Taighdeoirí ag Lorg Rannpháirtithe le haghaidh Suirbhé ar Phacáistíocht Bhia Mara

Aug 03 2021 Posted: 10:31 IST

Tá suirbhé seolta ag taighdeoirí in OÉ Gaillimh agus in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain chun tuiscint níos fearr a fháil ar eolas tomhaltóirí ar phacáistíocht bhia mara agus ar bhainistíocht a dramhaíola. Tá an suirbhé á dhéanamh go comhuaineach sa Spáinn agus sa Phortaingéil agus tá sé á stiúradh ag Institiúid Mara agus Atmaisféir na Portaingéile.

Tá Éire ar na tíortha a bhfuil na leibhéil is ísle iontu maidir le tomhailt bhia mara in Iarthar na hEorpa, agus tá treochtaí tomhailte le sonrú inti atá an-éagsúil le macasamhail tíortha eile. Cuir i gcás, is gnách go dtomhlaítear líon níos airde de bhia mara atá pacáistithe nó reoite ar an méan in Éirinn, san áit a dtomhlaítear bia mara úr i dtíortha Eorpacha eile. In 2017, measadh gurbh é 23 kg/capita an tomhailt bhia mara in Éirinn. Sa Phortaingéil, tá an ráta tomhailte is mó maidir le bia mara san Eoraip mar atá 57 kg/capita.

Bainfear úsáid as torthaí an tsuirbhé le cuidiú le tuiscint níos fearr a fháil ar na difir idir tomhailt bhia mara agus bainistíocht dramhaíola in Éirinn, sa Spáinn, agus sa Phortaingéil. Ar deireadh thiar, tacóidh na torthaí le polasaithe poiblí a fhorbairt, polasaithe a chuirfidh chun cinn an úsáid éifeachtúil as pacáistíocht bhia mara.

Is mar chuid de NEPTUNUS an staidéar seo, tionscadal i Limistéar an Atlantaigh atá á mhaoiniú ag Interreg a bhfuil d’aidhm aige tacú le forbairt na hearnála bia mara i limistéar an Atlantaigh (Éire, an Fhrainc, an Spáinn, an Phortaingéil, agus an Ríocht Aontaithe) trí bhíthin uirlisí le haghaidh éic-lipéadaithe agus straitéisí le haghaidh táirgthe agus tomhailte a fhorbairt.

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Eoghan Clifford, léachtóir sinsearach i gColáiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in OÉ Gaillimh agus príomh-imscrúdaitheoir NEPTUNUS: “Mar gheall ar na difir mhóra maidir le tomhailt agus cineál na dtáirgí bia mara a cheannaítear is féidir go mbeidh torthaí an tsuirbhé seo ina gcuidiú chun an bhearna eolais sna treochtaí a bhaineann le tomhailt bhia mara, iompar, agus eolas ar phacaistíocht bhia mara in Éirinn a líonadh. Beidh na torthaí seo úsáideach do lucht déanta polasaithe agus do thaighde amach anseo ar an gcaoi ar féidir le tomhaltóirí na hÉireann a n-iontógáil den bhia folláin seo a mhéadú agus cur lena dtuiscint ar phacáistíocht bhia mara."

Tá an suirbhé, ina bhfuil 25 ceist agus nach nglacann 10 nóiméad le líonadh ar fáil i nGaeilge: https://survey.ipma.pt/index.php/597922?newtest=Y&lang=ie , agus i mBéarla: https://survey.ipma.pt/index.php/597922?newtest=Y&lang=en

Le tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal téigh chuig www.neptunus-project.eu

-Críoch-

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide

Previous

Featured Stories