Déanann mic léinn leighis OÉ Gaillimh ceiliúradh ar chúig bliana déag d’Ospidéal na mBéiríní

Jan 16 2020 Posted: 13:11 GMT

Don 15ú bliain as a chéile, d’oscail OÉ Gaillimh Ospidéal na mBéiríní, eagraithe ag mic léinn na hOllscoile. Tiocfaidh breis is 1,200 páiste bunscoile chuig an ospidéal lena mbéiríní tinne le go gcuirfí cóir leighis orthu thar an dá lá.

Is é Cumann Sláinte OÉ Gaillimh atá i mbun an ócáid a eagrú. Díríonn an cumann ar gach gné den tsláinte fhisiciúil agus den mheabhairshláinte a chur chun cinn. Beidh suas le 200 mac léinn leighis, cúraim sláinte agus eolaíochta i láthair chun na béiríní a dhiagnóisiú agus a leigheas. Tá súil acu go gcuideoidh an ócáid le páistí idir 4-8 mbliana d’aois a bheith ar a suaimhneas le dochtúirí nó i dtimpeallacht ospidéil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Clodagh Ryan, mac léinn leighis sa tríú bliain in OÉ Gaillimh agus comh-iniúchóir an Chumainn Sláinte: “Gach bliain, déanaimid ár ndícheall cóireáil a chur ar an oiread béiríní breoite ón oiread scoileanna agus is féidir agus is fada linn é arís i mbliana! Tá súil againn atmaisféar spraíúil, suaimhneach a chruthú ionas gur féidir le páistí agus le béiríní a bheith níos compordaí timpeall ar dhochtúirí agus ar ospidéil.”

Tá béiríní tugtha chuig an ospidéal ag páistí i gcaitheamh na mblianta agus iad ag samhlú go raibh réimse leathan tinnis ag gabháil dóibh, leithéidí cluasa tinne, boilg bhreoite agus gach cineál easláinte eile faoin spéir.

Tá 29 bunscoil áitiúil agus breis is 1,200 páiste ag glacadh páirte san ócáid i mbliana. Gabhfaidh na páistí i gcomhairle le duine de na dochtúirí béiríní tar éis dóibh a theacht i láthair ag Ospidéal na mBéiríní ar an gcampas. Déanfaidh na dochtúirí scrúdú ar na ‘hothair’ agus tabharfar oideas dóibh, agus cuirfear ar atreo ansin iad le haghaidh obráide nó x-gha. Beidh meaisíní speisialta x-gha agus MRI ag na mic léinn ar fhaitíos go mbeidís ag teastáil ó na béiríní. 

Beidh na béiríní atá ag teacht chucu féin in ann ábhair leighis a fháil i gCógaslann na mBéiríní, áit a mbeidh torthaí sláintiúla le fáil a bhuíochas le Total Fruit agus Fyffes, mar aon le hábhair leighis urraithe ag Cógaslann Matt O’Flaherty.

Nuair a bheidh an méid sin curtha díobh acu féadfaidh na páistí am a chaitheamh ar phreabchaisleán agus a n-aghaidh a phéinteáil. Is iad Medical Protection Society a dhéanann urraíocht ar an ócáid.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ríona Hughes, Oifigeach na gCumann in OÉ Gaillimh: “Is mór an spórt Ospidéal na mBéiríní nuair a chuireann mic léinn fáilte mhór roimh pháistí scoile áitiúla agus a gcuid béiríní ar an gcampas. Ba mhaith liom tréaslú leis an gCumann Sláinte agus lena n-oibrithe deonacha a eagraíonn an ócáid seo a bhfuil an-tóir uirthi gach bliain.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories