Fáiltíonn OÉ Gaillimh roimh chiste nua a thacóidh le mic léinn sheimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht

Ag seoladh Chiste an tSeimeastair Ghaeltachta a mbainfidh mic léinn tríú leibhéal leas as chun tréimhse trí mhí a chaitheamh sa Ghaeltacht bhí mic léinn OÉ, Gaillimh: Erin Mac an tSaoir (BÁC), Eoin de Bhailís (An Cheathrú Rua), Ciara Ní Mhéalóid (Camus Uachtair) mar aon le Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne T.D., Séamas Ó Concheanainn, Riarthóir Ionad an Acadaimh, Carna, agus an Dr Dorothy Ní Uigín, Príomhfheidhmeannach Gníomhach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
May 21 2019 Posted: 15:55 IST

Fáiltíonn Gaillimh roimh chiste nua a thacóidh le mic léinn cur lena gcumas teanga trí sheimeastar a chaitheamh sa Ghaeltacht

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne, T.D. ciste a thacóidh le seachadadh an tSeimeastair Ghaeltachta.  Sainchlár tumtha teanga é an Seimeastar Gaeltachta atá dírithe ar fhorbairt líofacht sa Ghaeilge do mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge nó ar ábhair trí mheán na Gaeilge.  Clúdóidh an ciste nua lánlóistín do mhic léinn le teaghlaigh Gaeltachta i gcaitheamh na tréimhse 12 seachtainí nó Seimeastar iomlán.

D’fháiltigh an Dr Dorothy Ní Uigín, Príomhfheidhmeannach Gníomhach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge roimh an bhfógra: "Treiseofar go mór ar eispéireas tumtha teanga agus cultúir na mac léinn de thoradh na deise a bheith acu fanacht le Teaghlaigh Gaeltachta atá faofa ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta."

Tá Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag súil go bhféadfadh suas le 100 mac léinn a bheidh ag tabhairt faoi Sheimeastar Gaeltachta, trasna Ionaid Ghaeltachta an Acadaimh i gCarna, an Cheathrú Rua agus Gaoth Dobhair, tairbhe a bhaint as an gciste don bhliain acadúil 2019-2020.

"Léiríonn an Seimeastar Gaeltachta, a d’fhorbair an tAcadamh i gcomhar le Roinn na Gaeilge, tiomantas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh don Ghaeilge,’"a deir an tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin.  "Treisíonn an tionscnamh straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge freisin, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, go háirithe mar a bhaineann sé leis an bPróiseas Pleanála Teanga, an Polasaí Oideachas Gaeltachta (2017–2022), agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge."

-Críoch-

NUI Galway welcomes the announcement of a fund to support students develop their Irish anguage skills by residing in the Gaeltacht for a Semester

The Government Chief Whip and Minister of State with responsibility for the Irish Language, Gaeltacht and the Islands, Seán Kyne, TD, has announced a fund to support the delivery of the Seimeastar Gaeltachta.  The Seimeastar Gaeltachta is a specialised semester-long Irish-language immersion programme in the Gaeltacht, developed to improve fluency in the Irish language for undergraduates studying Irish, or/and other disciplines through the medium of Irish.  The new fund will cover the costs of full-board accomodation for students with Gaeltacht households for the duration of the Semester. 

Dr Dorothy Ní Uigín, Acting Chief Executive of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge welcomed the announcement: "The opportunity to stay with Gaeltacht households, approved by the Department, will greatly augment the language and cultural immersion experience for our students.  Economic, social and cultural benefits will also accrue from this new fund which will support our students to reside in the Gaeltacht from September – December each year."

NUI Galway anticipates that approx. 100 students from NUI Galway undertaking the Seimeastar Gaeltachta across Ionaid an Acadaimh in Carna, an Cheathrú Rua and Gaoth Dobhair could benefit from the fund during the 2019-2020 academic year. 

 "The Gaeltacht Semester Programme developed by an tAcadamh in conjunction with Roinn na Gaeilge reflects NUI Galway’s sustained committment to the Irish language" says Professor Tadhg Ó hIfearnáín, Roinn na Gaeilge. "The initiative also augments the Government’s Strategy for the sustainment of the Irish language in the Gaeltacht and nationally, specifically with regard to The Language Planning Process, The Policy on Gaeltacht Education (2017–2022), and the 20 Year Strategy for the Irish Language."

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories