Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós in OÉ Gaillimh

Caitlín Ní Chualáin
Sep 23 2019 Posted: 10:57 IST

Cuirfear tús le sraith de cheardlanna amhránaíochta ar an sean-nós in Ionad Léann na hÉireann, OE Gaillimh ag 7in, Dé Máirt, 1 Deireadh Fómhair. Beidh na ceardlanna a reachtáil gach dara seachtain ar an 1, 15, 29 Deireadh Fómhair, agus 12 agus 26 Samhain i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne.

Is as an Teach Mór Thiar, in Indreabhán, Caitlín agus tá oidhreacht shaibhir cheolmhar le cloisteáil ina cuid amhránaíochta a fuair sí óna muintir féin sa mbaile. Bhuaigh Caitlín Comórtas na mBan ag an Oireachtas sna blianta 2005, 2008 agus 2014 agus thug sí léi Corn Ui Riada, an príomhghradam don amhránaíocht ar an sean-nós i 2016.

Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091-492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie.

-Ends-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories