NUI Galway Invites the Public to Help Shape the University’s Future

Mar 20 2019 Posted: 08:54 GMT

On Thursday, 28 March, NUI Galway will host a day-long online discussion called ‘Imagine NUI Galway’ to inform its strategy over the next five years. Students, staff, alumni and members of the public are invited to log on and join in the discussion and share their views on how the University can best serve the city and region. A series of sessions will look at how the University’s research, teaching and public engagement can evolve to address the challenges facing society. 

President of NUI Galway, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, said: “NUI Galway is your University and we’re keen that you also have a stake and a voice in its future. We would particularly welcome comments from people who don’t currently have contact with the University, as we are keen to open our horizons to new ideas and perspectives.”

NUI Galway’s new strategy will be led by five key values that emerged through consultation with staff and students. It will seek to ensure that the University is distinctive, respectful, accessible, expert and sustainable. The discussions on Thursday, 28 March will focus on each of these values and invite participants to share their input and ideas on how the University should develop in these areas over the next five years.

The public is asked to visit the Imagine NUI Galway website at http://imagine.nuigalway.ie on Thursday, 28 March and join in the discussion from 11am onwards.

ENDS

Iarrann OÉ Gaillimh ar an bpobal dul i bhfeidhm ar thodhchaí na hOllscoile

 Ar an Déardaoin, an 28 Márta, cuirfidh OÉ Gaillimh fóram plé dar teideal ‘Samhlaigh OÉ Gaillimh’ ar siúl ar líne ar feadh an lae chun cuidiú leo straitéis na hOllscoile a chumadh don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Tugtar cuireadh do mhic léinn, comhaltaí foirne, céimithe agus an pobal i gcoitinne logáil isteach agus páirt a ghlacadh sa chomhrá agus a gcuid tuairimí a roinnt maidir leis na bealaí is fearr leis an Ollscoil freastal ar an gcathair agus an réigiún. Beidh sraith seisiún dírithe ar thaighde, teagasc agus rannpháirtíocht phoiblí na hOllscoile agus pléifear an fhorbairt atá ag teastáil chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an tsochaí. 

Dar le hUachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is linne ar fad í OÉ Gaillimh agus teastaíonn uainn go mbeidh deis ag gach duine dul i bhfeidhm ar thodhchaí na hOllscoile. Cuirimid fáilte speisialta roimh thuairimí ó dhaoine nach bhfuil teagmháil acu leis an Ollscoil faoi láthair, mar teastaíonn uainn a bheith oscailte roimh smaointe agus dearcthaí nua.”

Beidh straitéis nua OÉ Gaillimh bunaithe ar chúig mórluach a tháinig chun cinn i bpróiseas comhairliúcháin leis an bhfoireann agus na mic léinn. Teastaíonn uathu a chinntiú go mbeidh an Ollscoil sainiúil, oscailte, saineolach agus inbhuanaithe, agus go mbeidh meas ar phobal na hOllscoile ar chách. Beidh na díospóireachtaí ar an Déardaoin, an 28 Márta, dírithe ar na luachanna seo. Iarrtar ar rannpháirtithe a gcuid ionchuir agus smaointe a roinnt maidir leis na bealaí is fearr leis an Ollscoil na téamaí seo a chur chun cinn sna cúig bliana atá romhainn.

Iarrtar ar an bpobal dul chuig suíomh gréasáin Samhlaigh OÉ Gaillimh http://samhlaigh.oegaillimh.ie ar an Déardaoin, an 28 Márta, agus páirt a ghlacadh sa chomhrá ann ó 11am ar aghaidh.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories