Seans Eile á thabhairt do Mhic Léinn na hArdteistiméireachta trí Scrúdú Cáilíochta Matamaitice

Aug 13 2019 Posted: 09:45 IST

Seans Eile á thabhairt ag OÉ Gaillimh do Mhic Léinn na hArdteistiméireachta trí Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta a Reáchtáil

Tá Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice in OÉ Gaillimh i ndiaidh sonraí a chur ar fáil faoi Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta, scrúdú a thugann seans eile do mhic léinn tabhairt faoi ghairm na hinnealtóireachta. Beidh an scrúdú ar siúl Dé Máirt, an 20 Lúnasa, agus tá sé dírithe ar mhic léinn a bhaineann na pointí cuí CAO amach chun cúrsa céime san innealtóireacht a dhéanamh in OÉ Gaillimh ach nach bhfuil an marc riachtanach acu sa mhatamaitic.

Le breis agus scór bliain anuas, tá an scrúdú seo á reáchtáil ag OÉ Gaillimh chun cabhrú le hiarratasóirí nár éirigh leo an grád riachtanach H4 nó os a chionn a bhaint amach sa pháipéar matamaitice ardleibhéil. Féadfaidh daoine nach ndearna ardleibhéal matamaitice san Ardteistiméireacht cur isteach ar an scrúdú chomh maith. Má fhaigheann mac léinn pas sa scrúdú seo beidh an riachtanas matamaitice comhlíonta aici/aige agus gheobhaidh sí/sé tairiscint eile ó CAO i mBabhta 2, ach na pointí riachtanacha a bheith aici/aige.

Chomh maith leis sin, beidh dianchúrsa ullmhúcháin ar siúl in OÉ Gaillimh roimh ré dóibh siúd ar mian leo an scrúdú a dhéanamh. Beidh an cúrsa saor in aisce seo ar siúl ón 14-19 Lúnasa. Is é an aidhm atá leis an gcúrsa seo cur lena mbíonn foghlamtha ag daltaí ag an ngnáthleibhéal san Ardteistiméireacht, le go n-éireoidh leo sa scrúdú matamaitice. Cuirfear é seo i gcrích trí dhul i ngleic le fadhbanna éagsúla ag leibhéil éagsúla deacrachta. Cuirfear béim ar an gcaoi le tabhairt faoi fhadhb agus ar an gcaoi a gcuirfear an t-eolas atá ar fáil i bhfeidhm.

Dúirt an tOllamh Peter McHugh, Déan na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice in OÉ Gaillimh: “Is ionann innealtóirí agus dearthóirí agus daoine atá go maith ag réiteach fadhbanna, a chruthaíonn agus a chuireann teicneolaíocht na linne seo romhainn ar fáil. Dá bharr seo, tá na cláir innealtóireachta seo dírithe ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna anailíseacha agus ar scileanna chun fadhbanna a réiteach, agus dá bhrí sin, caithfear úsáid shuntasach a bhaint as matamaitic agus as matamaitic fheidhmeach. Gach bliain feicimid daltaí cumasacha nach ndéanann chomh maith agus a d’fhéadfaidís ar lá an scrúdaithe Ardteistiméireachta. Tugann an Scrúdú Cáilíochta Matamaitice de chuid na hInnealtóireachta deis eile do dhaltaí léiriú go bhfuil an caighdeán riachtanach sa mhatamaitic bainte amach acu. I gcaitheamh na mblianta, d’éirigh le roinnt mic léinn a raibh cumas eisceachtúil iontu céim a bhaint amach agus dul sa tóir ar shlí bheatha dóibh féin san innealtóireacht mar go bhfuair siad an dara deis leis an scrúdú áirithe seo.”

Tá cúrsa neamhainmnithe san innealtóireacht ar tairiscint do mhic léinn in OÉ Gaillimh. Tá an clár seo dírithe go háirithe ar mhic léinn a bhfuil suim acu a bheith ina n-innealtóirí ach nach bhfuil siad cinnte cén réimse ar mhaith leo díriú air. Tugann an clár seo deis do mhic léinn staidéar ginearálta a dhéanamh ar an innealtóireacht ar feadh bliana sula roghnaíonn siad a réimse speisialtóireachta i mbliain a dó.

Chun eolas a fháil faoin scrúdú, faoin gcúrsa matamaitice ullmhúcháin agus chun iarratas a dhéanamh ar an Scrúdú Cáilíochta Matamaitice, téigh chuig http://www.nuigalway.ie/engineering-informatics/undergraduatestudents/engineeringmathsqualifyingexamination/

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories