Clár Nua Máistreachta san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt seolta ag OÉ Gaillimh

Ó chlé tá Tom Felle, Ceann na hIriseoireachta agus Cumarsáide in OÉ Gaillimh; Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir Rugbaí Beo ar TG4; Keith Duggan, Príomh-Scríbhneoir Spóirt de chuid The Irish Times; agus Dr Seán Crosson, Comh-Stiúrthóir an Chláir, OÉ Gaillimh.
Feb 26 2020 Posted: 10:29 GMT

Díreoidh an MA nua ar chruthú ábhar digiteach agus ar rialachas spóirt

Is féidir le mic léinn staidéar a dhéanamh go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge

Tá clár nua Máistreachta san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt seolta ag OÉ Gaillimh. Tá an clár dírithe ar chéimithe a bhfuil spéis acu gairm bheatha a bhaint amach san iriseoireacht spóirt, chomh maith leis an réimse ghinearálta a bhaineann le cumarsáid spóirt, mar shampla cruthú ábhar digiteach, anailís sonraí agus comhairliúchán straitéiseach. 

Gné ar leith den chlár nua is ea go mbeidh béim láidir ar rialachas, riarachán agus bainistíocht spóirt – gné atá riachtanach do chéimithe atá ag iarraidh a bheith ina ngairmithe spóirt i gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta.

Beidh OÉ Gaillimh ag obair le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear na meáin náisiúnta, eagraíochtaí spóirt agus Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta chun gnéithe tábhachtacha oiliúna a chur ar fáil.

Beidh roinnt iriseoirí spóirt mór le rá ag teagasc ar an gclár, orthu sin tá:

  • Keith Duggan, Príomh-Scríbhneoir Spóirt de chuid The Irish Times agus buaiteoir ‘Iriseoir Spóirt na Bliana’ faoi dhó
  • Mike Finnerty, Eagarthóir Spóirt le Mayo News agus láithreoir Sky Sports
  • Cliona Foley, Iriseoir spóirt
  • Liam Horan, Iriseoir spóirt
  • Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir Rugbaí Beo ar TG4

Cuirfear deiseanna intéirneachta ar fáil do mhic léinn an chláir seo in eagraíochtaí meán agus i gComhlachtaí Rialaithe Náisiúnta.

Bhí an méid a leanas le rá ag Comh-Stiúrthóir an Chláir agus údar Gaelic Games on Film agus Sport and Film, an Dr Seán Crosson: “Tá an-áthas orainn an clár ceannródaíoch seo a sheoladh, clár a chuireann le cultúr taighde fadbhunaithe atá dírithe ar spórt in OÉ Gaillimh, obair bhaill de Ghrúpa Taighde Spóirt agus Aclaíochta na hOllscoile san áireamh. Mar chuid den chlár freisin beidh peirspictíochtaí taighde nua agus nuálacha le fáil ó bhaill den Ghrúpa taighde seo, ar a bhfuil lucht acadúil sa leigheas, síceolaíocht, gnó, eolaíocht pholaitiúil, socheolaíocht, agus lucht acadúil ar fud réimse na ndán agus na ndaonnachtaí. Tabharfaidh na peirspictíochtaí seo tuiscint níos fearr do mhic léinn ar na mórcheisteanna i gcúrsaí spórt sa lá atá inniu ann, rud a chuirfidh ábhar saibhir ar fáil dóibh dá dtionscadail iriseoireachta.”

Dúirt an Dr Crosson: “Le hionchur ón gcraoltóir cumasach agus iomráiteach Máire Treasa Ní Dhubhghaill, den chéad uair in Éirinn beimid ag forbairt modúil san Iriseoireacht Spóirt trí mheán na Gaeilge mar pháirt den chúrsa.”

Ag labhairt dó ag seoladh an MA nua san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt, dúirt Tom Felle, Ceann na hIriseoireachta agus Cumarsáide in OÉ Gaillimh: “Is tionscal ar fiú na milliúin euro é tionscal an Spóirt in Éirinn agus tá sé ag éirí níos gairmiúla. Tá éileamh mór ar ghairmithe cruthaitheacha a bhfuil an-spéis acu sa spórt a bheith ag obair i róil mar chruthaitheoirí ábhair, i rialachas, i gcumarsáid straitéiseach, agus san iriseoireacht. Creidimid go bhfuil an clár seo an-oiriúnach chun oiliúint a chur ar ghlúin nua de chéimithe, céimithe ar mian leo fostaíocht fhiúntach a bhaint amach ina rogha gairm bheatha.”

Tá traidisiún fada ag OÉ Gaillimh ag cur oiliúint sna meáin chun cinn, agus tá an-tóir ar na cláir atá againn sna Meáin Dhomhanda, san Iriseoireacht agus sna tionscail chruthaitheacha. Tá infheistíocht os cionn €400,000 déanta ag OÉ Gaillimh in áiseanna craolacháin nua lena n-áirítear seomra nuachta digití agus stiúideo raidió in 2019 mar aon le stiúideo teilifíse nua-aimseartha 4K ar an gcampas i mí Eanáir 2020.

Tá tuilleadh eolais faoin gclár, nósanna imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh san áireamh, le fáil ar www.nuigalway.ie/journalism

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories