Scoláire Móháicise i measc mac léinn as Ceanada atá ar Scoláireacht Samhraidh Gaeltachta

Jun 21 2019 Posted: 09:18 IST

Tabharfaidh an chéad duine a bhain amach an Scoláireacht ar leith Gaeilge-Móháicise cúrsa Gaeilge chun críche inniu in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

Tá Tahothoratie Cross i measc scór mac léinn as Ceanada a bhfuil trí seachtainí caite acu sa nGaeltacht mar chuid de Chlár Teanga Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a reáchtáiltear i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá na mílte as Ceanada tar éis eolas a chur ar an teanga agus ar an gcultúr le haon bhliain déag faoin gclár seo. Déantar gach scoláireacht a mhaoiniú i gcomhpháirtíocht le hollscoileanna agus institiúidí i gCeanada.

I mbliana bronnadh an chéad scoláireacht Gaeilge-Móháicise, a ndearna Comhairle Móhácach Kahnawà:ke i Quebec cómhaoiniú air, ar Tahothoratie Cross.

Bronnfaidh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin Seán Kyne TD Dámhachtainí ar rannpháirtithe an chláir mar aitheantas ar a gcuid léann sa Ghaeltacht a thabhairt chun críche. 

Dúirt an tAire Kyne: “Is mian liom comhghairdeachas a dhéanamh le rannpháirtithe ar fad na bliana seo agus moladh a thabhairt dá gcuid teagascóirí i gCeanada maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú.  Cé go bhfuil an scéim seo tráthúil go leor do dhaoine i gCeanada de bhunadh na hÉireann, tá sí tábhachtach freisin i dtaobh suim i gcultúr na hÉireann a chur chun cinn i gCeanada tríd is tríd.   Gné thábhachtach maidir le suim i gcultúr na hÉireann a spreagadh i gCeanada is ea an t-éileamh atá ar theagasc na Gaeilge agus an gá atá le tacaíocht ó institiúidí tríú leibhéal chun cuidiú le cúrsaí Gaeilge a fhorbairt.  Tá súil agam gur neartaigh an tréimhse staidéir sa nGaeltacht an gean atá ag na mic léinn ar an nGaeilge agus go leanfaidh sin ag treisiú nuair a rachaidh siad abhaile.”

Dúirt James Kelly, Príomhfheidhmeannach Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada:“Tá oidhreacht agus cultúr saibhir á roinnt ag Éirinn agus Ceanada. Tá 4.5 milliún duine i gCeanada ar de bhunadh na hÉireann iad agus is é misean an ICUF ceangail nua agus tairbheacha a chothú idir Éire agus Ceanada ionas gur féidir an cairdeas idir an dá thír bláthú amach anseo. Is cuid lárnach dár misean an Clár Gaeilge agus tá ríméad orainn i mbliana an clár a leathnú agus fáilte a chur roimh scoláire nó Náisiún na Móhácach a bheith i dteannta na bhfoghlaimeoirí as Ceanada ar an gCeathrú Rua.”

Deir Treasa Uí Lorcáin, Riarthóir Ionaid, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua: “Tá an scéim scoláireachta samhraidh seo, i gcomhpháirt leis an RCOG agus ICUF, ag cruthú deiseanna leis an nGaeilge a shealbhú agus é ag treisiú an cheangail idir phobal na Gaeltachta agus mhuintir Cheanada. Is iontach an leas agus an tairbhe atáthar a chothú don Ghaeilge agus is údar misnigh agus spreagadh don phobal áitiúil é go roghnaíonn na mic léinn seo baile na Ceathrún Rua le seal a chaitheamh ann ag foghlaim na teanga. ”

Dúirt Tahothoratie Cross, Scoláire Móháicise, Kahnawá:ke, Québe, Ceanada: “Ba iontach an taithí é seo domsa a bheith i gceartlár na Gaeltachta ag éisteacht leis an teanga bheo agus a tapú an chultúir. Chuir an pobal ar fad fáilte mhór romham agus ba ghearr le bheith sa bhaile an teach a ndeachaigh mé ann. Bhí spraoi agus dúshlán ag baint leis an gcúrsa agus neart gníomhaíochtaí. Níl aon teanga nua foghlamtha ó bhun agam le fada agus braithim cinnte go bhfuil go leor foghlamtha agam.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories