Lá Oscailte Fíorúil Fochéime ag OÉ Gaillimh

Oct 19 2020 Posted: 13:11 IST

Reáchtálfaidh OÉ Gaillimh Lá Oscailte Fochéime an Fhómhair Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair ó 12-4pm.

Is ócáid fhíorúil a bheidh anseo de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí reatha ach is eispéireas fairsing idirghníomhach ar líne a bheidh ann a thabharfaidh an deis do dhaltaí, do thuismitheoirí agus do chomhairleoirí gairmthreorach eolas a chur ar chúrsaí agus ar ghairmeacha) agus nascadh le foireann agus le mic léinn OÉ Gaillimh i rith an lae.

Le linn an Lae Oscailte beidh deis ag rannpháirtithe eolas a chur ar chúrsaí, ar ghairmeacha beatha agus ar sheirbhísí tacaíochta trí chuairt a thabhairt ar thaispeántais fhíorúla ina mbeidh 89 seastán fíorúil, áit ar féidir le cuairteoirí sonraí ábhartha a íoslódáil, féachaint ar fhíseáin, agus comhrá gréasáin a dhéanamh le hionadaithe na seastán. 

Cuireann OÉ Gaillimh os cionn 70 cúrsa fochéime ar fáil. Is féidir iad a fheiceáil ag na seastáin ábhartha agus ag na láithreoireachtaí beo ar líne freisin. Beidh na 45 cur i láthair beo i gcúig sheomra ag an am céanna agus moltar do chuairteoirí breathnú ar an sceideal roimh ré agus a lá a phleanáil. I measc na gcainteanna beo tá blaiseadh de réimsí leathana ábhair cosúil leis na dána, gnó, dlí, innealtóireacht, eolaíocht, leigheas agus altranas, chomh maith le blaiseadh beag de chúrsaí eile níos sainiúla. Tá cúrsaí nua a bheidh ag tosú in 2021 i measc na gcainteanna beo lena n-áirítear an Baitsiléir Eolaíochta nua (Eolaíocht Talmhaíochta) agus an Baitsiléir nua sna Dána (Meáin Dhomhanda).

Cuid lárnach d’aon lá oscailte is ea an deis cloisteáil ó mhic léinn reatha faoina dtaithí féin. Tosóidh an Lá Oscailte Fíorúil le plé painéil beo, ‘Guthanna na Mac Léinn: Ag ullmhú do Choláiste 2021’, áit a mbeidh mic léinn ó réimse disciplíní ag roinnt a gcuid leideanna maidir le cúrsaí a roghnú, tosú sa choláiste agus brú a bhainistiú.

Bhí an méid seo le rá ag Sarah Geraghty, Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana in OÉ Gaillimh: “Tá bliain dhúshlánach os comhair rang Ardteistiméireachta 2021 agus is é aidhm ár Lá Oscailte tacú le daltaí agus lena dtuismitheoirí agus iad ag tosú ag smaoineamh ar roghanna coláiste don bhliain seo chugainn. Tá súil againn go mbeidh neart eolais le fáil ag an ócáid dhinimiciúil seo a chabhróidh le daltaí díriú ar na deiseanna staidéir agus gairme atá rompu, agus ar an gcaoi ar féidir leo ullmhú anois dá saol ollscoile.”

Beidh ionadaithe ó sheirbhísí tacaíochta OÉ Gaillimh ar fáil freisin le labhairt le daltaí agus le tuismitheoirí agus beidh deis lóistín, iontrálacha, táillí agus ceisteanna eile gairmiúla agus tacaíochta a phlé ag seastáin ar leith. Cuirfidh an tIonad Rochtana eolas ar fáil faoi na bealaí iontrála éagsúla chuig oideachas tríú leibhéal cosúil le háiteanna do Mhic Léinn Lánfhásta, scéimeanna HEAR/DARE agus áiteanna QQI/FETAC Leibhéal 5. Beidh comhaltaí foirne ó Choláiste Ósta na Sionna agus ó Choláiste San Aingeal, Sligeach ar fáil ar an lá freisin.

Ní mór clárú roimh an ócáid chun rochtain a fháil ar ardán fíorúil an lae oscailte ag www.nuigalway.ie/opendays, nó seol ríomhphost chuig visit@nuigalway.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories