Déanann Staidéar Nua Iniúchadh ar Thionchar Covid-19 ar Chluichí Gaelacha in Éirinn i rith na Chéad Dianghlasála

Feb 08 2021 Posted: 12:30 GMT

Tá staidéar nua ar thionchar Covid-19 ar chluichí Gaelacha in Éirinn i rith na chéad dianghlasála foilsithe ag an Dr Seán Crosson, acadóir in OÉ Gaillimh agus an Dr Marcus Free, léachtóir i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh.

Tá an staidéar, dar teideal ‘“This Too Shall Pass”: Gaelic Games, Irish Media, and the Covid-19 Lockdown in Ireland’, san áireamh i mbailiúchán aistí nua, Time Out: National Perspectives on Sport and the Covid-19 Lockdown ina ndéantar cíoradh ar thionchar Covid-19 ar an spórt trí réimse leathan téamaí.

Is é an bailiúchán seo an chéad uair a ndeachthas i ngleic leis an ábhar seo ar bhonn acadúil agus san áireamh ann tá ailt ó chleachtóirí agus ó scoláirí idirnáisiúnta araon. Tá léargas cuimsitheach ann ar an gcaoi a ndeachaigh dianghlasáil Covid-19 i bhfeidhm láithreach bonn ar an spórt áitiúil agus náisiúnta i réimse leathan comhthéacsanna.

Agus é ag díriú ar an tréimhse tar éis an 12 Márta 2020 nuair a d’fhógair rialtas na hÉireann sriantaí tosaigh Covid-19 (agus nuair a cuireadh an liosta cluichí Gaelacha ar fad ar fionraí go gairid ina dhiaidh sin) chomh fada leis an 10 Bealtaine (dáta craolta chéad eagrán na bliana 2020 de “The Sunday Game” ar RTÉ), díríonn alt an Dr Crosson agus an Dr Free ar thionchar Covid-19 trí anailís a dhéanamh ar na dioscúrsaí a bhaineann leis na spóirt seo sna meáin.

Mar a bhí amhlaidh le spóirt eile sa domhan mór, líonadh na bearnaí a d’fhág an easpa cluichí ar an sceideal clár spóirt trí mhíreanna ón gcartlann a dhírigh ar na heachtraí sin a mhair i mbéal an phobail agus ar imreoirí cáiliúla ón am a caitheadh. Chomh maith leis an tsúil siar, aithníonn na húdair dhá phríomhthéama a bhí go mór chun cinn sna scéalta faoi chluichí Gaelacha a bhí sna meáin sa tréimhse seo.

Ar an gcéad dul síos, bhí fócas leanúnach ar an éifeacht thromchúiseach a bhí ar Chumann Lúthchleas Gael, ar a lúthchleasaithe agus ar na meáin spóirt náisiúnta nuair a cuireadh na cluichí ardleibhéil agus áitiúla ar ceal i rith shéasúr mór an Earraigh agus an tSamhraidh. Anuas air sin bhí an dara mórthéama ann, an ról lárnach a bhí ag an GAA freagra a thabhairt ar an ngéarchéim agus dioscúrsa an tsáraithe a chur in iúl, i gcomhthéacs dhúshláin an Chumainn féin agus shochaí na hÉ‏ireann trí chéile.

Seo mar a labhair an Dr Seán Crosson ó Scoil Scannán agus Meán Digiteach Huston, OÉ Gaillimh agus ceannaire an Ghrúpa Taighde Spóirt agus Aclaíochta in Institiúid de Móra: “Tugann cluichí Gaelacha fócas uathúil i mbailiúchán cosúil leis seo sa mhéid is gur spóirt amaitéaracha iad a dtugtar tosaíocht dóibh i bhféilire spóirt na hÉireann gach bliain, go meallann siad an líon is mó lucht féachana agus go bhfuil ról lárnach acu sa phobal.

“Tá an phaindéim tar éis aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá eagraíochtaí spóirt agus na meáin spóirt ó thaobh aisfhreagraí ar dhúshláin Covid-19 a éascú agus a spreagadh ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. I gcomhthéacs na hÉireann, meabhraíonn reitric na híobairte roinnte agus an fhéinsmachta choitinn a bhí le feiceáil sna chéad mhíonna de ghéarchéim Covid-19 dúinn ról uathúil an GAA mar eagraíocht amaitéarach atá fite fuaite le sochaí na hÉireann trí naisc teaghlaigh agus sóisialta na n-imreoirí, na riarthóirí, na n-oibrithe deonacha agus an lucht tacaíochta.”

Ba iad Jörg Krieger, April Henning, Paul Dimeo, agus Lindsay Parks Pieper a chuir an bailiúchán in eagar, agus is é Common Ground, an foilsitheoir acadúil idirnáisiúnta mór le rá, a chuir i gcló é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbailiúchán agus faoi chaibidil an Dr Crosson agus an Dr Free ar fáil ag an nasc seo a leanas, áit ar féidir cóipeanna den leabhar a cheannach chomh maith: https://bit.ly/36F7iSZ.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories