Tá Uachtarán OÉ Gaillimh ag moladh Spiorad Pobail chun Tacú le Riachtanais Lóistín na Mac Léinn

Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh
Mar 25 2020 Posted: 15:43 GMT

Dúshláin roimh mhic léinn go leor de bharr Éigeandáil COVID-19

D’iarr Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, ar úinéirí réadmhaoine oibriú i gcomhar leis an Ollscoil agus cion agus comhbhá a léiriú i leith mic léinn le linn éigeandáil COVID-19.

Rinne an Ollscoil an cinneadh go ndéanfar na ranganna agus na measúnuithe go léir a reáchtáil ar líne as seo go deireadh an tseimeastair.  Is in OÉ Gaillimh atá an líon is mó mac léinn ó thaobh scaipeadh tíreolaíoch de thar aon ollscoil sa tír agus moladh do mhic léinn filleadh abhaile ar a muintir féin le linn éigeandáil COVID-19.  I gcás roinnt mac léinn níl ar a gcumas filleadh abhaile, agus is cosúil go bhfuil fógraí díshealbhaithe tugtha do mhic léinn reatha.  Cé go dtacóidh reachtaíocht nua le mic léinn atá sa chás seo, tá cásanna ann freisin a bhfuil deacrachtaí ag cuid de na mic léinn a d’fhill abhaile de bharr gur fhág siad níos luaithe ná mar a bhí beartaithe, agus tá éarlaisí á gcoinneáil siar uathu. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh inniu: “Is tréimhse dhúshlánach í seo dár bpobal uile.  D’fhan go leor mac léinn i nGaillimh ag an am seo, mar go raibh orthu.  D’fhill go leor eile abhaile, mar go raibh orthu.  Tuigeann OÉ Gaillimh an tionchar atá ag COVID-19 maidir le cúram sláinte, cúrsaí sóisialta agus eacnamaíochta ar gach duine dár sochaí. Molaimid na tiarnaí talún a léirigh cineáltas den scoth dár mic léinn. 

“Is tréimhse í seo ina gcuimhneoimid ar an méid a rinneamar agus ar an gcaoi ar chaitheamar leis na daoine timpeall orainn. San fhadtréimhse, is ar mhaithe linn ar fad é go mbeidh clú agus cáil ar Ghaillimh mar áit fháilteach ina bhfuil meas ar chách.  Dá bhrí sin, iarraimid ar úinéirí réadmhaoine a bhfuil ár gcuid mac léinn ina dtionóntaí acu cion, comhbhá agus beagán solúbthachta a léiriú ag an am cinniúnach agus riachtanach seo.”

Tá lóistín campas na hOllscoile oscailte i gcónaí do mhic léinn a bhfuil orthu fanacht i nGaillimh, agus tá socruithe i bhfeidhm do mhic léinn a mbeidh orthu fanacht amach ón bpobal más gá dóibh.  

Chun mic léinn reatha a choinneáil ar an eolas faoi na forbairtí is deireanaí maidir le folláine agus tacaíocht, reáchtálfaidh an Ollscoil sraith seisiún Ceisteanna & Freagraí ar líne, ag tosú le ceisteanna maidir le lóistín.  Bí linn Dé hAoine, an 27 Márta idir 11am-1pm áit a ndéanfar do chuid ceisteanna uile a bhaineann le lóistín a fhreagairt ag https://nuigalway.pubble.io/app/preview/66049

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories