Seolann OÉ Gaillimh Leagan Gaeilge de Chóras Cuardaigh na Leabharlainne

Jul 01 2020 Posted: 11:23 IST

Tá Leabharlann OÉ Gaillimh tar éis leagan Gaeilge dá Córas Cuardaigh Leabharlainne a sheoladh, catalóg leabharlainne den chéad ghlúin eile a chuimsíonn bailiúcháin chlóite agus ar líne na leabharlainne, mar chuid dá misean campas dátheangach den chéad scoth a chruthú i nGaillimh. Cuireann seoladh leagan Gaeilge den chóras ar chumas OÉ Gaillimh feabhas a dhéanamh ar an dóigh a dtacaíonn a cuid seirbhísí le mic léinn agus le taighdeoirí agus cuidíonn sé leis an Ollscoil a tiomantas a chomhlíonadh i dtaca le seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.

Cuireadh tús le Scéim Teanga na hOllscoile faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus is é is aidhm léi soláthar na seirbhísí Gaeilge san Ollscoil a leathnú. In 2019 thosaigh an Leabharlann ag oibriú i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Aistriúcháin na hOllscoile lena córas cuardaigh a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge chun deis a thabhairt do mhic léinn teagmháil a dhéanamh i nGaeilge le bailiúcháin na leabharlainne.

“Léiríonn seoladh leagan Gaeilge an fhearais chuardaigh tiomantas na hOllscoile i dtaca le tacú leis an ardoideachas i nGaeilge agus méadaíonn sé sásamh úsáideora i measc mac léinn agus taighdeoirí a labhraíonn Gaeilge. Cuirfear go mór le cumas ár gcuid mac léinn agus taighdeoirí a gcuid staidéar a dhéanamh agus oibriú san ardoideachas trí Ghaeilge de bharr deis a bheith acu córas cuardaigh na leabharlainne a úsáid i nGaeilge,” a deir Monica Crump, Ceannasaí na mBailiúchán i Leabharlann OÉ Gaillimh.

Mar aon leis an leagan Gaeilge a sholáthar do mhic léinn agus do thaighdeoirí OÉ Gaillimh, d’oibrigh Leabharlann OÉ Gaillimh i gcomhpháirtíocht le Exlibris leis na haistriúcháin Ghaeilge a chomhroinnt le hinstitiúidí eile, d’fhonn gur féidir leosan leagan Gaeilge an ardáin a sholáthar dá n-úsáideoirí.

“Ag teacht le luach straitéiseach OÉ Gaillimh mar atá oscailteacht agus ár dtiomantas don Ghaeilge taobh amuigh de OÉ Gaillimh, táimid sásta a bheith i gcomhpháirtíocht le Exlibris i dtaca leis na haistriúcháin a rinne ár seirbhís aistriúcháin a roinnt”, a deir Monica Crump.

Is féidir breathnú ar an leagan Gaeilge ag: http://library.nuigalway.ie/anleabharlann.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories