Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2021 fógartha ag OÉ Gaillimh

Dec 06 2021 Posted: 05:04 GMT

Onóir le bronnadh ag an Ollscoil ar an aisteoir Nicola Coughlan, ar Stiúrthóir Cliniciúil FSS, an Dr Colm Henry agus ar Rúnaí CLG Chonnacht, John Prenty

Tá céimithe OÉ Gaillimh i saol na n-ealaíon, an spóirt, na seirbhíse poiblí, na Gaeilge agus sa saol acadúil i measc iad siúd a mbronnfar Gradaim Alumni 2021 na hOllscoile orthu.

Tá seachtar iar-mhac léinn aitheanta i ngradaim na bliana seo, mar aitheantas ar a sármhaitheas agus a n-éachtaí aonair:

  • Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach – an t-aisteoir Nicola Coughlan
  • Gradam Alumni don Ghnó agus an Tráchtáil – Áine Ní Chonghaile, Stiúrthóir Europus, Scoláire Fulbright agus Údar
  • Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an Rialtas – Antoinette Cunningham, Ard-Rúnaí, Cumann Sháirsintí an Gharda Síochána
  • Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – an tOllamh Mark Costello, Ollamh le hÉiceolaíocht Mhuirí in Ollscoil Nord, an Iorua
  • Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – An Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Gradam Alumni don Rannpháirtíocht sa Spórt – John Prenty, Rúnaí CLG Chonnacht        
  • Gradam Alumni don Ghaeilge – Neansaí Ní Choisdealbha, Eagraí Ceoil agus Láithreoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “In OÉ Gaillimh, is ollscoil muid atá ar mhaithe le leas an phobail, le fís chomhroinnte, múnlaithe ag ár luachanna. Le 175 bliain anuas, tá oideachas curtha ag an Ollscoil seo ar chéimithe d’ardchaighdeán a raibh tionchar suntasach acu ina réimsí féin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Déanaim comhghairdeas le gach duine a bhuaigh gradam agus táim ag súil le fáilte ar ais a chur rompu chuig a n-alma mater in 2022.”

Mar gheall ar an bpaindéim, tá na gradaim bronnta cheana féin ar bhuaiteoirí na bliana seo. Tabharfaidh OÉ Gaillimh cuireadh dóibh filleadh ar a n-alma mater chun an gradam a cheiliúradh in 2022.

Tugann Gradaim Alumni OÉ Gaillimh aitheantas do shármhaitheas agus d’éachtaí i measc breis is 120,000 céimí de chuid na hOllscoile atá scaipthe ar fud an domhain ó cuireadh tús leo in 2001. Tá gradaim bronnta ar bhreis is 100 céimí den scoth a bhfuil tionchar suntasach acu ina réimsí féin, agus a bhfuil a n-alma mater fíorbhrodúil astu.

I measc na ndaoine mór le rá ar bronnadh gradam orthu tá Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn; an tOilimpeach Olive Loughnane; an laoch Rugbaí Ciarán FitzGerald; an t-aisteoir a bhuaigh Gradam Tony, Marie Mullen; an t-iarArd-Aighne Máire Whelan; Aedhmar Hynes, iar-Phríomhfheidhmeannach ar Text 100; agus Adrian Jones as Goldman Sachs.

Tá OÉ Gaillimh ag fógairt freisin go bhfuil Gradaim Alumni 2022 oscailte anois d’ainmniúcháin. Tabharfaidh na gradaim seo aitheantas do alumnus nó alumna a rinne éacht ina réimse oibre agus a bhfuil tionchar suntasach acu ina réimse féin.

Chun ainmniúchán a dhéanamh féach https://www.nuigalway.ie/alumni-friends/alumniawards/ nó seol ríomhphost chuig alumni@nuigalway.ie

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories