Ionad Nua um Theangeolaíocht Fheidhmeach agus Ilteangachas (CALM) seolta ag OÉ Gaillimh

CALM launch 3: Ó chlé: an Dr Laura McLoughlin, an Dr John Walsh, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, OÉ Gaillimh.
Feb 11 2020 Posted: 11:45 GMT

Sheol OÉ Gaillimh ionad nua taighde le gairid, an tIonad um Theangeolaíocht Fheidhmeach agus Ilteangachas (CALM). Cuirfidh an t-ionad nua, atá lonnaithe in Institiúid de Móra do Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta, deis ar fáil do thaighde idirdhisciplíneach i réimse na teangeolaíochta feidhmí agus an ilteangachais agus cuirfidh sé le feasacht ar shaincheisteanna a bhaineann le foghlaim teanga, próiseáil teanga agus ilteangachas in OÉ Gaillimh agus sa phobal i gcoitinne. 

Léiríonn téamaí taighde CALM go bhfuil níos mó ilchineálacht teanga i bpobail in Éirinn, san AE agus ar fud an domhain. Bhí Gaillimh go mór mór luaite i nDaonáireamh 2016 mar an chathair is ilchineálaí in Éirinn, ó tharla go bhfuil an céatadán is airde de dhaoine nach náisiúnaigh iad agus os cionn 60 teanga sa chathair. Tá tionchar suntasach aige seo ar oideachas agus mar thoradh air sin tá go leor leanaí ilteangacha i gcuid de scoileanna na cathrach agus an chontae. Ina theannta sin, tá céatadán ard leanaí i dteiripe urlabhra agus teanga agus i seirbhísí sláinte gaolmhara eile sa chathair agus sa chontae agus ar fud na hÉireann, agus tá líon na ndaoine fásta atá ag úsáid na seirbhísí seo ag dul i méid chomh maith.

Ó tharla go bhfuil Gaillimh suite in aice le Gaeltacht Chonamara tá nasc ag OÉ Gaillimh leis an daonra is mó in Éirinn a labhraíonn Gaeilge. Tá timpeallacht dhátheangach san Ollscoil agus úsáidtear an Ghaeilge go rialta i gcúrsaí acadúla agus i gcúrsaí sóisialta ar an gcampas. Tá soláthar oideachais trí Ghaeilge i measc aidhmeanna straitéiseacha na hOllscoile.

‘Beidh taighde ar an nGaeilge i gcroílár obair CALM’, a dúirt an Dr John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge agus comhstiúrthóir CALM. ‘Is réimsí suimiúla taighde iad an t-athrú teanga sa Ghaeltacht agus an caidreamh idir cainteoirí dúchais agus ‘nuachainteoirí’ ó thaobh an ilteangachais, na sochtheangeolaíochta, an tsealbhaithe teanga agus na teiripe urlabhra agus teanga’.

‘Is forbairt shuntasach é seoladh CALM a chuirfidh le hinfheictheacht an taighde atá á dhéanamh in OÉ Gaillimh i réimsí na teangeolaíochta feidhmí agus an ilteangachais, a mhéadaíonn comhoibriú idirdhisciplíneach agus trascholáiste agus, dá réir sin, a imríonn tionchar ar mhic léinn agus ar an bpobal i gcoitinne’, a dúirt an Dr Laura McLoughlin, Léachtóir Sinsearach le hIodáilis agus comhstiúrthóir CALM.

‘Cuireann CALM deiseanna iontacha ar fáil chun cur leis na comhpháirtíochtaí atá ann cheana idir Disciplín na Teiripe Urlabhra agus Teanga agus Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr agus a chruthaíonn gur ionad barr feabhais i réimse an ilteangachais é OÉ Gaillimh’, a dúirt an Dr Stanislava Antonijevic-Elliott, Léachtóir Sinsearach le Teiripe Urlabhra agus Teanga agus duine de bhunaitheoirí CALM.

Ag an am céanna le seoladh CALM fógraíodh MSc nua in Ilteangachas Feidhmeach atá le tosú i Meán Fómhair 2020 agus a bhfuil sé d’aidhm aige ceisteanna a bhaineann le hilchineálacht teanga in Éirinn, san AE agus ar fud an domhain a phlé. Is é an MSc an t-aon chlár dá leithéid in Éirinn agus tá sé dírithe ar mhic léinn ó chúlra éagsúla lena n-áirítear teangacha, na dána, na heolaíochtaí sóisialta agus teiripe urlabhra agus teanga. Tuilleadh eolais ag https://bit.ly/2voCxlk.  

Tuilleadh eolais: www.nuigalway.ie/calm

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories