Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2019 fógartha ag OÉ Gaillimh

Sa phictiúr nuair a fógraíodh Gradaim Alumni 2019 bhí (chun tosaigh) Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, le Vincent Mulvey, Príomhoifigeach Riosca Grúpa, Banc na hÉireann; Gerard Casey, Comhpháirtí, Deloitte; Ruth Curran, Comhpháirtí Bainistíochta, Merc Partners; Padraic Brennan, Comhpháirtí, Ronan Daly Jermyn; agus Tom Creedon, Stiúrthóir Acmhainní Daonna, Medtronic.
Mar 21 2019 Posted: 08:53 GMT

20 bliain ag ceiliúradh céimithe ar fud na cruinne

D'fhógair OÉ Gaillimh buaiteoirí Ghradaim Alumni 2019 agus bronnfar na gradaim orthu ag an 20ú Mórfhéasta Alumni Dé Sathairn, an 13 Aibreán 2019.

Tugann Gradaim Alumni OÉ Gaillimh aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí breis is 100,000 céimí de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain. Agus clár na nGradam seo fiche bliain ar an bhfód, tá gradaim bronnta ar bhreis is 100 céimí den scoth a bhfuil tionchar suntasach acu ina réimsí féin, agus a bhfuil a n-alma mater fíorbhrodúil astu.  I measc na ndaoine mór le rá ar bronnadh gradam Alumni orthu tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, na craoltóirí, Seán O'Rourke agus Gráinne Seoige, na ceannairí gnó, Tara McCarthy (Bord Bia), Adrian Jones (Goldman Sachs) agus Aedhmar Hynes (Text 100), daoine ón saol poiblí cosúil le Pat Rabbitte, Eamon Gilmore (Tánaiste) agus Máire Whelan (an tArd-Aighne), agus pearsaí spóirt cosúil leis an imreoir rugbaí idirnáisiúnta, Ciarán FitzGerald agus Olive Loughnane (a bhfuil bonn Oilimpeach buaite aici).

Léiríonn buaiteoirí na bliana seo an tionchar domhanda atá ag OÉ Gaillimh agus ag a alumni agus an Ollscoil ag ceiliúradh 20 bliain de na gradaim bhliantúla seo.  Seo a leanas buaiteoirí na seacht ngradam alumni atá le bronnadh ag Mórfhéasta 2019:

  • Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach – urraithe ag Deloitte

An tIriseoir & comhfhreagraí Londan le RTÉ, Fiona Mitchell – BA 1993

  • Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann

An fiontraí eitlíochta, Dómhnal Slattery - BComm 1988

  • Gradam Alumni don Dlí, Beartas Poiblí agus an Rialtas – urraithe ag Ronan Daly Jermyn

An t-abhcóide sinsearach agus saineolaí dlí, Grainne McMorrow - BA 1980, LLB 1983

  • Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – urraithe ag Merc Partners

An t-eolaí ailse, an Dr John Lyons - BSc 1979

  • Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic

An máinlia agus oideachasóir cliniciúil, an Dr Ronan Waldron - MB BCh BAO 1976, MMedSc 1984

  • Gradam Alumni don Ghaeilge – urraithe ag OÉ Gaillimh

An t-iriseoir agus craoltóir, Póilín Ní Chiaráin - BA 1965

  • Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt – urraithe ag Banc na hÉireann

An ceannródaí leighis spóirt, an Dr Mick Molloy - MB BCh BAO 1968

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh buaiteoirí na nGradam: “Is é an misean atá ag ollscoileanna an domhan a fheabhsú trínár dteagasc, taighde agus tionchar. Tugann clár na nGradam Alumni aitheantas d’alumni a dhéanann difríocht dhearfach ar fud an domhain agus atá ina gceannairí ina réimsí roghnaithe. Tríd a gcuid iarrachtaí déantar ár misean a léiriú. Táim thar a bheith sásta i mbliana gur féidir linn aitheantas a thabhairt do ghrúpa éagsúil alumni atá ag dul i bhfeidhm go dearfach ar an domhan mór – agus ar son an domhain mhóir – go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tréaslaím le gach duine ar a bhfuil gradam le bronnadh agus táim ag súil le fáilte ar ais a chur rompu chuig a n-alma mater don Mhórfhéasta i mí an Aibreáin.”

Chun breis eolais a fháil agus chun áit a chur in áirithe téigh i dteagmháil leis an Oifig Alumni ar 091 494310 nó seol ríomhphost chuig alumni@nuigalway.ie. Áirithintí ar líne ag www.guf.ie
CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories