Ardú ar an Éileamh ar Chéimeanna OÉ Gaillimh

Apr 02 2019 Posted: 12:37 IST

Níos mó ná 5% d’ardú ar iarratais chéad rogha CAO faoin 1 Feabhra 2019

Tá ardú suntasach tagtha ar an éileamh ar chúrsaí OÉ Gaillimh i mbliana tar éis do bhreis agus 5,000 mac léinn an ollscoil a phiocadh mar chéad rogha don bhliain acadúil 2019-2020. Ardú os cionn 5% i líon na n-iarratas céad rogha a bhí ann i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Tá an t-ardú seo tarlaithe i gcomhthéacs náisiúnta inar tháinig fás 0.5% ar líon na n-iarratas a fuair an CAO i gcomparáid leis an mbliain seo caite.

Bhí an t-éileamh méadaithe seo le feiceáil sna réimsí ábhair a mbíonn tóir orthu go traidisiúnta, a n-áirítear leo sin gnó, dlí, innealtóireacht, eolaíocht bhithleighis, altranas agus leigheas, agus bhain cuid den bhorradh freisin leis na hiarratais a rinneadh ar thrí chéim nua sna Dána agus ar chéim nua sa Dlí a bheidh ag glacadh le mic léinn den chéad uair i Meán Fómhair 2019. Clár nuálaíoch agus uathúil is ea an chéim i nDlí agus Cearta an Duine, a rabhthas ag tnúth go mór leis, agus is é seo an chéad chéim dá leithéid in Éirinn. Tógann an chéim seo ar cháil dhomhanda Ionad na hÉireann do Chearta an Duine agus cuirfidh an cháilíocht seo ar chumas na gcéimithe oibriú i réimse an dlí nó an bheartais idirnáisiúnta um chearta an duine, nó i gcleachtas dlí, agus tabharfaidh siad faoi oiliúint ghairmiúil dlí chomh maith mar dhlíodóir nó mar abhcóide.

Seolfaidh Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh trí chéim nua in 2019. Dhá chéim idirdhisciplíneacha nua is ea an BA (Stair agus Staidéir an Domhandaithe) agus an BA Rialtas (Polaitíocht, Eacnamaíocht agus Dlí) a thabharfaidh an deis do chéimithe eolas agus tuiscint uathúil a fháil ar raon ábhar gaolmhar. Clár oiliúna tosaigh comhthráthach do mhúinteoirí ceithre bliana is ea an BA Oideachas (Eolaíocht Ríomhaireachta, agus Staidéir Mhatamaitice) agus ullmhófar céimithe chun bheith incháilithe eolaíocht ríomhaireachta agus matamaitic a mhúineadh.

Is mar seo a leanas a labhair an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh: “Tá óige an lae inniu comhfhiosach maidir leis an tsochaí trí chéile, agus iad ag féachaint le dul i ngleic leis na saincheisteanna is dúshlánaí atá romhainn, an t-athrú aeráide, mar shampla, nó an ceartas sóisialta.  An fhianaise air seo ná na cúrsaí atá roghnaithe ag na hiarratasóirí CAO, a bhfuil cúrsaí á roghnú acu agus gairmeacha a n-ullmhú acu inar féidir leo tionchar cumhachtach agus dearfach a bheith acu ar an domhan mórthimpeall orthu. Tá spéis láidir á léiriú ag mic léinn in Éirinn agus san Eoraip sa chéim nua i nDlí agus Cearta an Duine. Tá OÉ Gaillimh á roghnú ag na mic léinn mar gheall ar an gcáil sármhaitheasa atá uirthi go domhanda sa ghort acadúil seo. Táimid ag tnúth le tacú leis an gcéad ghlúin eile agus iad i mbun a gcuid scileanna a fhorbairt agus a rian a fhágáil ar an domhan.

“Gné shuntasach den bhreithniúchán a dhéanann mic léinn ar chúrsaí i gcónaí is ea na deiseanna fostaíochta a éiríonn astu agus i bhfianaise an mhargaidh fostaíochta láidir atá ann faoi láthair, tá muinín ag mic léinn, agus iad ag roghnú na gcúrsaí sin, go ligfidh siad dóibh staidéir a dhéanamh ar na rudaí is ansa leo, saineolas agus scileanna inaistrithe a fhorbairt, taithí thar lear agus san ionad oibre a fháil, agus ullmhú do ghairmeacha solúbtha agus fiúntacha.”

Tugtar cuireadh do mhic léinn agus do thuismitheoirí tuilleadh eolais a fháil ag an lá oscailte fochéime a reáchtálfar in OÉ Gaillimh Dé Sathairn, an 6 Aibreán, 9am-3pm. Cláraigh anois ar https://www.nuigalway.ie/opendays/.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories