OÉ Gaillimh ardaithe 21 áit i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS

Jun 10 2020 Posted: 08:21 IST

Tá an Ollscoil i measc an 1% is fearr áit i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS anois

Tá gaisce déanta arís ag OÉ Gaillimh i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS 2021 a eisíodh inniu (Dé Céadaoin, 10 Meitheamh), agus é ag bogadh suas 21 áit eile. Tá an Ollscoil anois sa 238ú háit i measc an 1,000 institiúid is fearr ar domhan. Deimhníonn an rangú seo seasamh na hOllscoile i measc scoth-institiúidí oideachais an domhain, agus í i measc an 1% is fearr d’ollscoileanna ar domhan, agus i measc an 20% is fearr i Rangú Domhanda QS. Sna ranguithe seo, is é OÉ Gaillimh an Ollscoil is airde ar an liosta i bPoblacht na hÉireann lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, agus tá sé rangaithe sa 100ú háit san Eoraip.

Ó 2014 i leith tá OÉ Gaillimh i ndiaidh bogadh suas 42 áit ar an liosta, agus tá ardú tagtha ar a rangú in ocht mbliana as na naoi mbliana roimhe seo. Tá OÉ Gaillimh ag déanamh gaisce sna ranguithe idirnáisiúnta i gcónaí, agus is léiriú é sin ar a fháiltiúla atá cathair na Gaillimhe agus ar an bpobal bríomhar atá sa chathair. I mbliana go háirithe, tá feabhas mór tagtha ar OÉ Gaillimh maidir lena cháil acadúil agus a cháil mar fhostóir go hidirnáisiúnta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, nuair a fógraíodh ranguithe QS na bliana seo: “Tá fáilte mhór roimh an bhfógra seo san am éiginnte seo, agus léiríonn sé tiomantas chomhluadar ár gcampais do na caighdeáin is airde inár gcuid oibre. Is croíluach straitéiseach de chuid OÉ Gaillimh é an barr feabhais agus tá sé mar aidhm againn meas a léiriú agus tacú le huaillmhian ár gcuid mac léinn agus comhaltaí foirne ionas go bhfuil ar a gcumas barr feabhais a bhaint amach ina gcuid oibre ar mhaithe lenár bpobail. Tugann oscailteacht agus éagsúlacht na hollscoile cumhacht dúinn agus muid ag cruthú naisc bhreise ar fud an domhain chun ár misean a chothú agus a neartú.”

San iomlán, tá ocht n-ollscoil in Éirinn luaite i measc an 1000 institiúid is fearr ar domhan. Mar ghrúpa, chuir gach ceann de na hocht n-ollscoil Éireannacha feabhas ar a scór maidir le Cáil Acadúil le dhá mhí dhéag anuas, rud a léiríonn go bhfuil béim níos mó ar chaighdeáin acadúla i measc an 102,000 comhalta foirne a ndearna QS suirbhé orthu.

Tá OÉ Gaillimh i ndiaidh a bhéim taighde a oiriúnú le cúpla mí anuas chun freagairt ildisciplíneach ar éigeandáil COVID-19 a chumasú, le modhanna solúbtha teagaisc agus foghlama ag déanamh éascaíocht dá phobal ar fud an domhain. Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh: “Tharraing ár bhfreagra ar an bpaindéim aird ar ár dtiomantas féachaint le chéile ar fud an domhain don rud atá ar leas an phobail agus táimid ag tnúth le dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn féin agus ár sochaí le crógacht agus le huaillmhian sna laethanta amach romhainn. Agus an domhan ag iarraidh an ghéarchéim seo a chur faoi smacht, atógáil ina diaidh agus foghlaim uaithi, tá ról na hacadúlachta agus infheistíocht san oideachas ríthábhachtach don iarracht dhomhanda, agus mar bhonn agus taca lenár dtiomantas do shláinte an phobail agus d’athmhúnlú ár ndaonnachta.”

Beidh na ranguithe ar fad le feiceáil ag www.TopUniversities.com.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories