Gains for NUI Galway in Prestigious Global Rankings

Sep 12 2019 Posted: 09:30 IST

NUI Galway one of two Irish Universities to rise in the 2020 global rankings

NUI Galway has continued its rise in global ranking as the Times Higher Education (THE) World University Rankings 2019/2020 today confirms the University’s position within the top tier of Irish universities.  NUI Galway made a significant rise in its ranking into the 250 -300 range, compared to 301-350 last year.

NUI Galway’s improved position is primarily as a result of its continued focus on research excellence and impact, and is a testament to our students and our colleagues.  

The Times Higher Education World University Rankings, now in their 16th year, apply rigorous standards, using global benchmarks across all university’s key missions - teaching, research, knowledge transfer and international outlook.

President of NUI Galway, Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, commented: “This year, NUI Galway improved its score and its ranking band which we welcome as a reflection of the continuous effort across this University. Rankings are fragile measures and we at NUI Galway are determined to be true to our values of respect, excellence, inclusiveness and sustainability and further enhance our distinctive international reputation and reach, serving our students and our hinterland and drawing on the strengths of our people in research, teaching and societal impact. We look forward to seeing these strengths reflected in future international rankings.

President Ó hÓgartaigh added: “There is a clear desire for third level education in this country as a means of advancing opportunities for our students and of reinvigorating our society.   Investment in an ecosystem that’s appropriate for our students in meeting that clear demand for a third level system that is internationally competitive is an imperative, not for us, but for our students and for society.

“This week 53 years ago then Minister for Education Donagh O’Malley started a revolution at second level education. There is now an opportunity for a revolution for the next generation, now at third level.  We look forward to working with Government and our other stakeholders in envisioning and resourcing this shared future.”

The THE World University Rankings, audited by PricewaterhouseCoopers, go from strength to strength. The ranking included 1,396 institutions from 92 countries, drawing on data points on over 1,800 of the world’s leading research universities and more than 21,000 academic reputation survey responses. The exercise also analyses 12.8 million research publications and 77.4 million citations over five years, based on bibliometric data from Elsevier.

The Times Higher Education (THE) World University Rankings for 2020 is available to view online at: https://www.timeshighereducation.com/world-university-rankings/2020/world-ranking

-Ends-

OÉ Gaillimh i measc scoth-Ollscoileanna an Domhain

OÉ Gaillimh ar cheann den dá Ollscoil Éireannacha a fuair ardú céime i ranguithe domhanda 2020

 

Tháinig ardú arís ar sheasamh OÉ Gaillimh i Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid Times Higher Education (THE) 2019/2020. Is dearbhú é seo go bhfuil an ollscoil ar cheann de na hollscoileanna is fearr sa tír.  D’éirigh le OÉ Gaillimh ardú suntasach a chur ar an rangú a tugadh dó go dtí an raon 250-300, i gcomparáid le 301-350 anuraidh.

D'ardaigh rangú OÉ Gaillimh de bhrí go bhfuil sé ag díriú go leanúnach ar fheabhas agus ar thionchar an taighde, agus is aitheantas é seo ar shaothar ár gcuid mac léinn agus ár gcomhghleacaithe. 

Tá Ranguithe Ollscoile Domhanda an Times Higher Education, le 16 bliana anuas, ag cur caighdeáin ghéara i bhfeidhm, ag úsáid tagarmharcanna domhanda do gach croímhisean ollscoile - teagasc, taighde, aistriú eolais agus léargas idirnáisiúnta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, faoin scéal: “I mbliana, d'ardaigh marc agus banda rangaithe OÉ Gaillimh. Fáiltímid roimhe seo agus is léiriú é ar an iarracht leanúnach atá á déanamh ar fud na hOllscoile seo. Bíonn luaineacht ag baint le slata tomhais ranguithe agus cuirimidne in OÉ Gaillimh romhainn a bheith dílis do na luachanna atá againn eadhon meas, feabhas, cuimsiú agus inbhuanaitheacht, agus cuirimid romhainn chomh maith cur lenár gcáil idirnáisiúnta, freastal ar ár gcuid mac léinn agus ar an gceantar mórthimpeall orainn agus tarraingt ar láidreachtaí ár gcomhghleacaithe sa taighde, sa teagasc agus ó thaobh an tionchair a bhíonn againn ar an tsochaí. Táimid ag súil go dtabharfar aitheantas do na láidreachtaí sin i ranguithe idirnáisiúnta eile amach anseo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uachtarán Ó hÓgartaigh chomh maith: “Is léir go bhfuil an t-oideachas tríú leibhéal an-tábhachtach sa tír seo mar bhealach le deiseanna a chur ar fáil dár gcuid mac léinn agus ár sochaí a athbheochan an athuair.   Tá sé riachtanach go ndéanfaí infheistíocht in éiceachóras atá oiriúnach dár gcuid mac léinn, is é sin go ndéanfaí freastal ar an éileamh is léir atá ann ar chóras tríú leibhéal atá iomaíoch ar bhonn idirnáisiúnta, ní dúinne, ach dár gcuid mac léinn agus don tsochaí.

“An tseachtain seo 53 bliain ó shin chuir an tAire Oideachais Donagh O’Malley tús le réabhlóid san oideachas dara leibhéal. Tá deis ann anois réabhlóid eile a thosú don chéad ghlúin eile atá ag staidéar ag an tríú leibhéal anois.  Táimid ag súil le hoibriú leis an Rialtas agus lenár bpáirtithe leasmhara eile chun an fhís agus na hacmhainní cuí a aimsiú don todhchaí.”

Tá Ranguithe Ollscoile Domhanda THE , a ndéanann PricewaterhouseCoopers iniúchadh orthu, ag dul ó neart go neart. Rinneadh 1,396 institiúid in 92 tír a rangú, bunaithe ar phointí sonraí maidir le 1,800 de na hollscoileanna taighde is mó ar domhan agus ar níos mó ná 21,000 freagra a tugadh ar shuirbhé maidir le cáil acadúil.  Déantar anailís chomh maith ar 12.8 milliún foilseachán acadúil agus 77.4 milliún tagairt thar chúig bliana, bunaithe ar shonraí bibliméadrachta Elsevier.

Tá Ranguithe Ollscoile Times Higher Education (THE) 2020 le feiceáil ar líne ag: https://www.timeshighereducation.com/world-university-rankings/2020/world-ranking

 

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories