Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh

Saileog Ní Cheannabháin
Nov 30 2020 Posted: 13:47 GMT

Is cúis mhór áthais é d’Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a fhógairt go bhfuil Saileog Ní Cheannabháin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Is amhránaí sean-nóis, ceoltóir agus cumadóir í Saileog atá ag casadh ceol traidisiúnta agus ceol clasaiceach ó bhí sí an-óg. 

Is cainteoir Gaeilge ó dhúchas í a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is as Carna a hathair, an t-amhránaí clúiteach Peadar Ó Ceannabháin, agus is é Peadar an chéad fhonnadóir a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi. Chaith Saileog roinnt mhaith ama ó bhí sí an-óg ag éisteacht le fonnadóirí as Iorras Aithneach agus tá Seán 'ac Dhonncha, Sorcha Ní Ghuairim, Dara Bán Mac Donncha agus Josie Sheáin Jeaic 'ac Dhonncha i measc na bhfonnadóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi. Is veidhleadóir clasaiceach í a máthair, Úna Lawlor, agus is fonnadóirí agus ceoltóirí iad a deartháir Eoghan agus a deirfiúr Muireann. Sa mbliain 2012, d'eisigh Saileog an chéad albam dá cuid, I bhfíor-dheiriú oidhche, cnuasach amhrán a bhailigh Séamus Ennis in Iorras Aithneach sna 1940idí. Roithleán an t-ainm atá ar an dara albam a d'eisigh Saileog i 2016.

Chuir an Dr Méabh Ni Fhuartháin ó Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapachán: “Táimid thar a bheith  sásta go mbeidh Saileog Ní Cheannabháin linn mar amhránaí cónaitheach i mbliana. Tá Saileog ceangailte go láidir sa traidisiún saibhir thart uirthi. Is deis iontach é dosna micléinn agus dóibhsean ar fad a bheidh ag foghlaim uaithi anso san Ollscoil."

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Saileog go fíorúil san Ollscoil san Earrach 2021 agus arís sa bhFómhar agus beidh ceolchoirm mar chuid den ceapacháin ar siúl i nGaeltacht Chonamara sa samhradh 2021.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie

-Crioch-

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories