Fís Uaillmhianach Bunaithe ar Luachanna i gCoiteann á leagan amach ag OÉ Gaillimh

Jan 09 2020 Posted: 08:50 GMT

Rinne OÉ Gaillimh cur síos inniu ar straitéis nua a chuireann an institiúid atá 175 bliain d'aois chun cinn i ndáil le hathrú ó bhonn a dhéanfar ar Ghaillimh agus ar Iarthar na hÉireann.

Leis an straitéis nua dar teideal “Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna”, a forbraíodh i ndiaidh idirphlé forleathan le mic léinn, lucht acadúil, alumni, lucht déanta polasaithe, agus an pobal i gcoitinne, léirítear cur chuige nua do OÉ Gaillimh, agus leis na luachanna i gcoiteann ar a n-áirítear ómós, barr feabhais, oscailteacht agus inbhuanaitheacht tugtar treoir do thodhchaí na hOllscoile.

Díreoidh OÉ Gaillimh mar chuid den straitéis seo ar a rannpháirtíocht leanúnach maidir le polasaí agus an tsochaí a chur chun cinn, cruthaitheacht a shaibhriú, sláinte agus folláine a fheabhsú, barr cumais a bhaint amach le cabhair sonraí agus teicneolaíochtaí eolaíochta sonraí a chumasú, agus ár bpláinéad agus ár ndaoine a chothú.  Leis na láidreachtaí seo, beidh OÉ Gaillimh ar thús cadhnaíochta ag cur le cáil idirnáisiúnta an réigiúin mar ionad barr feabhais atá aitheanta mar gheall ar Theicneolaíochtaí Leighis, Eolaíocht Sonraí, Cultúr agus Cruthaitheacht, Aeráid agus Aigéin, agus Beartas Poiblí.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is ollscoil gan aon gheata í seo.  Tá léargas agus deis faoi leith againn i bhfianaise an ollscoil a bheith lonnaithe ar imeall na hEorpa. Is againne atá an lorg réigiúnach is mó i gcomparáid le haon ollscoil eile in Éirinn, agus muid ag síneadh feadh chósta an iarthair. Is í Gaillimh an chathair is idirnáisiúnta in Éirinn. Ciallaíonn ár n-uathúlacht gur féidir linn oibriú ar bhealaí nach féidir le daoine eile.  Ar an imeall, breathnaímid ar an domhan ar bhealach eile. Idir muir agus tír, feicimid a bhfuil romhainn gach lá agus, cosúil le gach mórthaiscéalaí, mórfhiontraí, déanaimid iontas faoina bhfuil ar an taobh eile.  Cuirtear muid i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus dá bhrí sin beidh comhoibriú feabhsaithe le hinstitiúidí idirnáisiúnta eile, ón áit seo agus chun na críche seo, ina chuid lárnach dár straitéis nua freisin. 

 “Is leis an bpobal OÉ Gaillimh. Sa straitéis seo agus sa tréimhse seo, bainfimid úsáid as ár suíomh chun leasa na hÉireann mar institiúid atá bunaithe ar luachanna. Tá cuspóir ag baint lenár dtaighde, ár dteagasc agus ár rannpháirtíocht – ár gcuid mac léinn agus ár bhfoireann – agus músclaítear leo ár bhféiniúlacht, rud a chuireann go mór le hinbhuanaitheacht agus le forbairt an chultúir, na dtionscal cruthaitheach, na heolaíochta sonraí, na dteicneolaíochtaí leighis, na héiceolaíochta muirí agus ár ngeilleagair. Mar shampla, mar gheall ar ár suíomh tíreolaíoch ag an áit a mbuaileann an Eoraip leis an Atlantach Thuaidh, tá an t-eolas aeráide is féidir linn a bhailiú uathúil. Baileoidh an Ollscoil taighde aeráide dá réir sin ar mhaithe leis an gcine daonna. Beidh an Ghaeilge freisin i gcroílár straitéis agus struchtúir na hOllscoile, agus tuiscint againn ar a luach dár gcomhluadar,” a dúirt sé.

Leagtar amach sa straitéis freisin clár forbartha uaillmhianach, dar teideal “Ag Tógáil don Todhchaí”, ina mbeidh OÉ Gaillimh i gceannas ar an athrú ó bhonn a dhéanfar ar Ghaillimh agus ar Iarthar na hÉireann, le mórthionchar sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha do na glúnta atá le teacht. Áirítear leis seo tosaíocht a thabhairt do na nithe seo a leanas, mar shampla, bunaithe ar luachanna OÉ Gaillimh i gcoiteann:

Oscailte dár bpobail,

  • ceantar nuálaíochta nua, lena gcuimseofar campas cois abhann ar Oileán Altanach / Oileán an Iarla, ar forbairt í sin a chuirfidh dlús le hathnuachan uirbeach chathair na Gaillimhe agus
  • spás eiseamláireach cultúrtha agus taibhléirithe a thabharfaidh aitheantas do ról na hOllscoile mar institiúid chultúrtha náisiúnta agus don chion atá déanta aici do Ghaillimh mar chathair chultúir;

Ag léiriú ómóis dár mic léinn,

  • lóistín breise do mhic léinn ar an gcampas a bheidh inacmhainne agus inbhuanaithe agus
  • campas spóirt don todhchaí, ionad nua Spóirt Uisce agus páirc imeartha 3G a fhorbairt;

Cur le hinbhuanaitheacht,

  • prionsabail an dearaidh uilíoch a chur chun feidhme inár bhforbairt caipitil i ngach ceann dár gcampais, agus clár chun foirgnimh níos sine a aisfheistiú d’fhonn cur le rochtain fhisiciúil do chách agus
  • cur leis an nGlasbhealach idir Gaillimh agus Conamara, agus naisc níos fearr a fhorbairt do rothaithe agus do choisithe idir an campas agus an chathair;

Tiomanta do bharr feabhais,

  • leabharlann nua a mbeidh Ionad Foghlama inti a spreagfaidh agus a thacóidh le cineálacha nua foghlama agus rannpháirtíochta agus
  • saineolas na hOllscoile a chur chun feidhme, trí “Shaotharlann Chathrach” nua a chruthú, i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara réigiúnacha agus náisiúnta, chun feabhas a chur ar Ghaillimh agus ar an réigiún i gcoitinne mar áit chónaithe agus oibre.

Tá an Ollscoil dírithe chomh maith ar fhostaíocht in OÉ Gaillimh a bheidh cóir, cothrom agus cuimsitheach. Tá an Ollscoil tiomanta ina sprioc caighdeáin arda fostaíochta agus cothroime ag an obair a choinneáil agus a chur chun cinn dóibh siúd ar fad atá ag obair ar na campais éagsúla.

Tá ról ríthábhachtach na hOllscoile maidir le forbairt inbhuanaithe a sheachadadh mar chuid lárnach den straitéis. Tá Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDG) sínithe ag OÉ Gaillimh, a dhéanfaidh taighde agus teagasc a fhorbairt a thuilleadh chun díriú ar na SDGanna, agus oibrímid le chéile chun plean oibre uaillmhianach a fhorbairt a mbeidh sé mar aidhm aige neodracht charbóin a bhaint amach faoin mbliain 2030.

Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh: “Táimid anseo dár mic léinn agus dár sochaí, agus anois ní mór dúinn a bheith anseo dár bpláinéad chomh maith.  Aithníonn ár straitéis nua cé chomh criticiúil is atá an nóiméad seo agus, mar an ghlúin is mó atá faoi thionchar an athraithe aeráide, éilíonn ár mic léinn gníomhaíocht aeráide trínár dtaighde, ár dteagasc agus ár ról mar institiúid phoiblí.  Táimid múnlaithe go sainiúil ag ár luachanna, a tháinig chun cinn i gcomhairle lenár mic léinn, lenár bhfoireann agus lenár gcomhpháirtithe eile.  Cruthaíonn na luachanna sin an taighde a spreagaimid, an teagasc a roinnimid, an tacaíocht a thugaimid agus ár rannpháirtíocht sa domhan agus don domhan.  Mar a léiríonn dán Uí Dhireáin, tá currach lán éisc anseo, ag teacht chun cladaigh … san Earrach thiar.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories