Seisiún Eolais ag OÉ Gaillimh faoi Chláir Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta

Apr 09 2021 Posted: 09:03 IST

Beidh seisiún eolais fíorúil ag OÉ Gaillimh dóibh siúd ar spéis leo an Clár Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta. Beidh an seisiún ar siúl Déardaoin, an 15 Aibreán, idir 7-8.30pm.

Cuirfear tús leis an bpróiseas iarratais don Chlár Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta i mí Aibreáin agus tabharfaidh an seisiún seo eolas faoi chúrsaí, an próiseas iarratais agus tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do mhic léinn ionchasacha atá 23 bliain d’aois agus níos sine.

Is ann don Chlár Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta chun bealach iontrála malartach chuig an oideachas tríú leibhéal a chur ar fáil do dhaoine ó chúlraí socheacnamaíocha nach ndéantar ionadaíocht sách láidir orthu ag an tríú leibhéal agus, ar chúiseanna éagsúla, nach bhfuil a bpoitéinseal iomlán oideachais bainte amach acu agus, dá bhrí sin, nach bhfuil an gnáthriachtanas oideachais is gá acu chun dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Tá sé mar aidhm ag cláir Rochtana OÉ Gaillimh tacú le mic léinn muinín a chothú iontu féin, ina gcumas acadúil, agus tacú leo barr a gcumais a bhaint amach.

Beidh ionadaithe ón Ionad Rochtana agus Comhordaitheoirí Cláir ar líne chun comhairle a thabhairt agus ceisteanna a fhreagairt agus tacú leo siúd ar mian leo an chéad chéim a ghlacadh chuig oideachas tríú leibhéal.

Dúirt an Dr Mary Surlis, Bainisteoir Sinsearach ar Ionad Rochtana OÉ Gaillimh: “Tá an timpeallacht teagaisc agus foghlama ar ár gcláir Rochtana bunaithe ar threoir agus tacaíocht a thabhairt dár gcuid mac léinn ag gach céim dá ndul chun cinn. Níl sé rómhall riamh d’uaillmhian a bhaint amach agus tá ár gcúrsaí deartha chun bunús láidir a thabhairt do mhic léinn atá ag filleadh ar an oideachas agus iad ag dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Táimid ag tnúth, mar is gnách, le cohórt nua mac léinn dár gcláir 2021/22.”

Chun clárú don seisiún eolais téigh chuig https://bit.ly/3uahrAq. Tá tuilleadh eolais faoin gClár Rochtana do Mhic Léinn Lánfhásta le fáil ar www.nuigalway.ie/access/mature-students

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories