Céimeanna Bronnta ar bhreis is 300 Mac Léinn ag Searmanas Bronnta an tSamhraidh in OÉ Gaillimh

Jun 11 2019 Posted: 15:33 IST

Inniu (11 Meitheamh) bhronn OÉ Gaillimh céimeanna ar bhreis is 300 mac léinn. Ina measc siúd, bhí 40 duine ar bronnadh céimeanna Dochtúireachta Fealsúnachta (PhD) orthu.

Grúpa de 176 ábhar dochtúra an grúpa mac léinn ba mhó a bhain amach Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir Onóracha sa Mháinliacht agus Baitsiléir Onóracha sa Chnáimhseachas (MB, BCh, BAO).

Bronnadh trí bhonn déag don Bhliain Deiridh Leighis ar aon mhac léinn déag as a fheabhas a d'éirigh leo go hacadúil. Bronnann an Ollscoil na boinn ar na mic léinn a fhaigheann an grád is airde i ngach réimse ábhair gach bliain.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, ag an searmanas: “Thar ceann OÉ Gaillimh, tréaslaím le gach duine agaibh. Táimidne in OÉ Gaillimh diongbháilte de go ndéanfaidh an Ollscoil seo a cion féin le céimithe a oiliúint a fhágfaidh a lorg ar an domhan trí chéile, agus a bheidh ábalta freastal ar riachtanais ár sochaí amach anseo.”

Bhí neart mac léinn idirnáisiúnta ag an searmanas, agus chuir an Ollscoil fáilte chroíúil roimh na céimithe sin ón Malaeisia, Ceanada, Singeapór, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an India, an Araib Shádach, an Indinéis agus an Éigipt, i measc tíortha eile, mar aon le mic léinn as gach cearn den tír seo ar bronnadh Dioplómaí, Céimeanna, Máistreachtaí, agus PhDanna orthu.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories