn a gcuid ama in OÉ Gaillimh.

I measc na gcainteanna do mhic léinn beidh cainteanna ar Spóirt agus ar Scoláireachtaí Spóirt in OÉ Gaillimh, Deiseanna Gairme agus Mná Spreagúla san Innealtóireacht. Do thuismitheoirí, beidh raon cainteanna speisialta ag díriú ar ábhair cosúil le Deontais SUSI, Iarratais ar Scoláireachtaí agus Saol na Mac Léinn.

Chun an tairbhe is fearr a bhaint as an lá moltar do chuairteoirí breathnú ar amchlár na gcainteanna ar www.nuigalway.ie/opendays.  

 

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories